Mo chrá ’gus mo chiach! An chliar ar dhil leo an dán,
Táid leis na cianta claoite nó imithe tar sáil,
Na sár-fhir a b’aoibhne ’na luí sa chill arna mbás
Is gan ábhacht ina n-oídhrí ’s iad neamh-oilte ’na gceard.
Mo chás goirt gur shéalaigh an éigse nuair d’imigh na sáir,
Aogán ’gá raibh éifeacht i ndéanamh agus tinfeadh an dáin,
An Clárach dar chomh-ainm Dónallach ón ngil-Eanach, Seán,
Agus ceardaí na mbréithre, má ba réic é, ba bhinne den dámh.
An lá nár mhór d’Eoghan, an binn-guth a ráim,
I mbláth a óige fós dó, dul ar ionchaibh an bháis,
An dán i laige do thit is b’ionann don amhrán
Nó fágadh a sliocht gan cumas gan tuiscint go brách.
Mo chás fós gur bréag-fhilí d’éalaigh isteach ina n-áit,
Is ba ghránna an t-éitheach gurb éigeas duine acu a rá.
Sin ábhar go nglaoim ar aos nua an ghliogair im’ dháil
Scairdigh gan téagar agus slaodairí ’s a n-aiseag ina ngláimh.
Dá mb’áil le héinne in Éirinn inniu é a rá
Gur fearr mar fhile aon duine a rugadh i spás
Ábhall na n-aoiseanna i ndiaidh na mbilí a ráim,
Taispeánadh sé an t-aontas idir a dhéantús ’s a fhriotal ’s ionspioráid.
Is fánach an t-aor a dhéinid i bhfriotal gan cáim
’s is gnáth go mbéicid gan séimhe nó sioscaid a ngráin,
Agus an lá a dtéid ag saothrú liric an ghrá
Is náireach a mbréithre, agus a mbéala gan binneas gan bláth.
’S an tráth seo mairimid is measa fós ár riocht mar atá
Is an báire ag éigsíní véirsíní gan pioc acu le rá,
A dtáirgí gan cló ceart is gan dóchas go dtiocfaidh siad slán
’s an lomlán acu breá sásta le leamhdhásacht. Mo chrá!
Gearóid Ó Clérigh
An bhfuil éinne a fhreagródh an méid seo?