Ráiteas faoi pholasaí na deoise um chosaint leanaí.
Tá deoise Chiarraí ag iarraidh dea-scéal Chríost a chur in iúl níos iomláine trí adhradh, sheirbhís agus fianaise. Dá réir sin tá an mhinistreacht le leanaí agus óige na deoise á múnlú ag trí luacha den Soiscéal: fírinne ceart agus grá.
Tá meas ag deoise Chiarraí ar pháirtíocht na leanaí agus na hóige i liotúirgí agus in imeachtaí a chabhraíonn lena bhforbairt spioradálta, fisiciúil, móthálach agus sóisialta agus tacaíonn leo. Tuigimid agus caomhnaímid dínit agus cearta na leanaí agus na hóige go léir. Glacaimid leis mar dhualgas tacú le leanaí agus iad a chosaint i slí a chuireann a ndínit dhaonna agus a n-ionracas mar chlann Dé chun cinn.
Dá bhrí sin cuirimid romhainn a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh chun timpeallachtaí sábháilte a sholáthar do leanaí agus don óige agus a gcosaint ó dhroch-úsáid nó faillí fhisiciúil ghnéasach nó mothálach.
Tá sé glactha mar chúram ag Deoise Chiarraí uirthi féin na céimeanna seo leanas a thabhairt:
- ceart bunúsach an linbh chun cosanta ó dhíobháil a léiriú
- leanaí agus an óige a mhuirniú agus a chaomhnú
- an cleachtas is fearr a chothú
- freagracht a thaispeáint trí struchtúir éifeachtacha a bhunú
- cabhrú le heagrais agus le feidhmeannaigh na hEaglaise agus iad i mbun cosanta leanaí
- cleachtais shábhailte earcaithe agus scagtha a bhunú
- códa iompair a leanúint
- imeachtaí sábháilte a sholáthar do leanaí agus a chinntiú gur féidir leo foghlaim, imirt agus guí i dtimpeallacht shábháilte fholláin.
Cé hIad?
An Coiste Cosanta:
An tAth. Gearóid Breatnach Cathaoirleach
Mgr. Dónall Ó Ríordáin Biocáire Ginearálta
Bridie Cronin Comhordanóir oiliúna i gcosaint leanaí
Fred Garvey Teagascóir i gCosaint Leanaí
Mick Smith
Shelia Goulding Ionadaithe Pharóiste
An tAth. Seoirse Ó hAodha Dlíodóir Canónta
John Murrihy Sáirsint Gardaí ar scor
Dochtúir
Siceolaí Cliniciúil
Aturnae
Tá an coiste seo freagrach i bhforbairt leanúnach polasaí agus sna cleachtais is fearr a bheith á bhfeidhmiú i ngach paróiste.
Tá beart déanta maidir le gach gearán, treoir agus moladh atá faighte ag an ndeoise faoi chosaint leanaí.
Tá an obair seo faoi urraíocht An Bhoird Náisiúnta um chosaint leanaí.
Na hOifigigh Ainmnithe
An tAth. Pádraig Breatnach
Baineann an tAth. Pádraig le Paróiste Naomh Eoin, Trá Lí. Ceapadh é le déanaí ina Oifigeach Ainmnithe do dheoise Chiarraí. Má bhíonn fadhb agat faoi chosaint leanaí nó más mian leat tuairisc a thabhairt faoi líomhain téir i gcomhairle leis an Ath. Pádraig Breatnach [087-63621780]
An tAth. Seán Ó Cuinleáin
Is é an tAth. Seán Ó Cuinleáin an Leas-Oifigeach Ainmnithe.
Comhordanóir do Chosaint Leanaí
Bridie Cronin
Is í Bridie Cronin an Comhordanóir Oiliúna i gcosaint leanaí. Múinteoir bunscoile ar scor í Bridie. Rugadh i mBaile Uí Thaidhg í ach tá cónaí uirthi i gCill Airne. Chuir sí críoch ar a hoiliúint i gCosaint Leanaí agus sa Chleachtas is Fearr i gColáiste Phádraig Maigh Nuad in 2006. Tá breis is céad ionadaí Paróiste oilte aici i gcomhar leis an Iar-Phríomh-Cheannfort, Fred Garvey, Teagascóir i gCosaint Leanaí.
Cé go bhfuil a lán oibre ag dul le post deonach Bridie, tugann sé an-sásamh di na córais a fheiceáil ag obair. ‘Ní fhéachaim siar, ’a deir sí, ‘ach ar aghaidh amháin ar na treoracha seo, a chosnaíonn leanaí, á gcur i bhfeidhm’.
Ionadaithe Paróiste
Mick Smith agus Shelia Goulding
Is é gnó an Ionadaí Paróiste ná Cosaint Leanaí in eagrais eaglasta a chur chun cinn trí chur leis an aird a thugtar do Chosaint Leanaí agus eolas faoi a scaipeadh, rud a chinntíonn sábháilteacht agus sonas na leanaí.
Bleachtaire Garda ar scor é Mick Smith. Bhí sé gníomhach i bParóiste Naomh Bréanainn mar a bhfuil sé ina Mhinistir an Bhriathair le blianta fada. ‘Nuair a iarradh orm a bheith i m’ionadaí paróiste, thuigeas gan mhoill a thábhachtaí a bhí an cúram. Tá áthas orm go bhfuil an dícheall is dual dó á chaitheamh leis seo.’
Is múinteoir bunscoile i gCill Airne í Sheila Goulding. Tá sí gníomhach in imeachtaí a pobail. ‘Táimíd ag braith ar ár leanaí. Tá clann orm. Oibrím le leanaí agus dá réir sin tuigim agus tá meas agam ar ghnó an Ionadaí Paróiste’.
Sonraí an Pholasaí agus na gCleachtas ar fáil ag dioceseofkerry.ie
TUSA
Seicliosta Chosaint Leanaí do do Pharóiste
- an bhfuil baint agat le heagras eaglaise e.g cór, freastalaithe Aifrinn nó grúpa liotúirge?
- má tá, an bhfuil ráiteas pholasaí cosaint leanaí ag d’eagras, nósa imeachtaí agus códanna iompair do leanaí agus d’aosánaigh a oibríonn leo?
- an bhfuil tú eolach ar Ráiteas Polasaí na Deoise faoi Chosaint Leanaí?
- an bhfuil Ráiteas Polasaí na Deoise feicthe agat ar taispeáint? Má tá, cén áit?
- an bhfuil aithne agat ar ionadaithe do pharóiste ar an gcoiste cosanta?
- ar scaip ionadaithe do pharóiste ar an gcoiste cosanta eolas faoi chosaint leanaí ort:
mar dhuine a oibríonn le leanaí?
mar thuismitheoir linbh atá páirteach in eagras eaglasta?
- an bhfuil sé soiléir duit cé leis ar cheart duit teagmháil má bhíonn imní ort faoi leanbh?