Jan 30
Leabhair Nua
Posted by admin in Earrach 2009, Leabhair on 01 30th, 2009| | No Comments »

Irisleabhar Mhá Nuad 2008

ISBN: 1 903896 49 5

ISSN: 0791-4709

Costas: €12

Tá aiste bhreá anseo ag Nollaig Mac Congáil ar stair bhunú Scoil Samhraidh an Daingin, ceann eile le hEoghan Ó hAnnracháin i dtaobh Naomh ó Éirinn san Eoraip. Ina Chuimhní Cinn VI, tá P. Ó Fiannachta ag caint ar a chéad thréimhse mar shagart cúnta i gCoimrí. Ina aistí a bhaineann le stair eaglasta, tá cuntas athchumair beacht ar Mhainistreacha Cisteirseacha san Oirdheisceart ag Séamas S. de Vál. Tá grianghrafanna maisiúla ar na clúdaigh agus laistigh. Tá filíocht ilghnéitheach anseo freisin. Cuid di ó Dhámhscoil Mhúscraí 2008, dornán ó Ó Fiannachta féin agus dúntar an iris le dán suaithinseach le Maria Ní Mhurchú, buaiteoir chnuasach an Oireachtais 2008.

Catalóg An Sagart

ISBN: 1 903896 47 9

Costas: €12

‘Buíochas le Dia,’ a déarfaidh a lán daoine go bhfuil catalóg do fhoilseacháin An Sagart. Bhí deachrachtaí áirithe ag baint lena chatalóg mar chaitheadh an tAthair Ó Fiannachta an stór leabhar a bhí fágtha aige féin mar bhainisteoir nuair a bhí sciar faighte ag ÁIS a thabhairt leis pe áit ina seoladh an chinnúint é. Ba iomaí áit a bhí i gceist agus fós ta éideimhne ag baint le leabhair ar leith a bheith ar fáil nó gan a bheith. Tá an chatalóg seo deartha go slachtmhar agus an t-eolas is déanaí atá ar fáil i dtaobh na leabhair curtha os comhair an tsaoil.

Jan 21
Féile Bhríde 2009
Posted by admin in An Sagart, Earrach 2009, Leabhair, féilte on 01 21st, 2009| | No Comments »

Beidh Féile Bhríde 2009 ar siúl sa Díseart ón 30 Eanáir go dtí an 1 Feabhra. I measc na n-imeachtaí beidh léacht Seanchas Bhríde á thabhairt ag an Dr Pádraig Ó Héalaí. Beidh dhá fhoilseachán nua leis an Sagart, Irisleabhar Mhá Nuad 2009 agus Catalóg An Sagart á sheoladh freisin. Beidh ceardlann filíochta oscailte le Pádraig Ó Fiannachta ar an Satharn agus beidh sladmhargadh leabhar An Sagart ar siúl sa Díseart ar an Aoine (an 30ú) agus an Satharn (an 31ú). Tá an clár iomlan le fáil thíos:

 

Dé hAoine 30 Eanáir

8 pm: Seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2009 agus Catalóg An Sagart le sladmhargadh leabhar An Sagart. Beidh sólaistí ar fáil.

9:30 pm: Léacht: Seanchas Bhríde leis an Dr Pádraig Ó Héalaí

Dé Sathairn 31 Eanáir

2:30 pm: Ceardlann filíochta oscailte leis an Mons Pádraig Ó Fiannachta fara le ceol agus amhráin le sladmhargadh An Sagart. Beidh sólaistí ar fáil.

Dé Domhnaigh 1 Feabhra

4 pm: Dáileadh agus beannú na gcros agus na mbrat; taispeántas agus beannú ealaíne agus ealaíontóirí, beannú síl agus torthaí na talún. (Ar siúl i séipéal an pharóiste)

 

Fáilte roimh chách