Bhí an aimsir go dona ó bhíos ag caint libh, a léitheoirí. Ní raibh an scéal chomh holc sin againne i gCiarraí, agus go háirithe i gCorca Dhuibhne. Is minic a bhí a ordóg ag gobadh amach ón scamall is ón ainnise ar na mapaí a bhí ar réamhaisnéis na haimsire. Bhí Mám Conrach agus Mám Ghleann na nGealt dúnta beagán laethanta, ach ní raibh aon sneachta ar na bóithre ó Abhainn an Scáil siar, ach beagán. Níor chuir sé isteach ná amach ormsa aon uair go raibh orm taisteal. Cé go gcaithim siúlaire a úsáid chun siúil ní haon dua agam tiomáint ach ní thiomáinim fós chomh fada le Maigh Nuad. An uair dheireanach a chuas go Maigh Nuad do chruinnithe den Choiste Comhairlitheach Um Ghaeilge sa Liotúirge; táim fós i m’ chathaoirleach air sin, cé gur chailleas roinnt cruinnithe le déanaí. Tá an editio typica tertia den Leabhar Aifrinn á aistriú go Gaeilge againn. Is deacair foireann mhaith a chur le chéile; ach, moladh le Dia, tá ionadaithe againn ó gach Gaeltacht. Táimid ar ár ndícheall ag iarraidh go mbeadh an leagan Gaeilge ar fáil chomh luath leis an leagan Béarla agus go mbeidh ceol againn ar Choitiantacht an Aifrinn ar a laghad. Tá súil againn ná cuirfidh lucht oifigí na Róimhe an oiread sin moille ar aitheantas a thabhairt dár n-iarrachtaí is atáid le Gnás an Adhlactha atá os a gcomhair ó 1997. Bead ag tiomáint chomh fada le Teampall an Ghleanntáin Déardaoin seo chugainn (11a.m., 11 Márta) mar a mbeidh an Canónach Mícheál Liostún ag feitheamh liom; tá seisean ar an gcoiste agus raghaimid araon, le cúnamh Dé, go Maigh Nuad ina ghluaisteán sin, in am don gcéad chruinniú ar 4p.m.
Táim ag súil le seomra en suite in aice leis an lárionad liotúirge.
Táimid ar ár ndícheall ag athnuachan fhoirgneamh an Dísirt. Bhí eagla orainn go gcaithfimis díon nua a chur ar an séipéal. Bhí an t-ádh linn gur tháinig an Chomhairle Oidhreachta ar cuaird chugainn agus i measc na mball bhí ailtire oilte agus le haon fhéachaint amháin fuair sé amach ná raibh de dhíth ar an díon úd ach aon slinn amháin a bhí briste, agus paiste den bhunlach go raibh druideanna ag dul isteach faoi agus cur isteach ar an bplástar. Bhí taise ar fhalla sa sanctóir dá bhfuil tíleanna marmair daite greamaithe agus bhí na tíleanna ar bogadh agus cuid acu ag titim ar an dtalamh agus á mbriseadh. Thit ceann anuas in aice liom uair agus mé ag rá Aifrinn. Fuaireamar amach gurb é ba chúis leis sin ná poll gránna a bheith i bhfánphíopa d’iarann múnla agus gan de dheisiú déanta ach blúire adhmaid a bhí greamaithe le sreang chréimirí. Deisíodh na lochtaí seo go léir, glanadh agus péinteáladh na fallaí agus an obair ghleoite adhmaid; glanadh na fuinneoga le scuaibín síoda. Dheineamar pointeáil ar na fallaí cloch go léir.
Toisc ná raibh go leor spáis againn do na mic léinn go léir a bhíonn againn bheartaíomar go ndéanfaimis seomra mór ranga de sheanchistin an chlochair agus an t-árasán a bhí taobh leis. D’éirigh linn sin a dhéanamh gan a lán moille. D’ainneoin go rabhas ábhairín amhrasach i dtaobh ar cheart dom é a cheadú, bheartaigh an bord go dtabharfaí ‘Ionad taighde agus teagaisc an Mhonsignóra Pádraig Ó Fiannachta’ ar an seomra nua. Tá sin ar phleaic práis ag an ndoras. Tá troscán breá sa seomra agus na háiseanna is nua-aimsire ann—an banda leathan, pointe cumhachta, agus clár bán. D’oscail an Gaeilgeoir díograiseach agus an cathróir bríomhar Proinsias de Priondargást an seomra ar an 7ú Eanáir agus bheannaíos féin é nuair nár fhéad an tEaspag Ó Murchú sin a dhéanamh le broid oibre.
D’éirigh le An Sagart roinnt leabhar a fhoilsiú le déanaí. Beathaisnéis bhríomhar le deoraí ó Bhaile an Lochaigh a ghabh an Mám Ó Dheas in aois a sé déag agus a thosaigh a dheoraíocht i gCabhlach na hÉireann agus nár stad den taisteal nó go raibh sé curtha faoi pósta le beirt chlainne i Melbourne na hAstráile an chéad cheann a luafainn. Is iontach mar a chuireann sé in iúl an seanshaol inar tógadh é agus an taithí bhríomhar saoil a bhí aige thar lear. Tá sciobadh ar an leabhar agus is gearr go gcaithfear cló a chur air arís d’ainneoin na géarchéime ina bhfuilimid; tá an dearadh agus na pictiúir go hálainn agus na líníochtaí le Tomás Ó Cíobháin ina maise ar leith.
Athchló a bhí i gceist leis an gcéad leabhar a d’fhoilsíomar i 2010, is é sin ‘Ar Muir is ar Tír’ le Maurice Mhuiris Ó Catháín. Instear sa bhfotheideal ar an leathanach teidil féin cad tá ann: ‘Caibidlí do Bheatha Mhuiris Uí Chatháin ón Oileán Tiar d’eachtraigh sé do Risteard Breatnach.’ Ba Risteard Breatnach a bhí ina ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh nuair a bhí filí Innti ina mic léinn ann; is é a d’éiligh go mbeadh blas maith sa teanga ag na filí seo; bhí sé dian faoi sin ach bhí toradh fónta ar a iarrachtaí. Is cuimhin liom an chéad uair riamh a bhuaileas le Michael Davitt, beannacht Dé leis, gur cheapas gur buachaill óg bríomhar ó Dhún Chaoin é. Dúirt sé liom gur ag lorg gabhair a bhí sé! Dheineas féin MA faoi R.A.B. mar a thugtaí air de ghnáth. Thug sé togha treorach dom agus is minic a thug sé cuireadh chun a thí dom agus a thug a bhean tae dom. Bhí eagla ar Risteard ná raibh go leor spéise agam i léitheoireacht leathan acadúil agus mhol sé dom uair saothar Arnold Toynbee a léamh. Thugadh sé a chlann óg go Baile na Rátha mar a mbíodh carbhán aige in aice le tigh Khrugir. Nuair a thánag abhaile tar éis sé seachtaine a chaitheamh sa Bhriotáin ag foghlaim na Briotáinise i 1962, bhuaileas i nDún Chaoin leis agus chaitheas tamall fada ag cur síos dó ar mo thuras ansúd. Mhol sé dom cur síos ar mo thuras a fhoilsiú. Níor dheineas an uair sin, ach as sin amach nuair a bhíódh aon aga fada le caitheamh thar lear agam scríobhainn cuntas chín lae agus is minic a d’fhoilsíos sin i bhfoirm leabhair bhig—Sciuird chun na Rúise, Ó Mhá go Fásach, Ón bhFuacht go dtí an Teas, Ó Chorr na Móna go Bangalore.
Níl ach 79 leathanach sa leabhar seo, ach tá cuntas bríomhar cruinn ar imeachtaí áirithe i saol Mhaurice Mhuiris. Ní laochscéal dála an Oileánaigh é, ná Scéal Rómánsach dála Fiche Blian, ná scéal ologónach dála Pheig é, ach tuairisc mhaol ar eachtraí i saol an údair, iad inste i nglan-Ghaeilge díreach mar a tharladar. Tá cúig chaibeadal déag sa leabhar faoi teidil mar ‘Iascach na nGliomach’, ‘Oíche in Imeall an Tubaiste’, ‘Sciurd soir thar Daingean.’ Mura bhfuil an leabhar gleoite seo cheana agat, faigh anois é. Níl air ach €8.
Mac le RAB is ea Pádraig Breatnach, Ollamh Sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid an Ard-Léinn, údar/eagarthóir an dara leabhair ‘I measc na nGearrcach is na gCearca Fraoigh’ ina bhfuil breis bheag leathanach thar mar atá sa cheann luaite romhainn—108, ach an praghas céanna air–€8. Tá clúdach álainn ar gach ceann acu—le Clíona Cussen, mura bhfuil dearmad orm, an pictiúr ar an gcéad cheann, agus le Bea Orpen
é siúd ar an dara ceann. Mar fhotheideal don dara leabhar seo tá: ‘Scéaltóireacht, filíocht agus mionseanchas ó Pharóiste Mórdhach, mar dhúthracht do Bhríd Bean Uí Mhuircheartaigh, Baile Uí Churráin, Eanáir 2010.’ Tá grianghraf álaínn de Bhríd agus a madra Rusty mar thulphictiúr anseo. Bhí an leabhar seo le bronnadh ar Bhríd ar a lá breithe agus í deich mbliana agus ceithre fichid, ach faoi mar a chuirtear in iúl ar leathanach XII
thit sí Lá Coille 2010 agus tugadh go dtí ospidéal an Daingin í mar ar cailleadh í Lá Nollag Beag. Fuair sí cuireadh na Nollag, beannacht Dé léi.
Chuathas ar aghaidh le foilsiú an leabhair agus seoladh é i seanscoil an Chuasa 26 Feabhra agus slua mór de mhuintir na háite, údair cuid de na haistí anseo agus a ngaolta ina measc. Deir an tOllamh Pádraig ar leathanach IX : ‘Nuair a chuas-sa a lóistín go Bríd agus Tomás Ó Muircheartaigh i mBaile Uí Churráin an chéad uair ar thóir na Gaeilge bhíos fós ar scoil. An bhliain 1965 nó 1966 ab ea é, creidim. Leagamar lena chéile ó thosach go ceanúil, is féidir a rá agus bhíos chucu arís an chéad bhliain eile agus ar feadh tréimhsí rialta as sin amach. Tá cuimhne agam ar an mbliain 1970 go háirithe. Mar mhac léinn i gColáiste Ollscoile Chorcaí bhí scoláireacht agam chun ráithe a chaitheamh sa Ghaeltacht ó dheireadh an Earraigh. Thugas sé seachtaine ag fanacht le Bríd is Tomás i mBaile Uí Churráin ar dtúis, agus an fhaid chéanna i dtigh mhuintir Lóndra (Julia agus Seán Landers agus Peaidí Landers) sa tSeantóir i nDún Chaoin ina dhiaidh.
Is é atá anso ná cúig dréacht fichead a thóg Pádraig ar théipthaifead ó ochtar, mná agus fir ina measc, de mhuintir Pharóiste Mórdhach an bhliain sin. Tá béaloideas de gach sórt anseo, scéalta, scéalta púcaí, dánta agus amhráin, agus seanfhocail is nathanna, orthaí agus paidreacha. Tá an chanúint á tabhairt slán agus an caighdeán mar threoir gan a bheith ina mháistir. Taispeáineann an méid a díoladh oíche an tseolta domsa go mbeidh stracadh ar an leabhar snasta seo.
Is ar éigean a d’fhéadfainn dul go dtí an cruinniú den Choiste Comhairleach um Liotúirge Gaeilge an Déardaoin seo caite ach gur dhein an tAthair Mícheál Listún socrú liom go dtiocfadh sé chomh fada le Teampall an Ghleanntáin im choinne agus go bhféadfainn mo ghluaisteán a fhágaint ansúd agus go raghaimis le chéile ina ghluaiseán san go Maigh Nuad. Bhí seomra en suite in áirithe agam mar ba dheacair dom déanamh gan an áis sin agus chomh ’mardaithe is atá mo chosa. Bhí turas breá againn ach do chuir léithe agus easpa fáis ar fheár, ar bhláth, ar thor as dúinn go mór; n’fheaca féin a leithéid riamh. Bhí gach éinne an-tuisceanach liomsa, ag oscailt doirse, ’om’ chomhairliú cá bhfaighinn leithreas agus nithe mar sin. Bhí na mic léinn a bhuail linn chomh béasach geall leis agus a bheimis féin fadó. Nuair a thánag go stua an uachtaráin thugas míniú ar an ainm a bhí ar le mo linn sa choláiste—Shakk’s Arch; Edmond Kissane ab ainm don Uachtarán, scoláire cáiliúil Bíobla, agus Eabhraise go speisialta. Shakk an Eabhrais ar Kiss, póg! Ní rabhas féin ag cruinniú den choiste le cúpla mí mar gur ghortaíos mo dhrom agus go raibh dhá théarma caite agam in ospidéal agus go rabhas fós gan lúth na gcos go hiomlán. Molaim na baill den choiste a bhí i láthair agus, mar chathaoirleach, impím ar na daoine ná raibh teacht agus ceart a gcanúna a chosaint anois agus gan a bheith ag gearán nuair a bheidh sé ródhéanach.
Tá ceol le cur lena lán téacsanna; tá an tAthair Pádraig Ahern ag soláthar ceoil do Ord An Aifrinn. Is trua nach bhfuil Ollamh le Ceol in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ós rud é go bhfuil sé chomh cóngarach do mhórfhoinse an Cheoil Ghaelaigh. Na mic léinn ó Chorca Dhuibhne ar mhaith leo céim sa cheol agus sa Ghaeilge, ní féidir leo sin a dhéanamh sa Ghaillimh. Thugas faoi deara gur go Maigh Nuad is fearr le mic léinn ó Chonamara, ar mhaith leo céim sa cheol agus sa Ghaeilge a dhéanamh, dul. Is trua mar sin nach mbeidh tarrac ar ár gceol féin oiread agus ba cheart ag an Leabhar Aifrinn le teacht. Tá’s againn cé ar a bhfuil an locht.
Tá leabhar nua eile ar fáil anois ó An Sagart .i. ‘An Réalt’ leis an Athair Séamas S. de Vál. Toisc go raibh an oiread sin baint ag an Athair Donnchadh Ó Floinn leis an eagraíocht spioradálta seo is grianghraf de atá ar an gclúdach tosaigh. Mar fhotheideal ar an leabhar seo tá ‘A Aidhmeanna agus a thionchar.’ Tá a lán pictiúr suimiúil anseo de ghrúpaí agus bhaill díograsacha den Réalt ó Thomás Ó Fiaich, Cairdinéal níos déanaí, go Liam Ó Maolchatha, Uachtarán ar feadh na mblianta, agus Séamas Ware atá ag scríobh dúinn fós. Caithfimid an leabhar seo a sheoladh i mBaile Átha Cliath nuair a oirfidh sin do na hiar-réaltóirí a bhfuil an oiread sin díobh san ardchathair. Má tá seo á léamh ag cuid acu, bheinn buíoch dá moladh sibh lá am agus láthair dom. Ba bhreá liom féin bheith i láthair agus oiread seanfhondúirí agus is féidir. Ní dóigh liom gur féidir liom tiomáint go BÁC ach tiocfad sa traen, le cúnamh Dé. Tá 147 lch sa leabhar, é leagtha amach go snasta ina sé chaibidil déag ag an údar agus seanphictiúir tabhartha chun solais chomh maith agus is féidir ag Caroline Ní Lúing mo chúntóir i dteicneolaíocht an eolais. I measc na gcaibidil tá: ‘Oide Múinte an Réalta’, ‘Gabhaigí Amach as an Seomra Uachtair.’
Beidh sciobadh ar an leabhar ina dhiaidh seo, ‘Caite le Chéile’, agus ní neosfad a thuilleadh daoibh mar gheall air ach gur saothar thar an ngnáth é.