Cuireadh tús le Ceardlann Scríbhneoireachta an Gheimhridh 2008 sa Díseart an mhí seo caite.Tá an tinreamh ag fás agus tá an-phlé á dhéanamh ar na dánta nua atá á gcur i láthair. Tá na filí ag ullmhú don reacadh a bheidh acu ag Féile na Samhna. Táimid ag súil le leabhar le beagán béarla de thoradh na Ceardlainne, le foilsiú go luath san Earrach.
An Sagart ISSN 0791-3575 Iml. 52 Uimhr.4
Iris Chumann na Sagart Geimhr. 2008
Eagarthóir P. Ó Fiannachta
Síntiús bliana don iris €15, agus é sin le híoc don bhliain le teacht ar 1ú Eanáir. Is féidir an síntiús a chur go dtí an tEagarthóir, An Sagart, an Daingean, an té is bainisteoir freisin faoi láthair. Bíonn foighne ag an mbainisteoir de ghnáth agus ní chuireann sé ordú ar ceal gan scéala a fháil nach mian leis an síntiúsóir an iris bhocht a fháil. Níl ach c. 500 ar ár liosta seoltaí anois. Cuir aistí, litreacha etc. go dtí An tAth. P. Ó Fiannachta, An Sagart, An Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, e-phost pof@diseart.ie. Cuir cóip de d’alt ar aghaidh mar cheangaltán más mian leat nó mar CD. Microsoft Word is fearr leis an eagarthóir. Cuir cóip chrua mar aon leis an e-chóip más furast sin. Ach dhéanfadh fiú lámhscríbhinn an gnó, ach gur breis dua sin don eagarthóir. Ba bhreá leis an eagarthóir breis a chlos ó chraobhacha Chumann na Sagart ar fud an tíre. Bheadh fáilte ar leith roimh ghrianghrafanna daite tógtha fiú ag ceamara seanaimsire. Níl go leor ábhair á chur chuige leis ó choistí Ghlór na nGael. Ba ghnáth ráithe i ndiaidh ráithe, tuairisc ar thionsnaimh nua le Glór a bheith á dtuairisciú san iris seo sa seanam; agus scaiptear cóipeanna di ar rúnaithe na gcoistí i gcónaí le súil go mbeadh an t-eolas sin ina chabhair agus ina spreagadh ag daoine eile. Táimid ag plé leis an gCinnire Laighneach le breis is daichead bliain anois agus is iontach an tuiscint a bhí riamh eadrainn. Tá aithne ag an eagarthóir ar fhoireann uile na comhlachta. Is saor slachmhar tapaidh a bhíodar riamh linn. Tá athruithe móra ag dul ar an gcomhlacht faoi mar b’eol dúinn í. Dá ainneoin sin tá súil againn go leanfar leis an gcomhar idir an Sagart agus an chomhlacht.
Mil na Ceardlainne
In Eagar ag Pádraig Ó Fiannachta
Filí páirteach: Bríd Ní Mhóráin, Domhnall Mac Síthigh, Pádraig Ó Fiannachta, Maria Ní Mhurchú, Ger O’Mahony, Louis Mulcahy, Simon Ó Faoláin, Peadar Ó hUallaigh, Ceaití Ní Bheildiúin
Seo roghnú den fhilíocht a chum na húdair agus a chuir siad i láthair ag an gceardlann scríbhneoireachta cruthaithe a shuigh sa Díseart sa Daingean, faoi scéim ealaíontóir cónaitheach Harry Clarke urraithe ag Ealaín na Gaeltachta, in Earrach na bliana 2008.
Seoladh
Seolfaidh Brenda Ní Shúilleabháin an cnuasach filíochta Mil na Ceardlaine ag 9:30pm ar an Aoine an 31 Deireadh Fómhair sa Díseart. Beidh léamh filíochta agus siamsaíocht ar an oíche agus beidh sólaistí ar fáil.
Fáilte roimh chách
Urraithe ag Ealaín na Gaeltachta
Beidh Féile na Samhna ar siúl sa Díseart ón Aoine an 31 Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach an 2 Samhain. I measc na himeachtaí móra a bheidh ar siúl beidh seoladh leabhar, díolachán agus sladmhargadh leabhar, léacht, léamh agus reacadh filíochta agus turas chuig ionaid stairiúla.
Breis eolais agus Clár an Féile
Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair
4:30pm: I nGairdíní an Dísirt, Oscailt na Féile: Pádraig Ó Fiannachta
5:00pm: Celebration of Deor ó Neamh le Caoimhghín Ó Fraithile
5:30pm: Fáiltiú sa Gazebo
8:00pm: Scoil Samhraidh an Daingin. Léacht ón Ollamh Nollaig Mac Congáil, Cath.
Pádraig Ó Niallagáin
9:30pm: Seoladh Mil na Ceardlainne ag Brenda Ní Shúilleabháin. Urraithe ag Ealaín na Gaeltachta
10.00pm: Sólaistí, Ceol, Amhráin agus Léamh Filíochta
Dé Sathairn, 1 Samhain
8:30pm: Ceiliúradh na Ceardlainne le léamh agus reacadh filíochta. Urraithe ag Ealaín na Gaeltachta
9:00pm: Díolachán leabhar agus sladmhargadh
9:30pm: Ómós do Sheoirse Ó Luasa: An Dr Mícheál Ó Fionnáin
Dé Domhnaigh, 2 Samhain
2:30pm: Turas ar sheomra an Ghorta san ospidéal nó ar Reilig an Ghorta
Treoraithe: Tadhg Ó Coileáin agus Pádraig Ó Fiannachta
Nótaí ón bPáirc - Pádraig Ó Fiannachta
Ná seansagairt i gCnoc Mhuire -Tuairisceoir speisialta
Páidreacha Eile:
Paidir Pheileadóra roimh Chluiche
Paidir go gCuirfinn aithne ar shlí an Tiarna
Tréadlitir do Dheoise Chiarraí
Maidean na Stáisiún sa Pheaideac - Pádraig Ó Fiannachta
Turas Thobar Mhíchíl - Pádraig Ó Fiannachta
Beannú Scoile
Litir chuig an Eagarthóir - An tSr. Eilís Nic Cárthaigh
Scéala Foilsitheoirí ‘An Sagart’ - An Sagart
Sheolamar sciamhleabhar eile sa Díseart ar 5.30 Dé Céadaoin 13 Lúnasa, ba é sin Duilleoga Draíochta, leabhar filíochta le Maria Ní Mhurchú. Cé gur do dhéagoirí go speisialta an fhilíocht seo, tá sí chomh tuisceanach leochaileach go mbainfeadh aosánach níos mó fós de thaitneamh as. Bhí slua mór i láthair don seoladh rud a dhein Dara Ó Cinnéide go slachtmhar. Bhí sladmhargadh de sheanstoc leabhar An Sagart againn arís ar an ócáid agus dhíolamar, idir nua agus shean, thar luach €900. Chomhairleoinn d’fhoilsitheoirí Gaeilge, más mian leo leabhair a dhíol nuair a bhíonn leabhar á sheoladh gan a bheith ag brath ar shlugairí cois Life, ach bualadh amach faoin dtír. Tá ár suíomh idirlín www.ansagart.ie á fhorbairt i gcónaí againn. Tá seanstoc dár gcuid scaipthe thall is abhus i Maigh Nuad, in Áis, i gCathair an Treantaigh, i Sr. an Dá Gheata, agus sa Díseart. Tá clár iomlán dár bhfoilseacháin ó 1970 á réiteach againn chomh maith. N’fhéadfadh an sórt seo dul chun cinn a bheith ar siúl againn gan chabhair bhreise. Tá sin againn anois, Síofra Ní Thuairisg ón Lochán Beag, Indreabhán, Conamara atá againn mar chúntóir foilsitheora. Tá ceobhrán agus brádán an tsamhraidh seo á scaipeadh aici ó ghairdíní an Dísirt. Tá Irisleabhar Mhá Nuad á réiteach againn don chló faoi láthair. Beidh cuntas ann ar naoimh eile fós ó Éirinn a bhfuil deabhóid dóibh gan fhios dúinn ar an Mór-Roinn. Toisc go bhfuil an oiread sin ábhair againn ó chairde iomadúla ní bheidh slí ach de bheagán de Chumhní Cinn an eagarthóra, cé nár ghearán aon léitheoir fós i dtaobh a leardánaí a bhíonn sé de ghnáth.
Cheiliúramar Oíche Shain Seáin agus grianstad an tsamhraidh i mBaile Riabhach mar is gnáth 23ú Meitheamh. Bhí an tráthnóna ceobhránach agus an braon i mbéal na gaoithe ach níor tháinig an bháisteach nó go raibh ár gceiliúradh lasmuigh curtha i gcrích againn. Tosnaíonn an ceiliúradh mar thuras timpeall Thobar Mhonacháin. Is beag uisce a bhí sa tobar i mbliana ach bhí fear an tí, Tiús Mac Gearailt, an té gur leis an láthair go léir, tar éis aon fhadhb a bhainfeadh leis sin a réiteach; bhí buicéad mór den uisce bailithe aige agus é taobh leis an bhfoinse ansúd le hól ag na hoilithrigh. Ní raibh ar mo chumas-sa ach turas an tobair a thabhairt aon uair amháin, ach sheasaíos taobh leis fad a bhí an bhaicle ag déanamh turasanna breise. Ag moladh Dé ar son a fhéile linn a bhímid ag an bpointe seo agus ag breith buíochais leis ar son na torthúlachta. Críochnaím ár machnamh de ghnáth á rá gurb í Muire Máthair an dúil is torthúla dár chruthaigh Dia, rud a chuirimid in iúl gach uair a deirimid an ‘Sé do bheatha’ agus na focail ‘is beannaithe toradh do bhroinne’ go háirithe. Nuair a bhíonn ár dturas tabhartha agus ár scíobaisín uisce beannaithe ólta againn, bíonn an turas i gcoinne an chnoic le déanamh againn agus ár bpeacaí i bhfoirm spreota aitinn nó brosna le hiompar againn; seo é turas na Croise, agus sinn ag machnamh ar Íosác ag iompar ábhar tine a íobartha agus ar Íosa féin ag iompar a chroise agus ár bpeacaí. Is baolach ná raibh ar mo chumas siúl an fhaid sin i gcoinne an chnoic ach gur chuir Tiús a chuad ar fáil le mo leithéid a iompar.
Níor ghabhamar isteach san aireaglán—fágaimid an láthair sin do cheiliúradh céad Aifrinn maidin Dhomhnach Cásca—ach suas thar claí go dtí an tine chnámh. Bhí bladhmasach breá tine romhainn agus chaitheamar ár spreota isteach inti agus sinn ag guí gur mar sin a ghlanfaí dínn ár lochtaí agus ár bpeacaí. Dheineas caintic an triúr ógánach san fhoirnéis thine a aithris ansin in ard mo chinn is mo ghutha, ag glaoch ar dhúile uile Dé ar talamh agus ar neamh é mholadh agus a mhóradh de shíor. Nuair a bhí sin déanta, dhíríomar ar an nádúr inár dtimpeall, ar talamh, ar farraige is ar cnoc, agus ansin ar na bailte fearainn agus ar shráideanna an Daingin á iarraidh orthu Dia a mholadh is a mhóradh:
A mhuintir na Rinne Bige, F. molaigí agus móraigí, an Tiarna.
A mhuintir na Ceathrún, molaigí agus móraigí, an Tiarna.
Dá bhfágfainn baile fearainn ar lár dhéanfadh oilithreach ón áit béic:
A mhuintir Bhaile na Buaile……
Bhí cúpla iomann againn ansin agus cúpla port. Bhí sé socair go ndéanfadh éigsíní na ceardlainne cuid de fhómhar na ceardlainne a aithris.
Ag tagairt do Thioriodh labhair Bríd Ní Mhóráin:
Míorúilt é gur thug fód chomh lom
Scata éin cheoil mar thoradh,
Scata bard is sárscéalaithe
A bheir a mbinneas leo thar toinn
Go dtí an tOileán Úr deoranta.
Nocht Ceaití Ní Bheildiúin a trua do na míolta móra ar thrá Dhoire Fhionnáin:
Cimlim iad
Silim deora orthu
Canaim dóibh
Ach ní bhogann siad.
Ag féachaint uaidh ar choillte Choláiste Íde dúirt Pádraig Ó Fiannachta:
Chuas ar scoil trísna coillte
Agus ní trísna goirt ná na páirceanna.
Bhí crainn sheacamair ann, crainn ghiúise,
An fhuinseog go mall a phéacadh
Agus aon chrann amháin eocailipte.
Scaoil Antonio Gallo agus a chara ón Iodáil rince agus amhrán chugainn.
Faoi sheanchara dúinn go léir a labhair Peadar Ó hUallaigh:
Is minic na splancanna ag Carraig a’ Chinn
Anois agus biaiste na dturasóirí
Faoi lántseol arís.
Níl radharc is ansa le fámairí
Na na faoileáin cheansa
Ar fhalla Chinn Sléibhe….
Chuir Simon Ó Faoláin draíocht orainn le feabhas a reacadh:
Tar éis an cheoil is rince
Thug an tseanbhean seo
Go dtí a seomra sinn:
Cillín beag cluthair.
Chonaic na Gaeil ceangal idir Eoin Baiste agus an ghrianstad. Sna focail úd Eoin ‘Ní mór domsa laghdú, ach dósan méadú’ chonacadar ceangal diamhair idir an ghrian sa spéir agus grian na fíréantachta.
Tá bliain mhaith ag Brú na Gráige i mbliana cé nach bhfuil ceist na n-iontaobhaithe réitithe fós ná cúrsaí feidhmeacháin curtha i gcrích. Ach tá feabhas ar na fearais, ar an gcistin agus a leithéid. Tá go leor dreamanna ag teacht ann do thréimhsí saoire agus do chúrsaí Gaeilge. Tá Ollscoil na hÉireann Má Nuad ag teacht ann ar feadh coicíse i dtús Meán Fómhair. Taitníonn an Brú go mór le Comhluadar. Níl a leithéid eile d’áit in Éirinn ina bhféadfadh dream mar iad, teaghlaigh iomlána, saoire a bheith acu le céile i nGaeltacht agus gach am agus imeacht le socrú acu féin. Tá súil againn go mbeidh siad farainn ar feadh a lán blian agus go gcinnteoidh siad go mbeidh an Brú i gcónaí ina láthair thaitneamhach saoire agus go mbeidh sé ina láthair thumoideachais Ghaeilge mar ba mhian leis an Athair Thadhg.
Beidh an Díseart agus An Sagart páirteach i gceiliúradh tríocha blian An Chomhairle Ealaíon. Is beag a fuaramar riamh ón gComhairle chéanna ach is dócha go bhfuilimid rófhada ó bhaile. Téimid ar aghaidh mar sin féin. Is iontach an borradh atá faoin ealaín i gCorca Dhuibhne. Ní gá dom dul i bhfad ó bhaile chun samplaí neamhghnáthacha den ealaín is freicnearcaí a fheiceáil. Buailte liom tá stiúdió ag Caoimhín Ó Fraithile. Tá samplaí dá ealaín i ngairdín an tséipéil, ceithre cinn de chrainn a cailleadh ach go bhfuil anois acu beatha nua. Crann an oilithrigh an chéad chrann a dhear sé. Tá sé sin lán de shiombalachas. Thuas ag a bharr tá an t-ulchabhán, siombail an tsaoil eile; ansin tá an t-aingeal ag iompar lón bóthair chun an oilithrigh agus é díreach istigh inár stratasféar—ag bualadh leis an gCéachta, nó an Beithir mar a fheicimid anseo, agus a sheacht réiltín ag fógairt cé hé féin. Cheapainn i gcónaí go mbíodh a shúil orm ag fágaint an tí. Ansin feicimid cora casta an tsaoil, an madra rua i mbun creiche agus an coinníoll casta daonna as ar fonn leis an t-oilithreach mná éalú lena leanbh. Tá triail bainte aici as Gallaras, as Ghleann Dá Loch, agus anois tá sí ar an gcaminó go Compostella. Tá sí gafa thar cuid mhaith de chathracha Viscoya agus ag teacht i ngiorracht dá sprioc. Tá leanbh ina baclainn aici agus paidrín simplí ina láimh aici. Taobh léi tá crann fuinseoige a fuair bás óg, ach a bheidh buan go maith ina athbhreith. Is é atá anseo ná Naomh Proinsias Assisi ag préitséireach do na héin agus ag tláithínteacht le truán. B’fhéidir go raibh an t-ealaíontóir ag tabhairt ceacht don sagart paróiste! Is é Micheál Naofa Ardaingeal pátrún mo bhaile dúchais. Ní aon chrann amháin atá ina onóir siúd ach dhá cheann. Sa chéad cheann feicimid é ag brú Sátan síos go hifreann, ach ní túisce sin déanta ná faoi threoir an Spioraid Naoimh, atá mar cholm ar a cheann, díríonn sé a shleá ar dhiabhal eile atá éirithe aníos as portach agus tód mór ar a cheann agus é ar dhroim duine bocht éigin damanta atá á iompar agus ceangal an dá chaol ar a lámha. Tá crann mór eile sa charrchlós agus é lomtha ach gan go leor gustail orainn le coimisiún ceart a thabhairt don ealaíontóir, Caoimhín Ó Fraithile ó Luimneach, chun Naomh Críostóir ag iompar an linbh Íosa a dhearadh.
Ach ní hé Caoimhín is túisce a chrom ar chrainn a dhearadh dúinn ach ealaíontóir ó Phatagónia na Sile, a bhuail an treo ag lorg oibre; b’é an Chéadaoin roimh Dhomhnach na Tríonóide é. ‘Bhfuil aon cheird agat ?’ arsa mise leis nuair a chonac an t-ualach mór traipeanna a bhí aige ar a rothar trom sléibhe. ‘Is snoíodóir pollaí totem mé’ ar sé. D’fhéachas síos an aibhinne agus luigh mo shúil ar chrann mór tríghéagach ón aon stoc. An bhféadfá crann Tríonóideach le rúndiamhra móra ár gcreidimh deartha air a shnoí dúinn?’ arsa mise leis. ‘D’fhéadfainn cinnte,’ ar sé ‘agus tá gach rud riachtanach agam, fiú cúpla leabhar ar an ealaín Chríostaí.’ ‘An Críostaí thú?’ ‘ Cé gur de dhúchas Sheafardach Giúdach mé ó thaobh m’athar agus Mayach ó thaobh mo mháthar is im’ Chaitliceach a tógadh mé’. Síos linn araon go dtí an crann; thriail sé a mhianach; dúrt leis ná féadfainn coimisiún a thabhairt dó gan cuid éigin dá shaothar a fheiscint; agus go mbeinn as láthair ar feadh seachtaine ar oilithreacht go Fatima ón Luan amach. ‘B’fhéidir gur le Dia an Mac, le Críost, ab fhearr duit tosnú ar an ngéag ar an dtaobh seo.’ ‘Tosnóidh mé amáireach’ ar sé, ‘ach b’fhéidir go bhfaighfeá lóistín dom. Fuaireas lóistín dó. Thosnaigh sé lárna mháireach le ceannaithe Íosa Críost agus pleanáil faoina mbeadh ar an ngéag sin—arán agus iasc agus cailís agus croí grámhar. Faoi Shatharn bhí an oiread sin déanta aige go rabhas sásta coimisiún a thabhairt dó. Ach d’iarr sé orm scafal so-ghluaiste a fháil dó sula n-imeoinn; ar maidin Dé Domhnaigh bhuaileas istigh sa séipeal le tógálaí agus gheall sé dom go mbeadh a leithéid de scafal i bhfearas ar an láthair ar maidin Dé Luain. Chuaigh an obair chun cinn mar sin. Chuir cuairteoirí an-spéis san obair agus san ealaín agus is iomaí ealaíontóir ar cuairt chun na dúiche a thug lámh chúnta san obair. Thóg sé trí mhí ar Juan Carlos Lizano Correno an saothar iomlán a chur i gcrích. Bhí leathanach iomlán ar pháipéar Domhnaigh ina thaobh; ní raibh aon ní ar RTÉ ach bhí ar chlár Gaeilge BBC Thuaisceart Éireann. Más mian leat a thuilleadh eolais a fháil ina thaobh, tar agus feic.
Tógadh mo bheirt shagart cúnta uaim i 2002 agus tugadh dom sagart díograiseach a raibh taithí saoil aige mar bhunmhúinteoir, mar mhúinteoir cúnta ar dtús agus ansin seacht mbliana déag mar phríomhoide sa bhunscoil sa bhaile i gCoiscéim na Caillí i gContae Chorcaí. Bhí togha na Gaeilge aige agus an-suim aige inti; bhí guth aoibhinn ceoil aige agus chanadh sé le gealadhram ag na searmanais. Bhí an-saol againn le chéile go dtí gur chaitheas dul ar scor. I mbliana ceapadh é ina shagart paróiste i mBaile an Fhirtéaraigh, an paróiste Gaeltachta—lena thrí séipéil—is daingine sa Mhumhain. Tá an-pháirtí ansiúd aige, an saoi Tomás Ó hIceadha a chuireann anam in aon pharóiste ina mbíonn sé lena dhrámaíocht fhreicnearcach; tá dráma á scríobh anois aige ar Lourdes agus beidh sé ar an stáitse arís agus arís eile, le cúnamh Dé, don Iubhaile.
Táim féin lánaimsire sa Díseart anois, árasán breá fairsing agam le seomra cuairteora en suite, agus oifig le dhá ríomhaire agus cúntóir foilsitheora sároilte, Síofra Ní Thuairisg ón Lochán Beag, Indreabhán, Conamara. Ní bheidh na foilsitheoirí An Sagart ag brath a thuilleadh ar shean-sagart paróiste a bhfuil an iomad cúraimí eile air seachas an fhoilsitheoireacht seo. Tá sagart eile, an tAthair Séamas Mac An tSíthigh a bhí na deich mbliana seo caite ina threoraí spioradálta i gcliarscoil Ushaw, tagtha i bhfeighil na spioradáltachta sa Díseart. Go n-éirí sin leis.
Tugaim lámh chúnta sa pharóiste anois agus arís. Tá an Canónach Tomás Ó Luanaigh an-tuisceanach liom. D’fhág sé ceiliúradh Fómhar na Farraige fúm i mbliana. Bhí slua mór i láthair don Aifreann mór; 850 a bhí sa chomhaireamh a tharla a bheith le déanamh ag an Aifreann sin. Bhí taispeántas éisc ag Iasc Uí Chatháin ag taobh na haltóra agus an t-eolaí Caoimhín Ó Flannúra ag cur síos ar iontaisí fiala an Chruthaitheora a ba chóir a chaomhnú go tuisceanach agus a bheith ar fáil go cóir ag an muintir gur leo iad. Níl sin i gceist anois chomh fada agus a bhaineann le hÉirinn ná le pobail bheaga iascaireachta ar imeall farraigí an Chomhphobail Eorpaigh. Bhí sé cloiste agam lá nó dhó roimh ré go raibh sé coiscithe ar phobal beag iascairí dúilicíní an Chromáin síol na ndúilicíní a chur a thuilleadh agus ina theannta sin go raibh sliogéisc de gach sórt, portáin, dúilicíní etc. gan bhlas á scaoileadh isteach gan cháin ar mhargaí an Aontais. Bhí a thoradh sin le feiscint ag ceiliúradh Fómhar na Farraige; ní raibh ar chumas Iasc de Brún an t-agapé de shliogiasc ná de bhradán a sholáthar mar atá déanta acu ó thánagsa ’on Daingean. Tá pobal beag iascaigh Bhaile na nGall díothaithe, agus seo pobal beag eile An Chromáin (a bhí ina Ghaeltacht go dtí le déanaí) díothaithe os comhair ár súl. Nuair ná bacann ár n-aire pobail le héagóir mar sin, cheapas gur chóir dom labhairt amach. Ag machnamh dom ar cad ba chóir dom a rá bhí sé deacair agam teacht ar an téarma ceart—bhí cinedhíthiú róláidir agus míchruinn agus mar an gcéanna le ethnic cleansing. Thuigeas gurb é cúis m’fhaidhbe ná nach raibh aon trácht déanta ar an bhfadhb seo fós. Tuigim anois gur díothú pobal an frása ceart. Maithim do na Glasaigh mar gur lucht cathrach agus bailte móra a bhformhór ach is deacair dom a thuiscint conas ná tuigfeadh an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an éagóir seo. Dúrt ag an Aifreann gur cheapas go mba chóir an tAontas Eorpach a tabhairt faoi bhráid Cúirt na gCearta Daonna mar go raibh pobail bheaga cois cósta an Aontais féin á ndíothú acu. Go raibh habitat an tradhna agus péistín Chiarraí ag déanamh níos mó imní d’údaráis an Aontais ná slí bheatha na bpobal beag, a dtimpeallacht agus a gcultúr. Tá an scéal go léir níos práinní in Éirinn ná i dtíortha eile mar gur pobail bheaga Gaeltachta is mó atá i gceist. Táim buíoch don Kerryman agus do Raidió Chiarraí agus do Raidió na Gaeltachta a thug cuireadh dom mo smaointe ar an ábhar seo a phoibliú.
Bhí sé tuillte ag peileadóirí Ard a’Bhóthar an clár ‘The Road to Croker’ a chur amach ó Thigh Pháidí Uí Shé. Ní raibh poinn Gaeilge le clos ar an gclár, ach bhí na cuiridh, an clár bídh, agus na fógraí i nGaeilge. Mar seo a bhí aghaidh an chlár bídh:
Tá na failtí geala romhat go Ball Night na bPeileadóirí
In Ard a’ Bhóthair, Céadaoin 20 Lúnasa óna deich pm ar aghaidh
Beidh togha agus rogha gacha bídh agus dí ann:
Maircréal deataigh ó Oileán a’ hArt,
Ceathrú sicín ó Lúib na gCearc
Prátaí plúracha Joe Bán
Nite glan in uiscí Loch Chill Uru
Le halpadh le do rogha smeathán
Sara meallfaidh ceol Bhaile na bPoc
Thú chun seite nó roc nó ról.
Ar chúl an chárta sin bhí suíomh Ard a’Bhóthair tugtha go fileata le cur síos ar an radharc ó gach rian de cheithre rianta an Chrosaire:
Is breá an radharc atá ó bharr an Chlasaigh agus tú ag teacht aniar ó Dhún Chaoin. Ar chlé tá Cruach Mhárthain, an cnoc is dea-chumtha córac i gCorca Dhuibhne ar fad. Nuair a thagainn ar mo shaoire ní gheibheadh aon mhaidin tharam gan mé a dhul go Barr Cruaiche agus beannú do na seacht bparóistí: toisc gur stroicín é an barr is féidir gach rud i do chóngar chomh maith le hiontais i bhfad uait a fheiscint go soiléir: Ceann Chiarraí agus Ceann Léime, Oileáin Árann agus Oileán Dairire, Uíbh Ráthach agus Ceann Bré, na Scealga agus Inis Tuaisceart, Ceann Sibéal agus Binn Dhiarmada, Béal Bán Fionntrá agus Béal Bán na Muirí, an Charraig Dhubh Thuaidh agus An Dún theas atá chomh dubh céanna. Moladh le Dia a dhealbhaigh na hiontais seo go léir! Síos leat anois le fánaidh ar chosán Chonn Crithir nuair a dhúisigh as a néal agus go bhfeaca loingeas Dháire Donn sa chuan ag fógairt gabhála ar Éirinn iathghlas. Ag Crosaire an Tóchair, beidh saothar arís ort mar go mbeir ag dul i gcoinne an aird. Fiú más Lá Breá tú agus tú ag teacht ón dtráigh aníos, nó anoir ón bPoll Gorm, nó aniar ó Chrosaire an Teampaill, braithfir an phins i gcoinne an aird go dtagair go hArd An Bhóthair. Ach ná bíodh aon chaduaic ort. Tá leigheas i do chóngar—Uisce Chiarraí, nó piunt, nó tae nó caifé sa tigh ar thaobh an bhóthair nach aistear é ach cóngar, Tigh Pháidí Uí Shé. Conas a mhair daoine nuair ná raibh siopa ná tábhairne ná tigh lóistín in Ard a’ Bhóthair? Ach féach gur tháinig Jeremiah Curtin an t-eitneolaí agus an béaloideasóir cáiliúil ó Mheiriceá agus chuir fé trí théarma sa tigh mór, a bhí díreach ar thaobh an Imilligh den chrosaire, ag bailiú scéalta ó Pheats an tSaoir Ó Loingsigh ó Bhaile an tSléibhe. Déanann seisean an-chur síos ar an radharc a bhí aige ó fhuinneoig na binne, fuinneog a iadh le clocha ina dhiaidh sin. Sin é tigh Bheatrice, máthair Pháidí, beannacht Dé léi. Tá leac chuimhne Jeremiah ar an bhfalla. Nuair a thagadh an sagart ag rá Aifrinn sa séipéal a tógadh treasna an bhóthair ar thalamh Uí Shé an Imilligh céad is a daichead bliain nó mar sin ó shin, gheibheadh sé bricfeast ansúd. Is mó scoláire óg a fuair bricfeast ó Bheatrice sa tigh céanna le tríocha bliain anuas.
Cuirim an bhreis seo leis sin anois:
I lár reilig Naomh Caitlíona thíos cois na trá a bhí sáipéal Chaitlíona ar dtúis; níorbh fhada a bhí sé i seilbh na nAnglacánach gur dhein fothrach de cé go raibh na binnteacha le feiscint ag an Donnabhánach nuair a tháinig sé anseo ag tuairisciú sna 1830aidí. Tá an t-iomar baiste a bhí sa séipéal sin istigh in úsáid i ‘Sáipéal Cheann Trá’ mar a thugtar ar chomharba an chinn a bhí sa reilig. Tugtar san air mar gur i gCeann Trá mar a bhfuil cros ar an mbinn atá ag gobadh amach sall ón scoil a bhí an chéad sáipéal tar éis na bpéindlithe a bhogadh. Lá mór, lá mór sa pharóiste ar fad lá thuras Chaitlíona, 25ú Samhain. Is minic clár ó Cheann Trá nó ó Ard a’ Bhóthair ag RG ar an lá san agus na céadta ó chéin is ó chóngar ag déanamh an turais sa teampall.
Bhí tigh tábhachtach, tigh Pheaitsín a’ Bhogair, ar an mbóthar síos chun na trá; bhí siopa beag dá chuid féin ag Peaitsín agus bhíodh an dispinsirí aige chomh maith. Ach is beag gearán a bhíodh ag daoine an uair sin mar go raibh a mbia féin acu agus a ndóthain éisc. Chonaic Jeremiah Curtin na báid mhóra iascaigh ó Oileán Mhanainn sa chuan agus iad gnóthach ag marú scadán agus maircréal sa Chuan, sa Bhá agus siar amach go Coimíneol. Bhí muintir na háite leis ag iascach agus agus a gcuid éisc á dhíol acu leis na Manannaigh agus an t-iasc go léir ansin á chur ar salann ‘ar bord a’ hulc’ mar a deirtí. Ó creachadh ár n-uiscí tá go leor báid seoil is caitheamh aimsire inár gcóngar; níor goideadh ár ngainimh fós uainn i dtreo go bhfuil caoi snámha agus lapadála agus bolg le gréin díreach síos ó Thigh Pháidí ar thráigh fhairsing shábhálta, ár mBéal Bán féin—é trí mhíle ar fhaid le droichid thar Srúil is Náth sa chás go mbeadh fonn suaitheadh boilg nó siúil nó ráis nó traeineála ort agus an taoide istigh.
Níl aon pháirc spóirt ná aon chuaillí caide fós againn i gcóngar Ard a’ Bóthair ach tiocfaidh siadsan fós. Níl muintir Shé againn chomh fada san. Muintir Ghairbhí a bhí rompu mar a bhfuil an siopa. Rugadh Tomie, athair chlann Uí Shé, i gCathair an Treantaigh ach chaith sé biaiste maith fada ar imirce i Sasana; d’fhill abhaile lena bhean Beatrice agus a thriúr mac, Tomás, Mícheál agus Páidí; cheannaíodar tigh an tsiopa agus chuadar i mbun gnó agus b’fhial fáilteach a bhíodar ó thús. Ní raibh aon imirce poinn an t-am sin agus bhí na céadta fear óg díomhaoin, nó leath díomhaoin i gCorca Dhuibhne. Bhíodh na gnáthchluichí ag Crosaire Ard a’ Bhóthair agus laistíos de ar an nDuimhche—léim fhada, caitheamh ceaist, ardach ceaist. Bhí peileadóirí breátha ag teacht chun coinlíochta sa chomharsanacht nó aitheanta cheana féin—Seosamh Ó Súilleabháin, Máirtín Mac an tSaoir, Muircheartaigh Cheann Trá, Beairtlí Ó Gairbhí agus Mícheál Ó Fiannachta ó Bhaile an Chóta. Táinig an tAthair Seán Mac Ginneá a bhí ina shagart cúnta ar an mBuailtín i gcabhair ar Chorca Dhuibhne go léir; d’éirigh leis Léig na Gaeltachta a chur ar bun le foireann ag gach seanpharóiste—Fionntrá, Dún Chaoin, Dún Urlann, Márthain, Paróiste na Cille, Paróiste Mórdhach. Thiar ar an mBuailtín laistíos don scoil a bhíodh na cluichí agus bhíodh gach éinne beo geall leis ansúd thiar do na cluichí. Coláisteánaigh ab ea cuid mhaith de na himreoirí agus cuid acu ag imirt ar fhoirne contaethe—Ciarraí ar ndóigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh agus fiú Loch Garman agus ag gach leibheál—sinsear, sóisear agus mionúr. Nuair ná raibh club dá cuid féin ag an nGaeltacht, d’imríodh gaiscígh na Gaeltachta dála Thomáis Thaidhg Uí Fhlatharta nó an Easpaig Seosamh Ó hUallacháin don nDaingean nuair a bhí sé in ard a réime. Chaith an dream óg a bheith sásta le bheith ag imirt liathróid láimhe i gcoinne binn tí éigin, nó roundair le liathróid páipéir idir buachaillí agus cailíní, nó ag rás le seanrothanna rothair nó gluaisteáin; bhíodh caitheamh ceaist nó ardú ceaist ag na sinsir, ach ba mhinic thoir i gCeann Trá iad ag caitheamh cruite mar gur ansiúd a bhí an dá cheártain.
Nuair ná raibh halla ná láthair lae ann thóg muintir na háite halla an Mháirtínigh mar a mbíodh seiteanna agus rince dhá uair sa tseachtain, ach tá sin anois ina chaifé agus is sna tábhairní a bhíonn an ceol agus an rince agus sin aon uair a bhuaileann an fonn an fonnadóir a bhíonn timpeall agus an dream a bhíonn istigh. Is minic a bhíonn imeachtaí i dtigh Pháidí, comórtas caide Pháidí féin le foirne clubanna ó Ghaeltachtaí agus ó thall is abhus ar fuaid Fódhla. Buail isteach mar sin aon am den lá nó go luath aon oíche agus bíodh bia blasta nó do rogha dí agat cois cuntair le háilteoirí na háite, nó piarda éigin ón domhan toir nó ón domhan tiar, nó aire nó Taoiseach dár gcuid féin nó réalt scannáin nó pearsa TG4 nó RG nó iarscoláire de Choláiste samhraidh a chaith tamall le Joan nó le Beatrice nó le Sé éigin eile. Tharlódh sé go mbeadh Jimmy an Yank ag casadh ceoil agus a chomhaos de bhreis agus deich is ceithre fichid ag bualadh cláir i mbriseadh tar éis seite. D’ainneoin na geoine is minic a dh’ardódh bean nó fear an mhisnigh do chroí le hamhrán diamhair sean-nóis nó nua-nóis. Ach más fearr leat agallamh socair i snug tá caoi dó san leis. Is minic a bhuailfeá le seanchaí mar Joeín leis agus go mbainfeadh sé preab asat lena aighneas agus a sheanchas. Féach timpeall an tí i gcónaí ar an taispeántas breá grianghrafanna de radharcanna agus de charachtair na dúichí agus na gcuairteoirí a thagann an treo. Bí i láthair más féidir nuair a bhíonn taispeántas faoi leith ar siúl nó á sheoladh.
AN CEANGAL
Buail isteach ti’ Pháidí go moch nó go déanach!
Tá fáilte agus fiche romhaibh uile go léir ann
Cois tine, cois cuntair, cois boird is cois béile!
Beidh Máirín nó Neasa, Siún, Páidí Óg nó Páidí aosta
Ag scaipeadh bhur mbuartha le féile dhea-bheásach.
Tuairisceoir ar Leith
An tAthair Leon Ó Móracháin a chuimhnigh ar dtús is dóigh liom ar na sagairt atá beo fós ach ar scor ar shlí éigin a thabhairt le chéile, ag tosnú leis na sagairt a oirníodh i 1951, 1952 agus 1953 do chúrsa spioradálta/ceiliúrtha i gCnoc Mhuire. Fuair sé freagraí dearfa ó ochtar agus fiche, beirt easpag ina measc. Chabhraigh sagairt eile le Leo san eagrú, Éamann Mac Ránaill go háirithe. Socraíodh go dtarlódh an cúrsa seo 17-19 Meán Fómhair agus go bhfanfaimís go léir in Óstán Theach Chnoc Mhuire. Bhí an t-ádh leo go raibh feabhas ar an aimsir an lá sin féin. Bhí turas fada ar shagairt a tháinig ó dheoise Phort Láirge, leithéid Ghreagóra de Paor an peileadóir cáiliúil a d’imríodh lár páirce do fhoireann peile rang na bliana 1951 agus Phádraig Uí Fhiannachta de rang ’51 do dheoise Chiarraí a d’imir ina theannta sa chluiche iontach úd in aghaidh na dara bliana diachta; níor deineadh sagart de seo go dtí 1953 do dheoise éigin sa Bhreatain Bheag, Cymru (Coimrí). Tháinig seisean ar ais ag múineadh i Maigh Nuad agus glacadh leis ar ais i ndeoise Chiarraí. Tá sé ar scor anois tar éis dó a bheith ina shagart paróiste sa Daingean, a pharóiste dúchais, ar feadh ceithre bliana déag; níl aon chúraimí paróiste air ach tá sé i bhfeighil an Dísirt. Sin Institiúid Spioradáltachta agus léinn dúchais a bhunaigh sé i 1996. Níor éirigh le daoine eile teacht, Seán Ó Ruanaí, abair, sinsear ranga 1951. Ach ba leor an líon sagart a tháinig chun ócáid an-tairbheach a bheith acu. Bhí fáilte agus fiche ag údaráis na scríne romhainn go mór mór ós rud é nár iarramar cead ár n-imeachtaí go léir a riar i bhfoirgnimh na scríne. Bhí seomra comhdhála an óstáin againn dóibh sin agus go leor ama againn chun turas a thabhairt go príobháideach ar an scrín agus a áiseanna.
Bhailigh na sagairt go léir le chéile don dinnéar ar a hocht ar an gCéadaoin. Chuireamar fáilte roimh a chéile agus dheineamar athnuachan ar ár n-aithne ar a chéile. D’fhéach a lán de na sagairt níos óige ná a mblianta. Bhí aoibh an gháire agus an aoibhnis orthu go léir. Dúirt muintir an ostáin gurb iad an dream ba ghealgáirí iad a d’fhan le chéile riamh san óstán. Thug an tAthair Leo aitheasc cuí sa seomra comhdhála tar éis an dinnéir agus ghabh tríd an gclár á chur ar ár súile dúinn cé? cén áit? agus conas? Bhí leagan speisialta de urnaithe na tráthnóna réidh ag an liotúirgeach, Cathal Travers; mar chlabhsúr leis sin bhí miúin ar dhán le Paul Murray ‘this morning on entering the cold chapel’ agus ceann eile ‘The world is charged with the glory of God’ le Gerard Manley Hopkins. D’fhan cuid againn inár suí go dtí meán oíche ag eachtraíocht ar ár saol agus ar an seansaol sa choláiste. Maidin lá arna mhárach thug cuid againn a d’éirigh go moch turas ar an scrín agus ar shéipéal na físe. Bhí leagan ar leith de na Moltaí againn mar phaidreacha na maidine.
Tháinig an tOllamh Éanna Mac Donnchadha chugainn ó Mhaigh Nuad agus Rónán Mac an Drua á thiomáint. Cuireadh na trucailí fáilte roimh an mbeirt agus dúradh linn go mbeadh aitheasc ag Éanna dúinn lá arna mhárach. Bhí a lán de na sagairt ina suí go moch agus thugadar turas ar shéipéal na scríne roimh breicfeast. Bhí an bia go fial agus go blasta. Chruinníodar do phaidreacha na maidine agus d’fhanadar mar a raibh acu nó gur tháinig an tOllamh Éanna. Bhí a chuid cainte réitithe go maith aige agus teideal álainn socair aige ‘Solas Geimhridh’. Thuig an lucht éiste go soiléir cad a bhí i gceist aige. Tar éis a saol fada a chaitheamh faoi ualach an lae agus an bhrothaill, seo anois tuiscint níos fearr, radharc níos gléine acu ar na nithe buana, ar na nithe tathagacha, nuair a bhíonn an duilliúr imithe den chrann, agus an stoc agus na géaga móra le feiscint go gléineach. Ní hé sin amháin é ach le cabhair an tseaca is féidir fiú crann i bhfolach go doimhin i bportach a aimsiú maidin gheimhridh. Chuaigh an t-aitheasc i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta.
Saineolaí ar an tseanaois an dara cainteoir, an tSr. Marie Rós Nic Cionnaith. Bhí sí eolgaiseach bríomhar agus thug a lán comhairle dúinn dár n-ullmhú don tseanaois. Bhí aithne mhaith ag an Athair Leo uirthi agus tuigeadh dom gur dá comhairle a bhí a lán dá bhuíochas ag dul go raibh sé tagaithe chuige féin chomh mór sin. Bhí go leor ceisteanna praiticiúla le cur ar an gcainteoir, faoi bhia, faoi shuaitheadh boilg, faoin uaigneas, faoi cé chomh crua agus a bhí sé dul chun cónaithe i bhfad ó do pharóiste i do sheanaois agus do mhuintir sa chré agus gan aithne agat ar éinne i do thimpeall. Bhí Aifreann comhcheiliúrtha againn um mheán lae agus é réitithe go tuisceanach don mheitheal sagart agus na cúraimí roinnte go tuisceanach eatarthu. Bhí Ciarán Ó Gormáin i mbun an orgáin agus Pádraig Ó Muirí i bhfeighil an chóir agus na n-iomann.
Tar éis lóin bhí caoi againn turas eile a thabhairt ar an láthair bheannaithe agus ár lón d’uisce Chnoc Mhuire a ól agus a bhreith linn. Bhuail Pádraig Ó Fiannachta le Proinséas Ní Dhálaigh agus Treasa a bhfuil gnó deas bunaithe acu, ag cur an chreidimh ar ais arís sna cártaí Nollag, agus Lá Breithe, Ceiliúradh Iubhaile agus mórán ócáidí eile. Dúirt sé gur minic a bhíonn scéala aige ó Phroinséas agus í ag lorg téacs Gaeilge do chártaí den sórt sin mar go bhfuil an-ghanntanas díobh ann. Molaim do léitheoirí An Sagart teagmháil le Proinséas, ag 3 Church Lawns, Cnoc Mhuire. Seo samplaí de na beannachtaí a chuir sé ar fáil dóibh.
1.
Lá ’le Pádraig
Seo ógbhean Éireannach ag ofráil mo shaoil
Is ag lorg baiste i bhfoinsí d’uisce naofa
Le go mbeifeá agam mar chara is mar Rí
Is mé ag seinm duit ceol flúit is cláirsí.
Lá ’le Pádraig faoi mhaise na ngrást, guímse duit ó chroí.
2
A ghile a d’aimsigh mé.
Im’ thimpeall braithim é.
Slán ina dhearna tá mé,
Dia tréan tíre is mara.
3
Lá do chéad Chomaoineach
Lá thar laethe an lá seo
Lá ina gcantar dánta
Le céad míle fáilte
Roimh an Rí, do ghrá-sa.
Leis na trucailí grá an lá a tháinig Íosa chugat.
4
Beannachtaí Nollag
Leis an oíche titeann tost
Go síodúil socair cneasta
Ar an talamh.
Rug an bhean lán de ghrásta
Leanbh in iostas bocht
Anocht.
Cuireann gol an Nuabheirthe
Gach brón ar shiúl.
Tá gach dóchas ar ais
Le caintic na n-aingeal
Ag moladh Dé sna harda.
+++
Go raibh Nollaig is Bliain Nua
Faoi mhaise na ngrást is na síochána agaibh.
Bhí suí caidrimh againn le tae nó caifé ar a ceathair. Bhí Aifreann breá ceolmhar againn le chéile ar a sé a’ chlog. [Canadh Ag Críost An Síol lena linn. Bhí Leo á rá liom ina dhiaidh ná raibh na focail ‘Ó bhás go críoch/ ní críoch ach athfhás’ mar a bhí ag an Riadach; gurb é a chanadh sé : ‘Ó bhás go críoch/ nách críoch ach athfhás’. Réitíos leis gurbh fhearr an leagan sin. Bhí an ‘Deus Meus’ againn leis agus maidir leis sin is dóigh liom gur fearr a luíonn an fhoirm ársa den áinsí de ‘ searc’, is é sin ‘seirc’ sa líne ‘Tabhair dom do sheirc, a Mhic ghil Dé’ ná ‘shearc’. Réitigh Leo liom. Gheall an tAthair Pádraig go luafadh sé an dá phointe sin sa chuntas ar imeachtaí an lae sa Sagart.] Tar éis dinnéir bhí portús na tráthnóna againn. Bhí fonn cainte arís ar a lán againn i dtreo gur déanadh faillí sa seisiún ceoil a bhí beartaithe. D’éalaigh a lán a chodladh luath go leor. Lá arna mhárach bhí Moltaí ar leith againn agus ina dhiaidh sin bhí seisiún plé againn. Tuigeadh do chuid de na sagairt gurbh fhearr ár dtionól ná cúrsa spioradálta. Bhí taitneamh, gealgháire, agus misneach ag baint leis an imeacht go léir. Tuigeadh gur chóir leanúint ar aghaidh leis, agus cead a bheith ag na sinsir teacht arís an bhliain seo chugainn. Gur rud eile é seachas Aontas Mhaigh Nuad agus nár ghá líon na mblian a mhéadú. Chuir na sagairt a mbuíochas in iúl don Athair Leo agus do na sagairt eile go léir a d’eagraigh na gnóthaí chomh héifeachtach sin. Scaip na seanleads agus ‘go mbeirimid beo ar an am seo arís ina mbéal acu go léir’.
A Thiarna, ofrálaim an cluiche seo duit.
Ofrálaim m’imirt duit mar urnaí
Agus déanfad mo dhícheall .
Is tábhachtaí m’iompar ar an bpáirc inniu
Ná fuinneamh mo ghéag sa chluiche.
Má dheinim go maith cabhraigh liom
Éirí in airde a sheachaint,
Mioscais má bhuaitear orainn
Agus fearg, formad agus fíoch.
Ach, a Thiarna, táim ag tnúth leis an mbua.
Tabhair cúnamh dom, más ea, mo dhícheall a dhéanamh
Agus gur leor sin chun an chraobh a bhreith.
A Thiarna, is tréan é do ghrá.
Is asatsa atá mo mhuinín agam
Mar go mbíonn tú i gcónaí faram.
Gura maith agat as ucht mo chlainne,
Mo chairde agus gach duine a chabhraigh liom
bheith mar atáim inniu.
Cabhraigh liom mo bhuanna a aithint
Le feidhm a bhaint astu
Ar mhaithe le daoine eile.
Múin dom do shlitese, a Thiarna
Agus mé ag lorg gach lá
Cad is ciall lem’ shaol.
Cuir daoine maithe ar gean leo
Fónamh do dhaoine eile mar Bheannacht ar ár saol.
Tabhair dom an misneach
Do ghlaoch a fhreagairt
Agus siúl ar do shlíse ar feadh mo shaoil.
Le léamh Deireadh Fómhar 4-5
A Chairde,
Tá dúshlán mór romhainn. Tá líon na sagart oirnithe ag dul i laghad agus éilíonn sin go gcaithfimid pleanáil le go leanfadh paróistí dheoise Chiarraí ar aghaidh mar phobail bhríomhara chreidmheacha ag cur misean Chríost chun cinn. Is práinn agus éigeandáil é seo dar le daoine áirithe ach creidimse gur faill í an phráinn ar uairibh. Nuair a chuirtear malairt sa tsiúl, is féidir dúinn ár rogha freagra a thabhairt ar an ndúshlán. Má phleanálaimid anois, cinnteoimid go mbeidh áiseanna níos fearr ag pobail lena n-éilimh thréadacha a shásamh. Is cuireadh dúinn go léir é chun na nithe, a ba chóir a bheith a ndéanamh againn cibé scéal é, a dhéanamh, is é sin gaois agus tallainn an mhórphobail a chnuasach agus a dháil ar mhaithe linn go léir. Bhí an tuiscint sin ar pharóiste ag an bPápa Eoin Pól II a dúirt “is ionad sa tsaol é mar a gcruinníonn comhluadar creidmheach le chéile le bheith ina theach ag cách agus ina ionad freastail ag cách.”
Agus sinn ag pleanáil dá bhfuil romhainn mar dheoise agus mar pharóistí, ní mór dúinn an rud is mó a chuirfeadh anam ionainn go léir a bheith mar sprioc againn. B’fhéidir go bhfuil dhá limistéar sa deoise ar eolas agaibh mar ar chnuasaigh paróistí comharsanacha a n-áiseanna, mar a bhfuil cláracha traenála acu go páirteach agus seanmóirithe á malartú le chéile. I measc na dtorthaí fónta a bhí air sin, bhí gur lig sé do dhaoine a dtaithí agus a neart a roinnt ar a chéile agus teacht ar shlite nua le bheith inár bparóiste in Éirinn an lae inniu. Tá sé á mholadh agam don deoise, go ndéanfadh paróistí comharsanacha comhar níos fearr le chéile agus go mbeidís ina limistéar tréadach. Is é is limistéar tréadach ann ná roinnt paróistí, cóngarach dá chéile, ag obair le chéile ar mhaithe le gach paróiste díobh. Ceapfar sagart i ngach limistéar tréadach ar leith mar bhiocáire cúnta (Vicarius Foreanus – lasmuigh). Is é an cúram a bheidh airsean ná comhoibriú leis na comhordnóirí tuata agus sagart ó pharóistí uile an limistéir thréadaigh agus beartais thréadacha na bparóistí sin á gcur ar aon chéim. Beidh baill uile an limistéir thréadaigh ag cabhrú leis sa ghnó seo, gach éinne ag dáileadh a t(h)allann agus a g(h)aoise ar mhaithe leis an ngrúpa go léir. Ciallaíonn an fhorbairt úr seo go mbeidh, in am trátha, foireann thréadach ar fáil, bunaithe i ngach limistéar tréadach, le freastal ar riachtanais na linne agus riachtanais le teacht, agus go beidh seirbhísí liotúirgeacha agus cúram tréadach ar fáil go leanúnach nuair a bheidh paróiste sa limistéar gan sagart ina chónaí ann. Beidh foireann thréadach na deoise ar fáil le cabhrú agus comhar a dhéanamh le paróistí agus limistéir thréadacha agus sinn ag forbairt le chéile le bheith inár bparóistí agus inár n-eaglais ar shlí nua. Faoi láthair táim i gcomhairle le sagairt agus tuataí sa deoise agus mé ag cinntiú na limistéar tréadach a ainmneofar go hoifigiúil faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2008. Ceapfaidh mé ag an am sin chomh maith na Biocáirí Cúnta a chomhordnóidh na beartais thréadacha i ngach limistéar a ainmneofar.
Glaonn fís na deoise ar gach duine againn ár gcreideamh a mhaireachtáil in adhradh Dé agus i seirbhís na comharsan. Tá Dia i láthair i bpobal na háite – inár bhfáilte roimh a chéile, inár muintearas, sa tslí a fhéachaimid thar theorainn ár bparóiste lenár dtallainn a roinnt le daoine eile is le fóirithint ar dhaoine i gcruachás, agus i gceiliúradh Eocairist an Domhnaigh, foinse agus buaic ár mbeatha Críostaí. Nuair thagaimid le chéile i gcomhar leis na paróistí inár gcóngar, beimid á fhógairt conas is paróiste sinn, conas is eaglais sinn. Chuir an Pápa Eoin Pól II é sin in iúl go soiléir á rá: ‘De bharr na dínite céanna a shníonn ón mbaisteadh, tá gach ball creidmheach tuata, chomh maith le ministirí oirnithe agus lucht na beatha rialta idir fhir agus mhná, páirteach sa bhfreagarthacht ar son mhisean na hEaglaise.” (CFL 15, 1989). Trí aontú le chéile i limistéir thréadacha, is eaglais sinn fara a chéile, bíonn ár gcaidreamh le Dia á chur in iúl againn trí chomhar na gcomharsan. Pobal de phobail an Eaglais; má chothaímid pobal na háite agus má aontaímid le pobail eile, déanfar eaglais dínn sa deoise seo. Ní neart go cur le chéile.
Go luath sa bhliain 2005 sheolamar Fís na Deoise agus ár bPlean don Deoise, Ár bPobal, ár nEaglais, ár dTodhchaí; beidh críoch leis sin i 2009. Le réiteach dá bhfuil romhainn, agus le cinntiú go mbeidh ar fáil againn a mbeidh de dhíth orainn le cabhrú le paróistí is limistéir thréadacha agus sinn ag dul ar aghaidh cois ar chois, ní foláir dúinn pleanáil anois. Tá plean deoise á réiteach faoi láthair ag Foireann Thréadach na Deoise i gcomhar le Comhairle na Cléire, plean a thabharfaidh treoir don deoise sna trí bliana seo chugainn, 2009-2011. Táim deimhin de má fhaigheann sé tacaíocht bhríomhar thuath agus chléir na deoise go n-éireoidh leis agus go bhfónfaidh sé go mór dár ndeoise agus dár bparóistí.
Go raibh Spiorad Dé dár dtreorú ar aghaidh ar an mbóthar.
An tEaspag Liam Ó Murchú




