Eolas / About


Bunaíodh an iris ráthúil An Sagart in 1957. Tá sé ar marthain fós. Nuair a bhí deacracht againn le foilsiú leabhar bheartaíomar córas foilsitheoireachta neamhspleách a bhunú faoi iomphrionta An SagartMise Agaistín leagan de Fhaoistiní Naomh Agaistín le Seoirse Mac Thomáis agus Pádraig Ó Fiannachta an chéad leabhar a fhoilsíomar, in 1967. Ó shin i leith tá chéad leabhar foilsithe againn. Baineann a bhformhór le Coláiste Phádraig Maigh Nuad agus le hOllscoil na hÉireann Má Nuad, e.g. Clár Lsí Gaeilge Mhaigh Nuad i – viiiLéachtaí Cholm Cille i – xxxviiiIrishleabhar Mhá Nuad – 2007Dán agus Tallann[sraith] 1-11, leabhair ar ghramadach, ar stair agus ar chritic ár dteanga agus ár litríochta e.g. Promhadh Pinn le Cathal Ó HáinleLéas agus Léas Eile ar ár Litríocht le Pádraig Ó Fiannachta. D’fhoilsíomar sraith léannta i mBéarla  ar feadh tamaill Maynooth Monographs ina raibh Pagan, Past and Christian Present in Early Irish Literature agusThe Early Irish Verb le Kim McCone agus A Guide to Ogam le Damian McManus.

Maidir le diagacht, d’fhoilsíomar a lán de leabhair an Bhíobla leo féin nó i gcnuasachtaí e.g. Na Leabhair Staire i, iiAn Bíobla Naofa, [i CD freisin]. Diagacht an Phobail i, ii.Gairdín an AnamaAn Leabhar AifrinnLeabhar Aifrinn an Phobail.

Níor dheineamar faillí sa nualitríocht. D’fhoilsíomar Féar SuaithiseachFeis, agus Cead Aighnis le Nuala Ní DhomhnaillFé Bhrat Bhríde le Bríd Ní MhóráinScreadfaidh na Clocha Amach le Míchéal de LiostúnAr Seachrán le Tomás O Cinnéide. TaispeánannTobar an Dúchais le hÓ Héalaí agus Ó Tuairisc agus Leabhar Mhaidhc Dháith le Máirtín Verling, ár meas ar an mbéaloideas.

Tá leabhair spéisiúla sa chló againn agus tá fáilte againn roimh leabhair, aistí agus litríocht chruthaitheach a chuirfí faoinár mbráid le foilsiú ach iad a bheith ar fáil go leictreonach agus i bhfoirm chrua.