Oct 26
Féile na Samhna sa Díseart
Posted by admin in Uncategorized on 10 26th, 2009| | No Comments »
Seolfaidh Pádraig Ó Fiannachta an leabhar Criathar Meala

Seolfaidh Pádraig Ó Fiannachta an leabhar Criathar Meala

Oct 6
Nótaí ón bPáirc
Posted by admin in An Sagart Fómhar '09 on 10 6th, 2009| | No Comments »

Beifear ag brath cuid mhaith ar imeachtaí a bhaineann leis An Díseart agus imeachtaí náisiúnta in áit imeachtaí logánta pharóiste an Daingin as seo amach san aiste rialta seo. Táim im’ chónaí in árasán ar urlár na talún sa Díseart féin anois. Cheapas go mbeadh sé réidh dom nuair a d’éiríos as an gcúram tréadach ar an 19ú Iúil 2007, ach b’fhada fós go raibh agus chuaigh an costas ó €65,000 go 240 míle sara raibh sé réidh. Agus chosain an t-ailtire €30,000 d’ainneoin na seirbhíse míshásúla sin. Ach ní árasán aonair a bhí i gceist, ach an dara ceann os mo chionn in airde atá fós gafa ag ball de chuallacht Bhaile An Mhuilinn d’Ord na Toirbhirte. Tá seomra cuairteora en suite againn araon. Ina theannta sin go léir tá seomra ar fáil don Stiúrthóir Spioradálta mar ar féidir leis anam-chairdeas a chleachtadh le daoine ar spéis leo dul i gcomhairle leis. Tá an tAthair Séamas Mac Síthigh againn anois mar Stiúrthóir Spioradálta. Chaith sé daichead bliain i ndeoise Learpholl ina shagart cúnta agus ina shagart paróiste agus na deich mbliana deireanacha ina oide spioradálta i gcliarscoil mhór Ushaw agus ag cabhrú san am céanna le séiplíneach Ollscoil Durham agus ag staidéar na spioradáltachta san ollscoil chéanna, rud ná féadfadh sé in aon choláiste de Ollscoil na hÉireann. Thug sé leis go dtí an Díseart, taobh lena oifig a leabharlann breá Spioradáltachta. Tá cúrsaí á reachtáil aige do mhuintir na dúiche agus go háirithe do mhuintir an pharóiste. Tá sraith chainteanna ar Naomh Pól ag teacht chun críche ag deireadh an Mheithimh, sraith ina raibh an tAthair Bearnard Ó Héalaí, sagart óg cúnta an Daingin, páirteach leis an Athair Séamas. Beidh sé ag cabhrú mar oide faoistine agus eile sa Loch Dearg i gcaitheamh mí Iúil agus ag tabhairt aire faoi leith do dhream  ón Daingean atá le dul ann i gcaitheamh a bhiaiste ann.

    Ós rud é go bhfuil comaoin chomh mór agus chomh fial bronnta ag Ord na Toirbhirte ar an Díseart sa Daingean tuigeadh dúinn go mba cheart cuimhneachán fónta ar a saothar ar son phobal Chorca Dhuibhne ó 1829 nuair a tháinig cúigear faoi cheannas na Siúrach Ní Lonargáin ’on Daingean nó gur fhág an chuallacht an Daingean blianta beaga ó shin. Ní múineadh sa bhunscoil agus níos déanaí sa mheánscoil a bhunaíodar amháin a bhí ar siúl acu ach ag fóirithint ar na boicht, na hainniseoirí agus go háirithe orthu siúd gur luigh an Gorta Mór agus an calar a lean é orthu. Cailleadh cúigear ban rialta le linn an Ghorta. Dheineadar a ndícheall leis fostaíocht do chailíní agus do mhná óga a sholáthar trí cniotáil agus cróisé a mhúineadh agus áiseanna oibre agus gnó a chur ar fáil dóibh. Níos déanaí ná sin chuireadar ceol, agus cór agus ealaín chun cinn. I measc na mban rialta a chaith a ndícheall le ceol a mhúineadh lasmuigh den chúrsa scoile bhí an tSiúr Séarlas Nic an tSaoir ó Bhaile Beag, Ceann Trá. Bhí san fós ar siúl ag an tSiúr Caoimhín Potts den chlann cháiliúil i mBaile Átha Cliath nuair a thána-sa ’on Daingean i 1993. Bhí sé mar mhana aici ‘Níl sa saol seo ach Ceol agus Urnaí, Urnaí agus Ceol.’ Go raibh sí páirteach i gceolta na n-aingeal sna flaithis. Nuair a bhí sé ceadaithe dóibh bheith páirteach níos mó i saol paróiste ghlacadar páirt le fonn sa Léigiún Mhuire, i gCumann Naomh Uinseann de Pól, Sna Réadóirí, sa Choiste Liotúirge, i gCúram Aosánach Chorca Dhuibhne etc. Bhí fáilte i gcónaí i gClochar Naomh Seosamh  roimh lucht déirce agus bhí cistin agus seomra cluthair bídh réidh dóibh.

      Sheachadar dúinn spiorad Nanó de Nógla (1714-1784) agus sin é an tslí gur féidir le An Díseart le cabhair obair dheonach brú ar aghaidh gan a bheith ag brath ar dheontais i gcúinsí eacnamaíochta na linne. Bheartaigh Bord an Dísirt ‘Seomra Nanó’ a sholáthar ag cur saol agus saothar Nanó i láthair. Bhí taithí againn ar an múrphéintéir idéalach, Eileanóir Buitléir Yates le deich mbliana, ó thug sí a céad turas ar Éirinn, ar Shligeach ar dtús agus ansin ar Chorca Dhuibhne. Tá nithe ar nós ‘Fís na Deoise’ i Seomra Cruinnithe an Pharóiste, Muire agus Íosagán in Aragal na Naomh-Shacraiminte, Scrín Fatima, agus athnuachan a lán dealbh i dtithe ár bparóisteánach curtha i gcrích aici cheana féin sa Daingean. Nuair a bhí an dlaoi mhullaigh á cur aici ar a cuid oibre ar Scrín Fatima tháinig an tAthair Sharpe CSSp go raibh eaglais mhór tógtha aige sa Ghaimbia in Iarthar na hAifrice, ’on Daingean ag lorg múrealaíontóra chun an eaglais sin a mhaisiú go cuí. Chaith sí sé mí ansúd amuigh agus thaispeáin sí video dúinn dá saothar turas eile gur tháinig sí an treo. Bhí Easpag shéiplínigh fórsaí armtha talún, aeir agus farraige Mheirice farainn ag ceiliúradh an Aifrinn agus ag beannú scrín Fatima. Agus ná feaca sé a mhana féin, ‘cuir mise’ i nGaeilge sa scríbhinn timpeall na deilbhe!

        Bheartaigh Bord an Dísirt go mbainfí feidhm as múrealaín Eileanóra chun saol agus saothar Nanó de Nógla a cheiliúradh agus Dia a bhronn an grá Dé agus grá comharsan chomh fial uirthi a mholadh. Nuair a chuala Eileanóir é sin chrom sí ar gach leabhar agus aiste ag baint le Nanó a léamh agus aithne a chur uirthi. Fad a bhí obair eile ar siúl aici bhíodh sí ag faire amach do chuspaí don obair. Tá, mar shampla, deirfiúr aici pósta i bhFirenze agus beirt iníon aici-se. Chaith sí tamall saoire ón nGambia ina teannta agus thuig sí go mbeadh an deirfiúr seo go maith mar chuspa do Nanó ag baint taitnimh as saol sóisialta Phárais. Ina theannta sin d’éirigh léi grianghrafanna de chóiste gleoite den saghas a bhí sa bhfaisean an uair úd i bPáras a fháil sa Piazza Vechio. Istigh ansin atá an chéad phictiúr mór de Nanó le cúlra Phárais.

      Idir an dá linn ghlac Eileanóir le coimisiún ó ghrúpa sa Taighleann (Thailand) le maisiú a dhéanamh ar dhá shéipéal bheaga i láthair iargúlta. Ní raibh an obair go léir déanta aici nuair a chuaigh a pas ar ceal; chaith sí dul thar abhainn isteach go dtí an Chambóid chun go bhféadfadh sí cur lena cead fanacht sa Taighleann. Bhí sí páirteach leis sa mhúrphictiúr is mó i Meiriceá, in Omaha Nebraska; stair Omaha atá léirithe ann; tá sé 22,000 troigh cearnach, agus toisc a cumas ceannaithe a phéinteáil bhí an-éileamh uirthi cinn a chur ar a lán cabhlacha a thairring daoine eile ach a d’fhágadar faoi Eileanóir a cheannú.

       Timpeall ráithe ar fad a chaith Ealanóir ag obair ar an seomra, mí a déarfainn ag beartú agus dhá mhí ag péinteáil. Nuair a tháinig sí ar dtús agus gur dhein sí scrúdú ar an bhfoirgneamh cheap sí gurb é an halla fáilte an láthair ba oiriúnaí. Ní oirfeadh sin don Díseart féin. Mhol na húdaráis an halla mór léachta, proinnteach an chlochair roimhe seo. Ní raibh na toisí cearta, toisí an mheáin órga, ag an seomra seo a dúirt Eileanóir. Trí sheans ansin treoraíodh isteach í i seomra ranga taobh leis an séipéal ainmniúil. A luaithe a d’fhéach sí timpeall tuigeadh di gurb é seo an áit, seomra na cuallachta sa chlochar roimhe seo agus seomra léachta anois. Bhí a soláthar péinte fágtha  sa Díseart aici ón uair dheireanach a bhí sí anseo. Gabhann seomra en suite leis an dá árasan sa Díseart agus fuair sí bheith istigh sa cheann íocht-arach; bhí sin tábhachtach di mar gur óna 11am go dtí 3am lá arna mhárach is gnáth léi péintéireacht, go háirithe sa tráthnóna agus as sin ar aghaidh. Ní maith léi cuairteoirí le linn oibre cé nuair a tharlaíonn sin in aghaidh a tola bíonn sí muinteartha fáilteach. Ar feadh a lán den am bhíodh glas ar an ndoras aici ach, b’fhéidir, nuair a bheadh falla nó radharc mór curtha di aici. Uaireanta agus an inspioráid á tiomáint thagadh trálach ar a lámh dheas agus thosnaíodh sí ar phéinteáil leis an gciotóg. Bhí stráicí de Bhrat Bhríde agamsa tar éis Lá ’le Bríde agus chuireas timpeall caol a láimhe é anois agus arís.

    Bhí deacracht leis an bhfalla thiar ar a bhfuil trí fuinneoga agus taise laistigh ar an bhfalla. Bheartaigh sí dá bhrí sin na radharcanna ar an bhfalla sin a phéinteáil ar chanbhás agus táthán ar leith a chur ar an bhfalla len iad ghreamú de. Sa phainéal idir dhá fhuinneog tá busta de Nanó a phéinteáil, de réir an tseanchais, Séamas de Barra, péintéir ón Linn Dubh i gCorcaigh. Tá spás faoina bhun sin do phictiúir agus do ghrianghrafanna a bhaineann le cuallacht an Daingin. Fágtar faoi na siúracha a rogha féin a sholáthar. Tá grianghrafanna anseo de chuid de na radharcanna, agus fágaim faoi na léitheoirí a mbreithiúnas a thabhairt orthu.

Bíonn Féile againn i gcónaí Oíche Shain Seáin, ag ceiliúradh Breith Eoin Baiste agus ghrianstad an tSamhraidh. Bíonn an príomhimeacht againn i mBaile Riabhach. Tosnaíonn sin le turas Thobar Mhanacháin i ngort le Tiús Mac Gearailt a chuireann fáilte romhainn agus a réitíonn, le cabhair a chomharsan, an tine chnámh agus a chuireann córas iompair ar fáil do iomardaithe suas i gcoinne an chnoic go láthair na tine agus anuas arís.  Bíonn fáilte chun a thí do chóisir le bia deoch, ceol agus amhráin  ina dhiaidh sin.

Beartaíodh go mbeadh an chuid sin ina chlabhsúr ar ‘Fhéile Nanó Nagle 19-23 Meitheamh’ i mbliana. Thos-naigh sin 7p.m. Dé hAoine le cuirm cheoil den scoth le ‘Ceoltóirí Óga Chorca Dhuibhne’ faoi stiúir Mháire Ní Bheaglaí. Ba bhreá a bheith ag éisteacht le cailín óg Síneach agus buachaill óg Guatamalach ag spalpadh Gaelainne agus ag bualadh poirt go breá muiníneach. Thug T.P. agus Pádraig cur síos ar imeachtaí na Féile agus ar adhmeanna agus ar nádúr obair an Dísirt do mhuintir na háite agus d’eachtrannaigh, do mhic léinn ollscoile ó Mheiriceá go háirithe. Bhí bróisiúr nua ar fáil don ócáid, é dhá theangach lándaite. Tá an téacs ann tugtha inár ndiaidh.

Bhain an Satharn le cúrsaí leabhar agus foilseachán leis An Sagart. Bhí iaruimhreacha den iriseán ar fáil in aisce agus cuireadh in iúl an spéis atá ag daoine i ngach aird den tír agus thar lear sna haistí ann. Bíonn an uimhir reatha ar ár mblog inár suíomh idirlín–www.ansagart.ie. An tráthnóna sin sheol Pádraig binnbhriathrach Ó Niallagáin an tríú cló de Léim an Dá Mhíle/Jesus in Dingle. Natalie Trump ó Uachtar Stáit Nua-Eabhrac a chuir an leagan Béarla ar fáil; Frances Boland a dhear an clúdach agus a thairring na pictiúir gualaigh agus an clúdach; Pádraig, an t-údar, a sholáthraigh na grian-ghrafanna daite agus dhá cheann breá a tógadh ó ingearán Pháidí Uí Shé. Bhí sciobadh sa sladmhargadh ar an leabhar seo ach ní raibh aon lascaine i gcás leabhair nua; chosaíonn sé seo €10.

Bhí an bainisteoir agus foireann an tí istigh agus amuigh sna gairdíní gnóthach ag ullmhú do cheiliúradh an Domhnaigh. Bhí Tobar Seosaimh le cur ar tinneall, lena inneall, a phíopa uisce, a chlúdach gloine agus a sholas le féachaint síos isteach ann. Bhí slacht ar chosáin agus ar  phlásóga glasa féir agus laistigh bhí sciomradh agus glanadh agus áiseanna bídh do chúpla céad duine ar a laghad a d’fhanfadh do bhéile. Bhí caora orgánach ón bPaideac le rósta agus na céadta pláta scian is forc is gloine le bheith réidh; chaithfi Plean B a bheith ullamh sa chás go mbeadh sé ag báisteach nó fiú ina thuile mar a tharla sa Bhun Beag, go gcabhraí Dia agus ár stát leo.

Bhailigh an pobal isteach go luath don Aifreann Dé Domhnaigh. Sheinn Eoin Ó Duígeannáin agus Peadar Ó hUallaigh, beirt iarbhaill de ‘na Géanna Fiáine’, an tsraith cheoil Lumina a chum Eoin faoi inspioráid ó fhuinneoga Harry Clarke i séipéal an Dísirt, san eaglais roimh an Aifreann. Lean iompar na gcuimhní míosa chun na haltóra i rince bríomhar grástúil a rincdhearaigh an tAthair Tomás Ó hIceadha agus a chuir dosaon cailíní ó bhunscoil an chlochair i láthair le barr maise. Bhí an Canónach Tomás Ó Luanaigh agus an tAthair Séamas Mac Síthigh ag comhcheiliúradh an Aifrinn leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta. Líon an séipéal de phobal dúthrachtach gealgháireach. Aifreann Uí Riada is mó a canadh agus bhain an tÁr nAthair crioth as na frathacha. Bhí sé ar eolas ag gach éinne ar ndóigh. I dteannta an chóir a bhí go binn sollúnta mar is gnáth chan beirt chailíní ón mbunscoil an salm loinneogach go corraitheach agus buíon díobh iomann nua do Nanó. Bhí baint ar leith leis an gclochar leis na haosánaigh a ghabh páirt sna searmanais, ministirí an bhriathair agus na heocairiste. Níor thug an príomhcheiliúraí de sheanmóin ach cúpla focal a rá i dtaobh ceangal an tsoiscéil faoin stoirm ar Loch na Gailíle le cúinsí na heaglaise agus an tsaoil inniu agus ansin glaoch ar an tSr. Máire de hÓra ó Bhaile an Fhirtéaraigh de chuallacht Thrá Lí chun aitheasc a thabhairt ar shaol agus ar shaothar Nanó, rud dhein sí le slacht.

I bpaidreacha an phobail guíomar go háirithe ar son Siúracha na Toirbhirte ar fud an domhain  agus ar shlí faoi leith ar a son siúd a tháinig inár measc in 1829 agus iad siúd go leir a ghuigh agus a shaothraigh do na boicht agus na hainniseoirí agus do mhuintir uile an Daingin agus Chorca Dhuibhne ó shin. Ghuíomar ar son an Phápa agus na hEaglaise go gcuirfeadh Dia a bheannacht ar ár n-iarrachtaí Íosa a chur in aithne don saol agus a ghrá a chur ar lasadh inár gcroí le sinn a spreagadh chun fóirtheana ar bhoicht, ar iomardaigh agus ar imeallaigh. Ghuíomar leis go spreagfadh na cúinsí crua eacna-maíochta sinn chun iarrachtaí breise oibre le nach iad na boicht agus an gnáthdhuine a bheidh síos le dearmaidí an chinsil. Go raibh dóchas agus misneach againn ag tabhairt aghaidh ar na deacrachtaí atá romhainn. Mar seo a labhair Gaeilgeoir:‘Guímis go mbeadh Nanó Urramach ina solas againn ar chosán grá Dé agus na comharsan agus go leathfadh sí beann dá brat ar gach éinne inár measc atá á gcrá ag cora an tsaoil.’ Chualamar cúpla lá roimhe sin go raibh Comhluadar Camphill inár measc i gcruachás agus go bhfuil ag teip orthu an fhorbairt a bhí pleanálta a chur i gcrích agus ghuíomar go díocra go dtiocfaí i gcabhair orthu. Nuair a bhí an tAifreann thart bhí an mórshiúl in eagar cheana féin agus níor bhog éinne chun siúil ach buíonta eagartha an mhórshiúil.

Suas linn ar dtús tríd an ngeata bán i dtreo reilig na mban rialta agus an chéad deichniúr glórmhar, an tAiséirí á reacadh go bríomhar againn.Chanamar an Salve Regina do na siúracha go léir atá ina luí go socair faoi scáth an fháidhbhile álainn iontaigh a leathann a ghéaga ag clúdach gach orlach den reilig. Ar aghaidh linn isteach sa bhfoirgneamh agus in airde staighre, thar dhoras  an tséipéil go seomra Nanó. Le heagla brú níor ligeadh ach daichead nó mar sin isteach sa seomra fein ach bhí sárchóras fuaime againn a chraol na cainteoirí agus na himeachtaí ar fud na ngairdíní lasmuigh. Cuireadh an tSr. Siobhán Ní Shúilleabháin, ó Bhord Ceannais an Oird i Mainistir Eimhín in aithne agus thug sí aitheasc soilbhir a d’oir don ócáid. Bheannaigh an Mgr. Pádraig Ó Fiannachta Seomra Nanó ansin. Thosaigh sin le réamhrá mar leanas: ‘Dia is Muire dhaoibh! Fr. Dia  is Muire dhaoibh agus Pádraig agus Nanó! Fáilte romhaibh go léir ó Cheann Slé go Firenze agus Maine na Stát Aontaithe. Fáilte ar leith roimh gach éinne a chabhraigh chun an ócáid seo a réteach, an tSr. Siobhán Ní Shúilleabháin atá ag déanamh uanaíochta ar Mháthair Ghinearálta Ord na Toirbhirte, an tSr. Terri Ábraham, Siúracha na Toirbhirte atá anseo go líonmhar, muintir an pharóiste agus Chorca Dhuibhne, Foireann an Dísirt faoi cheannas TP, an Bord agus iad seo a d’oibrigh go dícheallach.’ Thagair sé ansin do chion Íosa ar leanaí agus dá áiteas cáiliúil Ligigi do na leanaí teacht chugam agus cuir bac orthu óir is leo siúd ríocht na bhflaitheas.Ghuigh sé go mbeadh spiorad Nanó beo bríomhar inár measc inniu, spiorad a chinnteoidh cúram  grámhar do gach leanbh, don bhocht, agus don mháchaileach. Go dtuga áille ealaíne an tseomra seo ardú meanman dúinn agus léas leochaileach ar áille Dé agus na bhflaitheas. Chuir sé clabhsúr ar a achainíocha leis na focail seo: A Dhia na Glóire, a fhoinse na maitheasa agus na háille, cuir do bheannacht ar an seomra seo, agus ar gach duine a thugann turas air agus mhachnaíonn ar shaol agus shaothar Nanó agus lucht  leanta a hidéil sa Domhan Toir agus sa Domhan Tiar faoi threoir a gCeannasaí Terri Abraham ó Kherala na hInde a ndúradh Aifreann dá deartháir Seosamh i séipéal an Dísirt go luath maidin athrú inné. Go dtaga beannacht Dé +an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh oraibh go léir agus go bhfana faraibh go deo.

Croitheadh uisce coisrcthe ar an seomra agus ar an bpobal agus d’fhág Pádraig an seomra le caoi a thabhairt do mhalairt buíne teacht isteach agus don chéad drom dul amach sa ghairdín nó go seomra an IT mar a raibh físeán ar Nanó agus a hOrd á thaispeáint.

Stad Pádraig i mbéal an phríomh dorais, ar an gcéim is airde agus a ghuala le hursain, a mhicrafón ina lámh, agus ghlaoigh sé ar Bhetsy Ní Shuibhne ó Chúil Aodha má bhí sí i láthair. Chaith Betsy blianta ag múineadh le siúracha na Toirbhirte i Luimneach agus tá an-chion aici orthu. Chuir sí dán álainn chugainn don ócáid agus cheapamar gur chóir é a reacadh ag an bpointe sin. Dhein Pádraig é sin go poiblí. Tá sé i gcló inár ndiaidh.  Bhí sé socair ag na seifeanna an fhleá fhulachta (barbeQ) a bheith lasmuigh d’ainneoin an cheobhráin a bhí ann níos luaithe ar maidin, agus go deimhin b’fhearr an beagán scamall a bhí os ár gcionn ag ithe ná scaladh gréine a dhófadh sinn. Lean na freastalaithe agus na cócairí deonacha orthu ag róstadh na caorach agus ag leagadh agus ag cóiríú na mbord agus imeachtaí cultúir ar láthair eile sa ghairdín scópúil tosaigh.

Bhí Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Ghlór na nGael, an Dr. Íde Ní Uallacháin, iarscoláire BA, MA, agus Dochtúireachta Phádraig, tagtha le Gradam Ghlór na nGael a bhronnadh air ar an ócáid seo, cothrom 56 bliain a oirnithe ina shagart freisin. Léigh Íde díleagra moltach dó ag lua a shaothar léinn agus a dhíograis le fada mar chathaoirleach ar Ghlór na nGael óna thúsú. Is trua leis a dúirt sé ina fhreagra nach bhfuil An Daingean chomh bríomhar i nGlór na nGael agus a bhí nuair a bhuaigh sé an craobh náisiúnta in 1981 agus gur chum Seán Learaí Ó Cíobháin an dán dá chuid ina thaobh atá i gcló inár ndiaidh. Chomh maith leis an trófaí bhí duais airgid de £5,000 an uair úd (£50,000 inniu). Is mó ná sin b’oth leis gur chúis aighnis is mó ná cúis aontais an Ghaeilge i gCorca Dhuibhne le tamall, ach anois tá reiteach againn moladh le Dia a scríobhann go díreach go minic lenár línte cama. Go raibh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ina lóchrann d’Inis Fáil ar fad.

Bhí béile blasta ag cúpla céad duine, agus blas breá nádúrtha air agus blas milis toisc go raibh sé in aisce mar a bheadh αγαπη, rud go raibh taithí againn i bhFéile na Farraige fad a bhí ar ár gcumas ár n-iasc féin a bheith againn agus Iasc de Brún á riar orainn go fial.

Eileanóir Buitléir Yates  i Seomra Nanó

Eileanóir Buitléir Yates i Seomra Nanó