An Cuireadh go Dámhscoil Mhúscraí 2009
Fáilte agus fiche go Dámhscoil Mhúscraí
Roimh baird agus éigis lucht léinn is filí.
Fágaíg bhur mbuartha, bhur mbrón is imní
Is bíodh caidreamh bhur gcarad ag ardú bhur gcroí.
Fáilte roimh an ógra, cailíní is buachaillí.
Fáilte roimh an ngasra ó Chathair Chorcaí
Fáilte roimh na geaingiléirí ó Chontae Chiarraí
Fáilte roimh na sluaite ó bhailte Mhúscraí.
Beidh ceist chrosta chealgánta ó pheann an rúnaí
Le suaitheadh, le freagairt, le háiteamh teasaí
Cé ná beidh baol ann go raghfar chun dlí
Agus sé breitheamh an aighnis an scartadh gáirí.
Beidh lucht raidió is páipéar is an uair seo TV
Ag snapadh is ag alpadh dánta is dréachtaí.
Beidh Betsy is an bhantracht ag réiteach cóir bídh
A shásóidh gach éinne gan bhagairt gardaí.
Caoineadh do Dhónall Ó Liatháin
A cuireadh i Reilig Ghobnatan 10-11-08
Pádraig Ó Fiannachta
Do chuala scéal a ghoin go hae mé
Go raibh Dónall sínte i mbláth a shaoghail,
Gur thit an peann as a láimh shaothrach
Is é ag cur barr slachta ar iomann éaga,
Iomann a canadh ar a shochraid féinig
Ag a chairde, a chomharsain, cór Chúil Aodha dhó.
Bhí sé fearúil, misniúil, lúfar, éirmiúil
Ar pháirc na caide is i ngort an léighinn.
Bhí sé líofa, ceolmhar, spórtúil, aerach
Ag cumadh dán is á reacadh le héifeacht
An Ancient priceless horn is a leithéid sin.
Bhí sé dathúil, fearúil, is grách dá chéile
Is don chlann a bhronn Dia mór na féile.
Is mó dalta gur thug dóibh éachtaint
Ar iontais léinn an dúlra is an tsaoil mhóir
I gColáistí Íosagáin is Ghobnatan Naofa.
Ní raibh an dámhscoil uair á éamais
Ó d’ól sé an deoch as tobar na mbéithe.
Shníomh sé teagasc is greann is caolchúis
Ina mbréidín samhailteach fileata Gaelach.
Chuir sinn go minic ag gáire fúinn féinig
Is mheall an óige ar chosán na héigse.
A Dhia na Glóire, fóir ar a ghaolta.
Tabhair sólás dá chlann is dá chéile.
Cuir fáilte roimis id’ láthair féinig
Le ceoltóirí éigse is filí Chúil Aodha.
Ná fág sinn ag caoineadh é bheith sa chré ’nois
Ach ag guí aoibhnis shíoraí dó sa Tríonóid Naofa.
An Feartlaoi
Go raibh solas na soilse is radharc na Tríonóide
Ag Dónall suairc a luíonn faoin bhfód seo.
Thuill sé meas is gean i gcéin is i gcóngar
Thug misneach is spreagadh do chairde is chomharsain.
Go dtuga Muire Máthair dá chéile is dá ghaolta sólás
An 10ú Samhain i mbliain dhá mhíle is a hocht ’dheoidh sin.
Pádraig Ó Fiannachta cct.
Leithscéal
Pádraig Ó Fiannachta
Cuireadh do fuaireas chun dul ar an gcóisir
Nuair nascfar go daingean i gceangal an phósta
Rogha na mban Rinneach mo chara buan Ódí
Le Mícheál a grá geal thar fearaibh na Fódla
Mo thúirse! a Thomáis, is Áine bhinn cheolmhar
Táimse gan sagart a dhéanfadh mo ghnósa
Ar dhá phósadh eile i dtús Dheireadh Fómhair
Is thabharfadh an Chomaoin céad Aoine dom’ chomharsain
Is d’fhreagródh an glaoch ó pheacach an bhóthair.
Mo leithscéal gabhaigí, a chairde cléibh,
Is maithigí domsa nár fhreagair bhur nglao.
Guím gach beannacht is grásta is faid ar a saol
D’Ódí, do Mhícheál, is do lucht Coirne tá Maol
Is ná deinigí faillí is gan teacht luath im’ ghaobhar
Nuair thagann sibh ’on Daingean ar thuairisc bhur ngaol.
Iomann d’Aifreann na Marbh
Dónall Ó Liatháin +
Suaimhneas síoraí tabhair dó, a Thiarna
Fé sholas suthain na glóire.
Triomaíg bhur súile, sibhse atá fé bhrón.
Níl sa bhás ach malairt beatha
Is mise an fhírinne
Is mise Críost an t-aiséirí.
Tá clog na marbh ag bualadh
Trombhuillí an bhróin,
An cónra ar luascadh ar ghuaillí
Ar an aistear chun na huagha.
Suaimhneas síoraí tabhair dó, a Thiarna,
Fé sholas suthain na glóire.
Ar an gcrois sinne led’ íobairt
D’fhuascail tú ó nasc an bháis.
Cheannaigh tú dúinn an bheatha
Bhithbhuan le neart do ghrá.
Suaimhneas síoraí tabhair dó, a Thiarna,
Fé sholas suthain na glóire.
Do ghoilis ar uaigh Lazaras,
Súile an daill d’osclaís,
Ón lobhar do ghlan an aicíd.
Glan de smál na bpeacaí.
Suaimhneas síoraí tabhair dó, a Thiarna.
Fé sholas suthain na Glóire.
Sibhse atá anois go huaigneach
Is na deora ag fliuchadh bhur súl,
Níl sa bhás ach múchadh an choinnil
Roimh ghile na gréine ag éirí.
Tabhair áit dó i bhFlaitheas na Glóire
Sa tsíoraíocht fén solas neamhaí.
Mac na hÓighe Slán!
Garry McMahon +
Tháinig na mná roimh breacadh an lae
’Dtí an tuama inar cuireadh é.
Línéadaí ar an dtalamh ina luí,
Gan tásc ná tuairisc ar Rí na Rí.
Curfá
Níl sé le fáil! Níl sé le fáil!
Íosa Críost ina bheathaidh,
Mac na hÓighe slán!
Aingeal a dúirt ag teacht ina dtreo:
‘An té a céasadh, tá sé beo.
Féach an áit inar chuireadar é.
Bailithe leis tá Críost Mac Dé.’
Curfá
Deisceabail ag rith gan mhoill.
Go huaigh ár dTiarna bhí a dtriall.
An charraig mhór, í caite i leataoibh.
Críost chomh beo is a bhí sé riamh.
Curfá
Canaigí le háthas ’nois um Cháisc
Glóir a aiséirí ón mbás.
Cúnamh tabhair dod’ mhuintir féin,
A Dhia ar neamh go deo i réim.
Curfá
Tír ghlas na nGael
Idem
Nár dheas liom bheith thiar in Iarthar Dhuibhneach ar siúlóid
thart timpeall Bhéal Bán.
Mé ag feitheamh le héirí na gréine is Cnoc Bhréanainn
bheith greanta sa lá.
Cuan Smeirbhic aoibhinn álainn—nach mise a bheadh sásta lem’ shaol.
Ní mar sin atá, óir sa Bhowery mo chnámha, ach mo chroí tá
i dTír ghlas na nGael.
Go hannamh a bhlaiseas an t-uisce glan úr; rómhinic a chuas ag ól dí.
Is nuair a chuirinn na dolléir i dtaisce, thugainn críoch fhliuch
do m’airgead choích’.
Táim ag smaoineamh anocht ar Chruach Mhárthain, na Blascaoidí
is Ceann deas Sibéal,
An ghrian ag dul fé ag deireadh an lae, ag lonradh ar Thír dheas na nGael.
Bím ag cuimhneamh ar Chiarraí gan staonadh, na comharsain
is mo chairde go léir.
Péilicán ag damhas cornphíopa ag eitilt go meidhreach sa spéir,
Na blátha ar imeall an bhóthair, samhaircíní is deora dearga Dé.
Baileodsa torthaí an tsamhraidh sna gortaibh i dTír ghlas na nGael.
An ghaoth aduaidh, sea bíonn sí cruaidh, ag séideadh gan taise trím’ chroí.
Na callóga sneachta go tiubh i m’aghaidh is mé ag titim le móreaspa bídh.
Ach cloisim amhrán na fáinleoige is an cúirliún ag caoineadh i gcéin,
Iad araon ag impí orm féin, an fánaí, teacht abhaile go Tír ghlas na nGael.
Nach tapaidh a shleamhnaigh na blianta uaim ó bhíos i m’ógánach groí.
‘Ar chuaigh tú thar n-ais?’ fiafraíonn tú díom—im’ bhrionglóid
fillim gach oíche.
Ach airím na guthanna ag glaoch thar toinn, is geallaim roimh dheireadh mo ré
Óm’ chailín gheobhad póg, is bead arís óg, ’measc mo mhuintire
i dTír ghlas na nGael.
Suantraí Mná an Iascaire
(Fonn: Céad Fáilte Romhat a Íosa: Aifreann na Ríochta)
Garry McMahon
Tar a chodladh a stóirín a chuisle gheal mo chroí
Dún do shúile a mhuirnín, anois ar feadh na hoích’,
Aingeal coimhdeachta lámh leat dod’ chosaint
caoin is buan,
Peata beag do mháithrín téir go bog chun suain,
D’athair ar an bhfarraige ag iascach na mbradán,
Maimí ar a glúna ag guí ar a shon,
Bíodh agat a leanabhín codladh an tsicín
Go héirí geal na gréine is deire an drochshín.
Ní bog é saol na mara, i mbaol do bhás de shíor,
Ná don bhean atá ag feitheamh go bhfillfidh sé i dtír,
Ach iarrfad ar an iascaire a chiúnaigh
an mhuir mhór,
D’athair a sheoladh slán chugainn le cabhair is le fóir,
Go líona Dia na líonta mar dhein sé sa soiscéal,
Is sinne a bhailiú isteach chuige ag deireadh ár saoil
Laghdóidh an gála gaoithe is gearr
go mbeidh sé ciúin,
Is tiocfaidh Daid abhaile is pógfaidh sé a rún.
Guí Nollag
Tomás Ó Sé
Go raibh Nollaig Mhór mhaith
Iasc garbh—langa nó colamóir
Saillte agus cruaite go leor
Le prátaí breátha ar bord
Anlann de phlúr is oinniúin.
Mar d’ith an mhuintir romhainn
Agus gé ón gcoinleach don ócáid mhór
’Gus grásta Dé ina cheathanna ’nuas ort
Is go leana sé ort sa bhliain úrnua.
Don Eagarthóir – An Monsignor
Idem
6.12.08
Le blianta fada dheinis éacht
Agus deineann tú fós go rialta é –
An “Sagart” a fhoilsiú dúinn gach tréimhse
’S nár laga Dia do ghéag ná t’éirim.
Fómhar, earrach, samhradh is geimhreadh…
Iontach t’éacht, a Eagarthóir –
Mo cheol go deo tú, a Mhonsignor
A dhuine uasail ó Bhaile Móir.
Sagart, scoláire is seanachaí
Fear mór diagachta is clasaicí;
Seod lonrach tú i measc Ciarraíoch
’S ag Gaeil na hÉireann uile, admhaím.
N’fheadar conas a éiríonn leat
An “Sagart” a sheoladh ón bPáirc gach feacht
Go slachtmhar sníomhtha i bhfriotal léannta
Mo ghraidhin go deo tú, a shagairt naofa.
Nuair leagas uaim an “Sagart” anocht
Cheapas na línte seo ar an toirt
Ag súil go mbeidís sa Pháirc ar féarach
Mar chomhartha buíochais ar do shaothar.
An Sparkler
Maria Ní Mhurchú
Anocht Oíche Nollag agus tá an sneachta
Ag titim go bog ar an dtalamh.
Tá dhá chúpla coiscéim
Ar an dtalamh le chéile go brách.
Iarrann tú orm tú a phósadh
Do dhá shúil ghorma
Ag spréachnaigh fé sholas na gealaí.
Soilsíonn mo cheannaithe
Amhail crann Nollag
Tá an freagra agat cheana féin.
Cuireann tú fáinne diamainte
Ar m’fháinneog…
Go cneasta…
Silim deora áthais agus deirim…
Ag snagadh…
“A leithéid de sparkler”
Is d’ainnir mo bhrionglóidí é
A deirir
Agus ár mbeola a’ luí go cneasta
Ar a chéile.
14ú DF 2008
The Sparkler
Eadem
It’s Christmas Eve and
Snow is falling softly on the ground
Two pairs of footsteps leave their mark
Together forever.
You ask me to marry you
Your baby blue eyes sparkling
In the moonlight.
My face lights up like a Christmas tree
You know the answer already
You place a diamond ring on my ring-finger…
Gingerly…
I shed tears of joy and I say…
Incoherently…
“That’s some sparkler”
It’s for the girl of my dreams…
You whisper
As our lips gently touch.
14ú DF 2008
Cleasaíocht
Eadem
Níl aon fhonn scríbhneoireachta orm anocht.
Dhá mhí fhada go Nollaig
Agus mo cheann mar a bheadh múisc
Tar éis Shamhradh fliuch dhá mhíle ’is a hocht.
Á sea!
An Nollaig!
Saintí, bronntanais, crann agus crib
Turcaí ar an mbord
Arán agus subh
Amhráin
Cártaí
Poker
Spórt!
Oíche Chiúin á chanadh go hard.
Mo cheann deas suaimhneach
Ag muga breá fíona
Mé suite cois na tine
Gan éinne ag cur isteach orm.
An tine ag spréacharnaigh
Agus ag raitiláil gan stad
An chistin lán le cairde
Ceol agus craic agus daoine.
Agus John lem’ ais…
Á sea!
John!
Téann sé síos ar aon ghlúin
“éirigh suas, a ’mhadáin”
An bpósfair mé? a deir sé.
Ligim orm go bhfuil iontas orm
Agus leathaim mo shúile.
John!
Éalaíonn spréach ón dtine
Titeann sé ar mo láimh chlé
Agus dúisím de gheit!
Bhuel…
Is breá liom brionglóidí.
2ú Samhain 2008
Oíche Na gCleití
Eadem
Féachaim i dtreo na spéire
Áthas an domhain orm
Dathanna oráiste, buí, bándearg
Ag snámh mórthimpeall na cruinne.
Aingil bheaga bhídeacha
Ag eitilt anso is ansúd
A lapaí leanabaí
Ag coimeád greim daingean
Ar Oíche an Chlóca Chorcra.
Tagann Oíche agus imíonn sí
I ngan fhios dúinn…
Tugann sí aire dhúinn
I ngan fhios dúinn…
Tagann critheagla orm
Nuair a chuimhním ar an bpáipéar
The Sun
A bheidh ar na seilfeanna
Lá arna mháireach.
Páipéar lán de scéalta agus
De phictiúir thragóideacha.
Cuireann sé sceoin ar mo chroí.
Cad ina thaobh ná osclaíonn an t-iriseoir a dhá shúil
Agus féachaint i dtreo na bhFlaitheas
Chífeadh sé na ceiribíni cúthaileacha
Ag eitilt mórthimpeall air
Ag lasadh coinnle sa spéir
Ceann don iriseoir féinig
Dá dtógfadh sé air fhéin
É seo a thuiscint.
Titeann cleite beag dubh ó Neamh
Ceannaín gleoite
Leochaileach.
Leandáileann sé ar ríomhaire an iriseora
Agus caitear an bronntanas sa bhrúscar.
Ní maith leis préacháin…
Ní thuigeann sé cad tá déanta aige
Agus nó go dtuige
Coiméadfar ag cur
Lagmhisnigh agus sceona
I gcluasa an tsaoil.
2ú Samhain 2008
Paidir Pheileadóra Lios Póileach!
Roibeard Ó Cathasaigh
Céad moladh is buíochas leat, a Thiarna
as cluiche caide eile a bheith chugainn inniu,
agus mé réidh is ag tnúth go mór leis;
cabhraigh liom fuinneamh fónta a bheith
faoi m’aigne, faoi m’iompar is faoi m’imirt,
’gus fiú más le haon phioc de D’chúnamh an
bua ’bheith linn
sláinte is sonas chuig gach n-aon a bheidh i
bpáirt linn sa chlibirt!