An Sagart Geimhreadh 2009

Geimhreadh 2009

An Sagart ISSN 0791-3575 Iml. 53 Uimhr.4

Iris Chumann na Sagart

Eagarthóir P. Ó Fiannachta

Síntiús bliana don iris €15, agus é sin le híoc don bhliain le teacht ar 1ú Eanáir. Is féidir an síntiús a chur go dtí an tEagarthóir, An Sagart, an Daingean, an té is bainisteoir freisin faoi láthair. Bíonn foighne ag an mbainisteoir de ghnáth agus ní chuireann sé ordú ar ceal gan scéala a fháil nach mian leis an síntiúsóir an iris bhocht a fháil. Níl ach 501ar ár liosta seoltaí anois. Cuir aistí, litreacha etc. go dtí An tAth. P. Ó Fiannachta, An Sagart, An Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, e-phost pof@diseart.ie. Cuir cóip de d’alt ar aghaidh mar cheangaltán más mian leat nó ar dhlúthdhiosca. Microsoft Word is fearr leis an eagarthóir. Cuir cóip chrua mar aon leis an e-chóip más furasta sin. Dhéanfadh fiú lámhscríbhinn an gnó, ach gur breis dua sin don eagarthóir. Ba bhreá leis an eagarthóir breis a chlos ó chraobhacha Chumann na Sagart ar fud an tíre. Bheadh fáilte ar leith roimh ghrianghrafanna daite tógtha fiú ag ceamara seanaimsire. Níl go leor ábhair á chur chuige leis ó choistí Ghlór na nGael. Ba ghnáth ráithe i ndiaidh ráithe, tuairisc ar thionsnaimh nua le Glór a bheith á dtuairisciú san iris seo sa seanam; agus scaiptear cóipeanna di ar rúnaithe na gcoistí i gcónaí le súil go mbeadh an t-eolas sin ina chabhair agus ina spreagadh ag daoine eile. Chuir a lán daoine spéis bhreise san uimhir dheireanach den Sagart mar go raibh an oiread sin faoi Ghlór ann agus go deimhin faoi Chumann na Sagart chomh maith.

Leave a Comment

Please note: Comment moderation is enabled and may delay your comment. There is no need to resubmit your comment.