Thugas fógra ag dinnéar le Muiris is a chlann:
‘Táim ag dul go Notre Dame in Indiana
Seachtain ón Luan seo chugainn.’
Bhí san mar anlann ag an mbord.
Chomhairligh Muiris is a chomplacht
Mé a dhul go dtí an Bons i dTrá Lí
Agus dul faoi scrúdú ag croí-eolaí
Ós rud é go rabhas ag gearán go raibh
At ar m’ailt agus fáscadh ar mo stocaí.
‘Tá aithne agam ar Mhícheál’ arsa Sáinne,
‘Bhíomar sa bhliain chéanna.
B’fhéidir go bhféadfadh sé coinne
A shocrú duit go luath agus mura bhfuil aon bhaol ann
Bainfir amach Notre Dame mar atá socair.’
‘Beidh leabhar á sheoladh agam Dé hAoine,
Criathar Meala’ arsa mise, ‘fómhar cheardlann an Earraigh.’
Fuaireas coinne agus fuaireas leaba.
Ghabhas Bóthar an Choirdín go Trá Lí
Im’ chairt, ach ag Cathair Uí Mhóráin
Chuas isteach thar Báisín
Mar a ndeachaigh de léim An Pocán.
Locas mo chairt ag doras cúil
Ospidéal cluthair Bon Secours.
Thugas faoi shiúl le cabhair mo bhata
Ach bheadh mo mháilín agam mar ualach
An tslí go léir go dtí an Fáiltiú.
Bheannaíos do stuaire comhairleora
Agus d’fhreagair sé go muinteartha tomhaiste.
Thairg lámh chúnta agus thug treoir dom.
‘Raghadsa ar aghaidh le do mhála
Go dtí an seomra feithimh is fáilte.’
Ar aghaidh leis go deifreach agus ar ais
Le breith ar lámh orm agus mé a stiúrú
Go cneasta chun suíocháin bhreá.
‘Gura míle maith agat!
Dia a sheol chugam thú!’
‘Go raibh dea-scéala agat!’ ar sé.
‘Beannacht Dé is Mhuire ort féin is ar do chúram!’
Arsa mise le dúthracht.
Fuaireas amach ina dhiaidh sin
Gur anaeistéisí an comhairleoir lách seo.
Ní raibh moill orm lem, dhíntiúirí
Ach gur chaitheas a chur in iúl
Nár thaitin a ndeir mo shloinne Béarla fúm,
Gur Baile Portaigh, Fen Ton, mé!
Dochtúir óg ón tSúdáin, Kamal,
A sciob chuige féin mé, gan bheann ar Bhéarla
Ach m’ainm féin a thabhairt orm
Á fhuaimniú le cruinneas is mórtas.
Threoraigh sé mé chun mo sheomra 255.
Bhí na haon ní ullamh.
D’imigh Kamal leis ach ní rabhas ach faoi na braillíní
Nuair a bhí sé chugam arís le punann snáthad
Is mias d’fheaga beaga le fuil a thógaint uaim.
Chuireas mearathal air is baolach
Le fiosracht is gliogaireacht chainte:
‘Ní rabhas riamh sa tSúdáin
Ach bhíos gairid don dteorainn
Ag Todanang ar bhruach Loch Turkana.’
‘Ní fada ó mo bhaile é sin,’ar sé.
‘Chaitheas trí seachtaine i Kataboy,
Tamall níos sia ó dheas le cara dom,
Misnéir bríomhar, Caoimhín Ó Breithiúnaigh,
‘Céis’ ó Chéis Corann, gaiscíoch sa ghorta
Ag fóirithint ar fhánaithe an dísirt.
I Nadapal chuir sé íoclann bheag ar fáil
Agus an chéad scoil ar bhruach an Turkwell.
Toisc gur thugas cabhair bheag fuaireas cuireadh
Go ceiliúradh a n-oscailte le gabhar geal a róstadh
Ar bhéileach thine le héirí gréine anoir.’
Níorbh aon ionadh gur fágadh paistí dúghorma
Ar mo chuisle leochaileach le sá na snáthad
Ach d’éirigh le Kamal
Na feaga fola a chur in am
Le hainilísiú sa tsaotharlann
An tráthnóna san féin.
Lá arna mhárach bhí meitheal
Dochtúirí, altraí, teicneoirí, cúntóirí
’Om bhreith ó inneall go hineall.
Fuaireas radharc ar gach taobh dem’ chroí
Is é ag bualadh leis ar a dhícheall,
É ag fáscadh is ag scaoileadh
Ag folmhú agus ag líonadh
Is paiste beag bán
Mar a bhfuil cnapán
A chaithfear a dhíothú
Le go mbeinn folláin.
Bhí glór an fhrithbhuailte ’om bhodhradh
Mar a bheadh outboard mo bháidín.
Bhíos ar ais im’sheomra
Ach a dtáinig an dámh leighis
Leis an Ollamh Nic Gabhann
A léigh is a mhínigh is mhol na cógais
Le neart a chur im’ chroí
Le breis fola a sheoladh im’ dhubháin
Agus at m’alt a mhaolú.
‘An scaoilfidh sibh amach tráthnóna mé?’
Arsa mise le Pailmíne lárna mhárach,
‘Chun Criathar Meala a sheoladh
Sa Díseart sa Daingean mar a mbeidh
Léamh agus reacadh agus díol
Agus ceol agus cóisir.’
‘Déanfaimid ach sínigh do scaoileadh
Agus an fhaid a mhairfidh sé.’
Tháinig mo chairde i gcabhair orm;
Thug TP amach mé agus n’fheadar
Cé thug isteach mé mar go raibh
Fuinneamh sa reacadh agus gáirí geala
A chuir a chodladh sa chairt mé
Ag teacht abhaile.
Bhí seal beag i m’oifig agam
Le scéala a chur go South Bend,
An Corr Theas, Indiana,
Ná beinn ag dul anonn ar an Luan
Mar ambasadóir ó Dhíseart is ó Bhrú,
Le comhar a bhunú eatarthu-san
Agus Ollscoil Mhuire na nGaiscíoch Gael.
Meán lae ar Fhéile Naomh Maolmhaodhóg
A fuaireadar mo scéala agus geallúint
Go seolfainn mo mholtaí chucu
Ar Fhéile Naomh Éireann, séú Samhain,
Agus go raghaimis anonn níos déanaí
Do chlabhsúr ár n-iarrachtaí.
Bhíos im’ pheata laitithe san ospidéal.
Ní rabhas fós sa sáipéal don Aifreann
Ach le cabhair teilifíse bhí radharc agam
Ar an sanctóir, an altóir, an sagart gan cúntóir.
Bhíodh an taibearnacal ar an scáileán agam
Ag an gComaoineach is ag léamh mo phortúis dom.
Ba bhreá liom comhcheiliúradh ar an nDomhnach
Agus triail a bhaint as ar an Satharn.
Fuaireas cead altra a bheith agam
Le mé a shá go doras ar chathaoir rotha.
N’fhéadfadh sí fanacht faram ’cheal cabhrach.
Bheadh a comrádaithe mí-shásta –‘They’d
Have my guts for garters’ ar sí go neafaiseach.
Ach aontaíodh le chéile sinn go léir,
Othair is altraí, dochtúirí, agus comhairleoirí,
Cócairí, glantóirí, tuataí is cléirigh,
Neamh agus talamh, caoirigh agus aoirí,
Briathar duine agus Briathar Dé.
Séaladh sinn i bhFuil an Tiarna
A sholáthraigh an bás a bhí go luath ina aiséirí.
An tAthair Pádraig Ó Súilleabháin, ar scor
Ó mhisean i mBrum Shasana, a bhí i gceannas.
Tháinig chugam tar éis an Aifrinn
Le scéala áthais go mbeadh a chéad Aifreann Gaeilge
Á cheiliúradh aige ar Fhéile na Naomh Uile
Cé gur thall i Londain a rugadh é.
Mhalartaíomar scéal ár mbeatha
Rud a d’fhág go raibh mo chomhairleoir
Bailithe leis gan mé á fheiscint
Nuair d’fhilleas ar mo sheomra.
Chaitheas formhór an lae ag léamh go clabhsúr
Beathaisnéis Pugin, Ailtire Dé, God’s Architect,
Mar a thug údar an leabhair air.
Lá arna mhárach mholas Dia na Glóire
Ar son a dtug is a dtugann dúinn d’ealaíontóirí
Dealbhadóirí, ceoltóirí, potadóirí, péintéirí,
Múrphéintéirí, filí, scríbhneoirí,
Le blaiseadh, radharc is fís a thabhairt dúinn
Dá áille féin a éalaíonn uainn ina scáil ’nár dtimpeall.
Lá na Marbh bhíos sásta le haon Aifreann amháin
A chomhcheiliúras leis an Athair Pádraig Ó hEachiarainn
Agus portús an lae sin a léas go socair ar son
Na Marbh go Léir, ar dtús an triúr déag a bhíodh
Timpeall an bhoird go déanach sa Phaideac,
Na sagart im’ rang is iad siúd a theagasc mé
I Maigh Nuad is gColáiste na Naomh Uile,
Iad siúd go háirithe a thit faoi chathú
Go mbeadh an Tiarna trócaireach leo
Agus go dtabharfadh faoiseamh dóibh siúd
A d’fhulaing fúthu agus go leigheasfaí na cneácha
Ar chorp mistiúil Íosa an Slánaitheoir.
Bhí deireadh le léamh agam an lá sin.
Bhí Pugin sa chré agam sa bheathaisnéis
Thuisceanach léannta le Rós Máire An Chnoic
A thug mar ainm air Ailtire Dé, rud
A chuir i gcuimhne dom Ealaíontóir Dé,
Atá agam mar ainm le fada ar Eileanóir
Atá gan stad ag nochtadh iontais Dé
I nglóir a rún agus i mbeatha a naomh.
Tháinig prufaí Irisleabhair 2009 chugam
Lena chinntiú ná binn díomhaoin na drochghnóthach
An cúpla lá bhí fágtha. Karl Rahner sa chéad alt
Ar An File agus An Sagart is mó thug léas dom
Is misneach; pléann sé go doimhin san aiste sin
Glaoch na beirte, An File is An Sagart,
Briathar Dé is Briathar an Duine,
Conas gur chóir go mbeadh Briathar Dé
I mbéal an tsagairt ag teacht ó chochall a chroí amach.
I lár na léitheoireachta cé bhuail chugam
Ach m’easpag Liam agus lena theacht
Thuigeas go raibh agam Aoire tréada
A thuig don nduine aonair.
Molaim an t-ospidéal geal glan álainn
Gach duine de gach foireann,
Ó chomhairleoirí go dochtúirí agus foghlamóirí,
Ó bhanaltraí go foireann an tí is cócairí.
Tá ann togha na haire do chorp is spiorad is anam.
Níorbh aon ionadh gur thug Sam Mag Uidhir
Geábh isteach ar ár dtuairisc;
An bheirt Shúileabhánach
Is Ciarán a chuir an corn inár lámha.
Bhí na banaltraí ar gach taobh díom
Agus pictiúr á ghlacadh dínn
A bheidh againn mar chuimhniú míosa.
An Dochtúir Ó Beannáin a threoraigh mé isteach
Agus mo Chathailín féin a thug mo mhálaí léi amach.