Nótaí ón bPáirc - Pádraig Ó Fiannachta

Ní bheadh ar mo chumas an gnáthshórt ailt a scríobh faoin teideal seo an uair seo mar chaitheas formhór an ama in ospidéal. Thugas dhá thuras ar an Bons i dTrá Lí, an chéad turas mar gur thugas stracadh dom’ dhroim agus mo mhála beag taistil a thógaint as cúl mo ghluaisteáin agam tar éis dom freastal ar chruinnithe an Choiste chomhairlithigh um théacsanna liotúirge i nGaeilge tráthnóna Aoine. Níór bhuail an phian mé go dtí lár na hoíche an Mháirt ina dhiaidh sin. Bhí an phian go dona. D’éirigh liom mo chnaipe éigeandála a bhrú agus ba ghearr go raibh cabhair chugam. Fuair mo dhochtúir leaba dom sa Bons i dTrá Lí agus otharcharr le mé iompar ann. Fuaireas pianmhúcháin a mhaolaigh mo phian ach ní raibh aon fhaoiseamh buan. Bhí formhór na péine im’chromán agus im’ chos chlé ach bhí an deasóg ag gearán chomh maith. Fuaireas cromán clé nua trí bliana déag ó shin agus cheapas ar dtús gur ansan a bhí an díóbháil déanta. Lárna mhárach nocht xghathú ná raibh aon ní bun os cionn ansúd ach n’fheadar an fhoireann leighis cá raibh an díobháil déanta. Chaitheas coicíos san ospidéal gan aon fheabha s poinn a dhul ar bhaill. Ach aon oíche amháin agus mé ag casadh go pianmhar sa leaba, tharla gur luigh mo dhrom ar shlí ar leith agus bhí deireadh leis an bpian mhór. Chaitheas tamall beag ina dhiaidh sin i dTeach Banaltrais Chaitlín Nic Amhlaoimh. Bhí ar mo chumas siúl le siúlaire go luath agus ansin le bata. D’fhilleas abhaile go dtí m’arasán sa Díseart.agus luíos isteach le mo ghnáthobair, ag foilsiú, ag spreagadh, ag treorú mo dheisceabal ar chosán an léinn dhiaga agus dhúchais. Bhí ár gceardlann scríbhneoireachta cruthaithí ag treabhadh léi agus an dara leabhar de fhómhar na ceardlainne sin á réiteach don chló, Criathar Meala. Ansin tharla rud a chur isteach ar mo shaol. Thánag abhaile ó thuras go Cathair a’ Treantaigh tráthnóna breá fómhair agus ar mo dheasc chonac cárta agus teachtaireacht ón Athair Tadhg Ó Scolaí, ‘director of educational initiative’ Ollscoil cháíliúil Notre Dame, Indiana sna Stáit Aontaithe. Bhí díomá air ná rabhas istigh roimhe. Bhí uimhir a theileafóin shoghluiaste ina charta. Ghlaos air agus dúirt sé liom go raibh sé díreach gafa trí Lios Póil ar an mbóthar go hInis mar go raibh sé ag filleadh go Notre Dame in eitleán ar 9a.m. Chas sé timpeall agus tháinig ar ais anseo. Bhí plé fda againn ar an tslí a d’fhéadfadh an Ollscoil úd dul i bpáirtíocht ar shlite áirithe leis an Díseart ós rud é go raibh misean an dá institíúid chomh gaolmhar le chéile—diagacht spiordáltacht agus ár gcultúr Éireannach a thaigheadh, a scagadh agus a chur chun cinn. Chuir sé in iúl dom an spéis atá ag Notre Dame sa Ghaeilge agus inár saoithiúlacht—450 mac léinn ag déanamh cúrsa sa réimse.

Sular fhág sé an tSionna chuir sé e-litir fhada chugam ag súimiú éirim ár bplé. Bhí freagra agaam dó le casadh leictreonach. Ba ghearr go raibh cuireadh agam ón Athair Tadhg, ach níor éirigh linn dátaí a d’oirfeadh dúinn araon ar feadh tamaill. Shocraíomar ar an tseachtain 2-9 Samhain. Fuaireas mo thicéad fillte. Ach inseann an dán fada leadránach seo romham conas a tharla.

Leave a Comment

Please note: Comment moderation is enabled and may delay your comment. There is no need to resubmit your comment.