Litir Ón Iodáil

Ní cuimhin liom cathain a bhuaileas le Davide mar is iomaí duine a thagann an treo sa Díseart. Cheapas gurbh fhiú an litir shuimiúil seo a chló le súil go spreagfadh sí léitheoir nó dhó chun na Sean-Ghaeilge a fhoghlaim agus ná beadh lucht léite na Nua-Ghaeilge aineolach ar fad ar an gcéad teanga choiteann a scríobhadh in Iarthar Eorpa. Tá an dara eagrán leasaithe de mo leabhrán féin, Sean-Ghaeilge gan Dua, ar fáil fós agus á úsáid sa Chathair inar cailleadh Dónall Ó Conaill agus a bhfuil an plaic álainn ina chuimhne ar fhalla an tí inar cailleadh é. Tugaim anseo leis an litir scríobhas mar fhreagra ar Dháibhín.


Pádraig Ó Fiannachta.

888888888888888888888888888888888888888888888888888888888

Davide Sivero
Via San Quirico,111/6
16163 Genova,
Italia


A Athair, a chara,

Is mise do chara Iodálach a bhfuil spéis mhillteanach agam i gcultúr, stair agus teanga na hÉireann. Cén chaoi a bhfuil tú? An cuimhin leat mé? Tá mise go maith agus tá mo mhic, leanbh bliana, Andrés, agus leanbh seacht bliaina d’aois, Tomás, go maith freisin. Chuaigh mé féin, mo chéile agus ár mac is sine, Tomás, go Naomh Séamas sa Ghailís an tseachtain seo caite agus cheannaigh mé ruidín duit… Tá sé sa chlúdach seo. Ba mhaith liom a fhiafraí díot an bhfuil graiméir agus foclóirí Sean-Ghaeilge scríofa as Gaeilge nua-aimseartha ann agus cén áit a bhféadfaí iad a cheannach. Ag súil nach bhfuil mé do do chrá, tugaim míle buíochas amach ó mo chroí leat.

Go mbeannaí Dia duit,

Davide.

An Díseart
An Daingean
Trá Lí
Co. Chiarraí
Irlanda
10-11-09

A Dháibhín, a chara,

Céad fáilte roimh do litir. Tugann tú misneach dom. Chaith mé dul ar scor ón bparóiste nuair a shroicheas an aois 80 bliain. Táim beagnach 83 anois. Bhí an Díseart bunaithe agam agus tá árasán agam ann anois agus tá a lán deisiúcháin déanta againn ar an bhfoirgneamh. An chéad uair eile a bheidh tú féin agus Tomás, Aindrias, agus do chéile in Éirinn caithfidh tú cúpla lá in aice liom sa Daingean agus tabharfaidh mé roinnt ceachtanna daoibh go léir sa tSean-Ghaeilge trí Nua-Ghaeilge le cabhair mo leabhair Sean-Ghaeilge gan Dua. Tá cóip de leis seo. An bhfuil cead agam do litir álainn a chur i gcló in An Sagart, cóip de anseo leis. Tá suíomh idirlín agam, www.ansagart.ie. agus seoladh pof@ansagart.ie.

Má scríobhann tú chugam arís inis dom conas a bhuail mé leat. Níl mo chuimhne chomh maith sin anois. An dtaitníonn an Ghaeilge a chuir mé ar Davide leat?

Bhíos i Genova roinnt bhlianta ó shin ar oilthireacht ar chosán Columbano chomh fada le Bobbio. Trí sheans chonac an plaic ar fhalla an tí ina bhfuair Dónall Ó Conaill bás i 1847 ar a shlí go dtí an Róimh.

Guím beannacht Dé, Mhuire agus Phádraig agus Bhríd oraibh go léir.

Le barr grá,

Pádraig Ó Fiannachta.

Leave a Comment

Please note: Comment moderation is enabled and may delay your comment. There is no need to resubmit your comment.