Ní théann aon stad ar phleanáil thréadach. Tá gá le pleanáil agus beidh i gcónaí le freagra a thabhairt ar na hathruithe ar an saol inár dtimpeall. Tharla athruithe go tapaidh agus go bunúsach ar shochaí na hÉireann le daichead bliain anuas. Níor chóir go gcuirfeadh sé iontas ar aon duine go ndeachaigh sin i bhfeidhm ar an Eaglais.
Tá dúshláin mhóra romhainn mar dheoise agus mar pharóistí. Cheana féin tá leagan amach nua paróistí socair mar Réimsí Tréadacha, tá Comhairlí Tréadacha bunaithe ag libhéal Deoise, Paróiste, agus Réimse Tréadach. Tá an deochaineacht bhuan ar bun. Is é is dóichí go mbeidh, faoin am seo an bhliain seo chugainn, paróistí áirithe gan sagart ina chónaí iontu.
9ú Nollaig 1995 seoladh clár athnuachana Ar Aghaidh le Chéile le Dóchas
ag Tionól Deoise. Seolfar Plean Tréadach Dheoise Chiarraí, a leanann ón gclár sin ag Tionól Deoise 27ú Meán Fómhair 2009. Insíonn an plean fís, spriocanna agus tosaíochtaí ár ndeoise agus ár bparóistí sna blianta romhainn. Gné thábhachtach den phlean is ea páirtíocht na dtuataí. Ní beo i gceart don Eaglais gan tuataí gníomhach inti. Ní aon áibhéal a rá ná mairfidh an Eaglais in Éirinn gan tuataí gníomhacha tíolactha.
Is toradh é an Plean Tréadach ar chúrsa fada comhairleoirachta ar fuaid na deoise. Gabhaim buíochas ó chroí leo siúd go léir a thug lámh chúnta agus an clár cuimsitheach seo d’athnuachain ár ndeoise agus ár bparóistí á réiteach. Gabhaim buíochas le Comhairle Thréadach na Deoise a mheáigh agus a phléigh agus a thug moltaí ag gach céim dá fhorbairt. Teastaíonn uaim buíochas ar leith a ghabháil le baill Fhoireann Athnuachaint Thréadach na Deoise. Dá mhéid a bhí páirteach, níor lúide an dua sa chás seo mar chaith an fhoireann a lán ama i gcomhairle le grúpaí ar leith cléireach agus tuataí agus ag leasú an téacsa de bharr a moltaí sin. Ba mhaith liom buíochas a bhreith leis le Súsan Ní Bharóid ar son na buanna taighde agus saineolais lenar chabhraigh sí leis an bpróiseas.
Gnó mall dúshlánach ab ea an Plean Tréadach a chur le chéile. Beidh sé chomh mall agus chomh dúshlánach céanna é a chur i gcrích. Éileoidh sé comhar foirfe idir cléir agus pobal. Beidh páirt fíorthábhachtach ag na biocáirí seachtracha ar a bhfuil sé de dhualgas an plean a chur chun cinn ina Réimse Tréadach féin. Táim buíoch dóibh ar son an cúram freagrach seo a thógaint orthu féin.
Focal scoir: Ní hé sprioc phlean tréadach na deoise struchtúir a athrú, ná stuchtúir nua a bhunú. Is é is sprioc don phlean agus don athnuachaint a bheidh mar thoradh air ná Pobal Dé a neartú agus a chothú sa deoise seo i dtreo go gcreidfimid ó chroí, go ndearbhóimid ó bhéal, agus go dtaispeánfaimid ó ghníomh gurb é Críost ár nDóchas.
+ Liam Ó Murchú
Easpag Chiarraí.