Is cuid lárnach iad leanaí dár misean agus dár ministreacht i ndeoise Chiarraí. Cruthaíodh gach leanbh ar íomhá agus ar dheilbh Dé agus tá sé de cheart aige / aici éisteacht, oideas agus cosaint a fháil go grámhar sábháilte. Tá cosaint agus cúram de dhíth ar gach leanbh agus sin ní amháin óna dtuismitheoirí agus óna gcaomhnóirí ach ó gach duine a gcuirtear iad faoina gcúram. Ar an dtuiscint sin dhréachtaigh an Coiste Cosanta Leanaí polasaithe agus nósa imeachtaí. Tugann siadsan treoir faoi chúram leanaí agus iad páirteach in imeachtaí éagsúla a bparóiste.
Beirim buíochas ó chroí leo siúd inár bparóistí a chaitheann, le barr féile, a gcuid ama agus a dtallainn leis na ministreachtaí agus na himeachtaí róthábhachtacha seo ar mhaithe le leanaí agus an óige. Tá sé de mhuinín agam go mbeidh na beartais atá á gcur i bhfeidhm againn ina maise ar thaithí na leanaí agus n-óg inár bparóistí agus ina gcabhair ag a dtuismitheoirí agus a gcaomhnóirí agus iad ag tógáil a gclainne i ngrá agus in aithne ar Chríost.
+ Liam Ó Murchú
Easpag Chiarraí
___________________________________
Cosaint Leanaí i nDeoise Chiarraí
Cad tá á dhéanamh ag Deoise Chiarraí chun leanaí a chosaint?
Cé atá ina bhun?
Conas tá tusa gafa leis?