Pádraig ó Fiannachta
B’iontach an mhaidean í
Maidean na stáisiún sa Phaideac.
B’é an cléireach a dhúisigh sinn
Lena bhéiceach ag an ndoras iata:
“Tá an Canónach is an tAthair Ó Sé
Chugaibh aníos . Scaoilíg isteach mé
Le mo mhála altóra.”
Phreab na héinne as a leaba
Is ghabh é féin ina chulaith Dhomhnaigh.
Bhí Daid bearrtha ón oíche roimis sin.
Bhí an bhunóc coicíse le ní is le glanadh
Is le cur chun suain le bainne cíche.
Bhí béiltheach thine le réiteach
Agus an leaba chnaiste le tógaint ón seomra thíos.
D’éirigh linn bheith réidh
Ach a gcas an chairt isteach ’on bhuaile.
Bhí an bord mór sa chistin ar a dhá chathaoir
Agus leac na haltóra leagtha ar a lár.
Bhí dhá bhairlín anuas air sin, dhá bhláthchuach
Is dhá choinnleoir, dhá choinneal is crois chéasta.
Bhí taobh leis buicéad bán d’fhíoruisce
Ó Thobar Míchíl i lár an bhaile.
“Fáilte romhaibh” arsa m’athair leis an gcléir
“Tá súil agam nárbh aon dua daoibh
Gabháil aníos bóthar casta Mhiss Mary.”
“Thank you, thank you, God bless all here!”
“Gura maith agaibh agus bail ó Dhia oraibh”
arsa an tAthair Ó Sé de ghlam.
Bhí na comharsain chugainn aníos,
Cáit Ní Shé is na mná beannaithe ar dtúis.
Ansan ár gcairde scoile ina mbaicle ghlórach.
Bhí na mná óga ina ndiaidh sin.
Chuir an fear so agus an fear úd a cheann isteach
Ag beannú dúinn ach ansin amach leo arís ’on phóirse.
Ghléas an tAthair Ó Sé don gcéad Aifreann,
Bheannaigh an t-uisce sa bhuicéad bán
Agus bheannaigh an tigh óna bhun go dtína bharr
Agus a raibh ann agus chuaigh a ghlór go tigh na mba
Go dtí an stábla, agus tigh na muc is tigh na gcearc.
D’fhreagair an coileach le trí ghlao.
Stiúraigh Mam an Canónach síos ’on tseomra,
Chuir a hata ar bhonn an dreisir, chroch a chóta ar chúl an dorais.
Faid a bhí an tAthair Ó Sé ag léamh an Aifrinn
Bhí an Canónach lách ag gríosadh na bpeacach chun aithrí
Agus ag tabhairt maithiúnais le cumhacht
An Spioraid Naoimh i Laidin dhiamhair.
Buaileadh clog an choisreacain
Agus bhuail gach peacach a ucht
Is d’fhéach suas ar a Thiarna agus a Dhia.
Ag comaoineach na cailíse don sagart
Chualamair an bhéic ó Mhuirisín:
“Tae bhreá bhuí” deoch nár cheadmhach dó.
Nuair a bhí an chéad Aifreann ceiliúrtha
Cuireadh an citeal mór iarainn ar an dtine
Agus taobh leis an corcán trí gcos
Lán go béal geall leis d’uibhe lachan is cearc.
Ní raibh an t-ubh gé ann, mo léan!
Bhí san ar chupán sa dreasar
Agus leagadh anuas ina phléisc briste é
Ar hata galánta an Chanónaigh.
An madra a fuair é amuigh sa ghairdín.
Ghlan Mam an gealacán is an buíocán den hata
Mar is í is fearr a dhéanfadh.
Chuaigh an éide Aifrinn ó mhiocht go casal
Ón Athair Ó Sé go dtí an Canónach.
Réitigh an cléireach bord na Séire don dara Aifreann.
Chuaigh an tAthair Ó Sé síos ’on tseomra ag dáileadh trócaire.
Bhain dúthracht an Chanónaigh ónár súile deora.
Nuair a ghlacamair ár dTiarna sa Chomaoineach pháirteach
B’aon sinn le hÍosa is lena chéile.
Níor ghá don gCanónach aon aitheasc a thabhairt.
Nuair a bhí an éide curtha i leataoibh aige,
Agus an bord anuas óna chathaoireacha,
Chinntigh sé go rabhamair go léir le chéile
Leis an rolla úd a léamh
Agus déirc an tsamhraidh
A ghlacadh is a fhógairt go buíoch.
B’í Caitlín ó Ghleann Fán thiar
Ab fhearr ag tíoradh aráin ar aolaibh
Ach Mam a bhí i bhfeighil an fhriochtáin,
Na bputóg, na n-ispíní, is an bhagúin.
Ba mhaith ann í nuair a thit an cnapán súigh
Anuas ar na hispíní agus is beag díobh a chuaigh ar díomailt.
Chuaigh Daid síos ’on tseomra leis na sagairt is an cléireach.
Bhí clab go cluasa air ag gáirí
Nuair a chuir an tAthair Ó Sé ceist:
‘Cé méid spiúnóg a chuireabhair sa phota?’
D’fhreagair Bríd ‘dhá cheann déag, is dóigh liom.’
Bhí na mná ag slogadh tae is ag cardáil mar ba ghnáth
Agus ag tabhairt caoi dá chéile ar a n-uain.
Buidéil phórtair a fuair na fir
Agus bhogadar leo do chrú na mbó.
Nuair d’fhág na sagairt slán againn
Agus an Canónach ag cimilt, mar a cheap sé
An smúit dá hata fuair na leanaí scoile seans.
Bhí rith an ráis acu thuas agus thíos.
Bhí liomanáid siopa agus liomanáid tí;
Bhí liathuisce is bainne is uiscealach tae;
Bhí cístí cuiríní ann is cístí rísíní;
Bhí bocstaí is steampaí is bunanna buí.
Bhí bricfeasta is lón ar mhullach a chéile
Nó gur mealladh chun siúil sinn
Go Scoil Fhínín Naofa i mBaile an Ghóilín.
Ní raibh leabhar againn ná mála
Obair bhaile ná lón ach inár bpeains.
Bhogamair go haerach an bóthar síos
Thar stábla Mhiss Mary, Na Naomhóga is an Cuaisín.
An Crosaire suas is Baile Áimín soir.
Ar theorainn Chladáin ag an bPleatform
Bhí moill bheag orainn
Is dá mbeadh gléas ceoil againn
D’fhanaimis seal breise.
An aibhinne soir bhí na héin le clos
An smólach ag cosaint a neide
Is an lon ar malairt poirt.
Bhí an sceach gheal faoi bhláth
Ag lus an chromchinn ag beannú go géilliúil dúinn.
Bhí na coinnle corra ’mithe a chodladh
Ach an ghairleog fhiain go borb fós
Phléasc mo chroí le gealadhram!
Ar chlé chonac an an crann óg muinteartha giúise
Agus é ’om’ mhealladh chuige.
In airde liom agus seo mé as maoil a’ bhaga
Ag aithris ar an Athair Ó Sé.
D’ardaíos mo ghlór agus de ghuth solasghlan a dúrt:
‘A phobal Dé na páirte!
Céad moladh agus buíochas le Dia
A thug dúinn a leithéid de lá
Agus a thabharfaidh oiread eile fós.’
‘Cabh’as duitse?’ a dúirt an glam.
‘Féach lilí an bháin, ní dhéanann siad saothar ná sníomh
Ach ní raibh Solamh ina ghlóir gafa mar iad.
Féach éanlaith an aeir ní chuireann siad síol
Ná ní bhaineann siad fómhar ach ní thiteann ceann
Ar an dtalamh i ngan fhios do bhur nAthair.’
‘Lean ort ag caint leo’ a dúirt an dara glam.
Bhailigh mo lucht éisteachta leo.
B’fhearr leo bheith ag éisteacht leis an máistir
Ag glaoch an rolla dhéanaigh tar éis aimsir lóin.
An Ceangal
Tá dealbh do Naomh Proinsias
Ag seanmóintíocht do na héin
Os comhair thigh na sagart sa Daingean
I gcuimhne mo chúig bliana déag ansúd
Ag préitséireacht dos na héanlaithe.