Scéal an Oilithrigh. Alan Mac Eochagáin SJ a d’aistrigh. 157 lgh. Le léaráidí spreagúla le Michael Johnston. FÁS. 2009.
Is é atá anseo ná scéal Naomh Iognáid Loyola ina chuid focal féin ó goineadh é i gCath Pamplona in 1521 go dtí a chéad bhliain sa Róimh 1538. D’inis sé an scéal sin dá rúnai, an tAthair da Camara. Deirtear go raibh cuimhne thar na bearta aige siúd. Ní deachtú a bhí i gceist, ach nuair a bhíodh dréacht den chuntas cloiste aige théadh sé chun a sheomra agus scríobhadh sé nótaí den chuntas gan mhoill. Ina dhiaidh sin d’aithris sé an cuntas ina dhá chuid i Spáinnis sa Róimh do scríobhaí go raibh Spáinnis aige agus in Iodáilis i Genova do scríobhaí go raibh Iodáilis aige. Is féidir a bheith ag brath ar a théacs. Cuireadh leagan Laidine i gcló 170 bliain ina dhiaidh sin agus tá an leagan seo bunaithe ar leagan Spáinnise a foilsíodh in 1982.
Seachas leagan de théacs 1982 a chur ar fáil, líonann an tAthar Alan na bearnaí i mbeathaisnéis bhunaitheora Chumann Íosa, roimh Chath Pamplona agus ina dhiaidh agus ansin sa Róimh ó 1539 nó gur cailleadh é in 1556 agus ord nua bunaithe aige agus míle ball ann agus iad leata ar fud a lán den domhan cheana féin.
