Aug 20
Seoltaí Féile na Samhna
Posted by admin in An Díseart on 08 20th, 2010| | No Comments »

Seolfar Irisleabhar Mhá Nuad 2010 ar an gCéadaoin 25 Lúnasa ar 8pm. Tá aistí tábhachtacha ann ag Eoghan Ó Hannracháin agus ag Cathal Caomhánach. Tá dán fuinniúil bríomhar fada ag Liam Prút ar leatrom Iosrael ar na Pailistínigh. Tá dánta uile Dhámhscoil Mhúscraí 2010 fara grianghrafanna den choiste agus den slua a bhí i láthair. Tá P. Ó Fiannachta ag caint linn i bprós agus i bhfilíocht mar gheall air féin. Ach tugann sé seans don Phápa mar tá a litir chun Mhuintir Chatliceach na hÉireann aistrithe anseo aige agus réamhrá aachomair eolgaiseach curtha aige léi.

Ar an 28 Lúnasa, sa Díseart 8p.m. Dé Sathairn,seolfaidh Brenda Ní Shúilleabháin Pietas, cnuasach soilbhir dánta le Bríd Ní Mhoráin, agus é maisithe le healaín Saturio, agus curtha ar fáil go slachtmhar ag Modern Printers, Cill Chainnigh, agus go saor ag An Sagart, An Díseart @€12.   

Táthar ag ullmhú do Fhéile na Samhna sa Díseart cheana féin. Beidh, le cúnamh Dé,  Léácht tráthúil ag Pádraig Ó Héalaí ar an Aoine 29 D. Fómhair 8pm sa Díseart. Beidh fáiltiú roimh MEP ar an Sath. 4pm 30seoladh Mioscais na gCumar ar dtús sa Rinn, ag am agus láthair le socrú, agus ansin  sa Díseart 8pm Sath.

30 D. Fómhair.Beidh siúlóid go Reilig an Ghorta 2pm. Beidh Féile Mhór Filíochta 8pm sa Díseart Lá Samhna. Aifreann na Féile in Eaglais N. Muire le Cór na nÓg ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne 7.30pm 2 Samhain.

 

 

D

Apr 16
Beannú Sheomra Nanó Nagle
Posted by admin in An Díseart, Samhradh 2009 on 04 16th, 2009| | No Comments »

Tá ceiliúradh mór in Onóir Nanó Nagle á bheartú don Díseart ar an Domhnach 21 Meitheamh 2009. Beidh Aifreann Mór le cór faoi leith in Eaglais Mhuire sa Daingean, mórshiúl le Cléirigh agus Tuataí ón Eaglais go Reilig na mBan Rialta sna Gairdíní. Canfar an Salve Regina i Laidin in Ómós do na Mná rialta

Beannófar Seomra Nanó Nagle agus osclóidh Sr Stan, iarscoláire ar Chlochar na Toirbhirte an Daingin, é go hoifigiúil.

Beidh Fáiltiú sa Ghairdín tosaigh agus imeachtaí eile ar siúl e.g. Oilithreacht go dtí an Teampall Geall, Tionól filí agus coirmcheoil idir an 19ú agus an 23ú Meitheamh.

Beidh treoraithe ar fáil chun go mbeidh seans ag gach duine an Díseart a fheiceáil agus go háirithe seomra Nanó agus bualadh leis an ealaíonóir.

Mar 13
Seomra Nanó Nagle
Posted by admin in An Díseart, Samhradh 2009 on 03 13th, 2009| | No Comments »

Tá Seomra Nanó Nagle sa Díseart curtha chun críche. Is féidir le aon duine a thugann cuairt ar séipéal an Dísirt cuairt a thabhairt ar an seomra speisialta seo. Beidh seoladh á cheiliúradh nuair a bheas sé á oscailt go hoifigiúil ag pearsa cáiliúil, le cúnamh Dé ar an 21ú Meitheamh mar chuid de trí lá ceiliúradh.

Cúpla pictiúr de Sheomra Nanó Nagle sa Díseart