Apr 16
Beannú Sheomra Nanó Nagle
Posted by admin in An Díseart, Samhradh 2009 on 04 16th, 2009| | No Comments »

Tá ceiliúradh mór in Onóir Nanó Nagle á bheartú don Díseart ar an Domhnach 21 Meitheamh 2009. Beidh Aifreann Mór le cór faoi leith in Eaglais Mhuire sa Daingean, mórshiúl le Cléirigh agus Tuataí ón Eaglais go Reilig na mBan Rialta sna Gairdíní. Canfar an Salve Regina i Laidin in Ómós do na Mná rialta

Beannófar Seomra Nanó Nagle agus osclóidh Sr Stan, iarscoláire ar Chlochar na Toirbhirte an Daingin, é go hoifigiúil.

Beidh Fáiltiú sa Ghairdín tosaigh agus imeachtaí eile ar siúl e.g. Oilithreacht go dtí an Teampall Geall, Tionól filí agus coirmcheoil idir an 19ú agus an 23ú Meitheamh.

Beidh treoraithe ar fáil chun go mbeidh seans ag gach duine an Díseart a fheiceáil agus go háirithe seomra Nanó agus bualadh leis an ealaíonóir.

Apr 15
Taisí na Croise Naofa
Posted by admin in An Sagart, Samhradh 2009 on 04 15th, 2009| | No Comments »

Ó thús na Críostaíochta ba mhór an t-ómós a thugadh na fíréin don chros ar ar céasadh an Slánaitheoir. Ba mhinic a dhéanadh Pól Aspal tagairt di ina chuid scríbhinní. Agus é ag scríobh chuig an eaglais i gCorant dúirt sé: ‘Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.’ (I Cor. 1:17) Agus chuig na Galataigh scríobh sé: ‘Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as cros ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimsa céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom.’ (Gal. 6:14) Níor chuimhneachán luachmhar amháin cros Chríost le Pól ach samhailchomhartha ar an bPáis agus ar ár slánú.

Ba é an dála céanna ag ár sinsir é, rud is léir ón litríocht. Sa phortús Gaeilge léimid a leithéid seo:

 

                   Cros Chríost thar an mbéal seo,

                   Cros Chríost thar an gcraos seo.

                   Cros Chríost thar an gcúl seo,

                   Cros Chríost thar an taobh seo.  . .

 

Agus an rann seo as dán eile:

 

                   Cros Chríost tharam im’ shuí.

                   Cros Chríost tharam im’ luí.

                   Cros Chríost mo bhrí uile

                   Go sroichim Rí nimhe.  . .

Nuair a chuir an tEaspag Macarius tochailt á déanamh in Iarúsailéim timpeall na bliana 327 a d’iarraidh na láithreacha naofa a aimsiú, thángthas ar an bhFíor-Chros. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur gearradh an chros ina píosaí beaga agus gur cuireadh mionbhlúirí di mar thaisí ar fud an domhain chríostaí. Cuireadh cumhdaigh mhaisithe le haghaidh na dtaisí seo á ndéanamh, níor nárbh ionadh, agus is i bhfoirm croise a rinneadh a lán de na cumhdaigh seo. Uaireanta ba chrosa uchtacha iad le caitheamh ar shlabhra timpeall an mhuinéil. Uaireanta ba chrosa mórshiúil iad.

Sa bhliain 1119 cuireadh giota den Fhíor-Chros go hÉirinn, agus d’iarr an tArd-Rí, Toirdhealbhach Ó Conchubhair, go bhfágfaí blúirín de sa tír seo. Géilleadh dá iarratas agus d’iarr sé go ndéanfaí cumhdach feiliúnach le haghaidh na taise luachmhaire. Fágadh cúram na hoibre seo faoi easpag Ail Finn, Dónall Ó Dufaigh, a d’fhostaigh ceardaí oilte darbh ainm Maol Íosa mac Brathdáin Ó hEacháin leis an gcumhdach a dhéanamh. Chrom an fear seo ar an obair sa bhliain 1123 agus chaith timpeall ceithre bliana ag gabháil di. Tá an t-eolas sin le fáil againn ón inscríbhinn atá greanta ar an gcumhdach. Cruth croise mórshiúlaí a bhí ar an gcumhdach a rinne sé. Toisc gur i mainistir na nAgaistíneach i gConga i gContae Mhaigheo a bhí an cumhdach seo á coinneáil ar feadh i bhfad, tugtar Cros Chonga air. De phlátaí copair greamaithe de chros dharach atá an scrín seo déanta. I lár báire tá cumhdach airgid a bhfuil criostal mór cruinn ar a aghaidh agus is laistigh den chumhdach sin a choinnítí taise na Fíor-Chroise. Tá an chros dhá throigh go leith ar airde agus níos mó ná troigh go leith trasna. Gréasa míolchruthacha déanta de chré-umha óraithe i bpainéil bheaga an príomh-mhaisiú ar aghaidh na croise. Idir na painéil agus ar na taobhanna tá cnapáin gloine nó cruáin. Ceithre phainéal mhóra lán le gréas míolchruthach atá mar mhaisiú ar chúl na croise. Tá ceann amháin de na painéil sin ar iarraidh anois. Is d’airgead geal atá na taobhanna déanta agus is ansin atá an inscríbhinn a thugann an oiread sin eolais dúinn faoin gcumhdach. Ag a bhun tá dhá chloigeann ainmhí agus cos na croise greamaithe ina mbéal acu. De ghloine ghorm atá súile na n-ainmhithe déanta.

I rith ré na bpéindlíthe cuireadh an chros i bhfolach ach i dtús an naoú céad déag d’aimsigh sagart paróiste Chonga, an tAthair Priondargás, i gcófra sa sráidbhaile í. Cheannaigh an tOllamh Mac Cú Uladh (Mac Cullagh) ó chomharba an Athar Priondargás í agus bhronn ar iarsmalann Acadamh Ríoga na hÉireann í sa bhliain 1839. Tá an tseoid ealaíne seo le feiceáil in Ard-Mhúsaem na hÉireann i mBaile Átha Cliath anois.

Bhí taise eile den Fhíor-Chros á coinneáil i mainistir na gCisteirseach a fuair a hainm ón gCros chéanna, Mainistir na Croise Naofa i gContae Thiobraid Árann. Mainistir de chuid na mBeinidicteach í seo i dtosach ón mbliain 1169, ach aon bhliain déag ina dhiaidh sin thug Dónall Mór Ó Briain manaigh Chisteirseacha ó Mhainistir an Aonaigh i Luimneach chun an mhainistir a athbhunú. Is beag de na foirgnimh bhunaigh atá fágtha anois. Cuid den fhoirgneamh atá ann faoi láthair, is sa tríú céad déag a tógadh é, ach is leis an gcúigiú céad déag an chuid is suaithinsí den mhainistir. Tógadh an chuid sin di idir na blianta 1450 agus 1475. Ceaptar go ndearnadh an atógáil seo agus an athnuachan san am sin mar go raibh cáil agus clú ar an áit mar gheall ar thaise na Fíor-Chroise a bheith ann agus go raibh na sluaite dubha ag tarraingt ar an áit ar oilithreacht.

Bhí Dónall Spáinneach Caomhánach ar dhuine de na ceannairí Éireannacha ab iomráití i gCúige Laighean sa chogadh in aghaidh Eilís a hAon i ndeireadh an tséú céad déag in éineacht le Fiachaidh mac Aodha Ó Broin i gContae Chill Mhantáin agus Ruairí Ó Móra i Laois. Chónaigh Dónall i gCluain Muilinn ar theorainn Cheatharlach agus Loch Garman in aice le Bun Clóidí. Gariníon dó ab ea Eilíonóir, ar a dtugtar ‘Eilíonóir na Rún’ nó ‘Eibhlín a Rún’ san amhrán, ar scríobh an file, Cearúll Óg Ó Dálaigh dánta di.

Tar éis Theitheadh na nIarlaí i 1607 bhí an tír síochánta go leor ach bhí na Sasanaigh san airdeall i gcónaí. Ar Aoine an Chéasta sa bhliain 1608 tháinig Dónall Spáinneach agus a lán eile de mhuintir na gCaomhánach le chéile. Scanraigh na Sasanaigh nuair a chuala siad faoi. An raibh ceannairc á beartú? Bheadh gá le fiosrúchán a chur ar bun faoin scéal. Thángthas chun Dónall a cheistiú go géar. D’admhaigh seisean go hoscailte go raibh cruinniú aige féin agus a mhuintir mar a dúradh, agus d’inis sé fáth an chruinnithe. Tháinig siad le chéile le hómós a thabhairt do thaise d’Fhíor-Chros Chríost a bhí tar éis teacht ón Róimh le déanaí. Scríobh Sir Arthur Chichester chuig an Rí-Chomhairle i Sasana á chur seo in iúl dóibh: Tharla an cruinniú, scríobh sé, ‘upon Good Friday last, to make offering to a piece of wood which was of the Holy Cross, as they were made to believe. It is a relic but lately come from Rome’.

Beagnach ceithre scór blianta ina dhiaidh sin, sa bhliain 1687, bhí post ard-ionadaí an rí i gContae Loch Garman ag duine uasal darbh ainm an Coirnéal Uaitéar de Buitléir. Bhí sé ina bhall parlaiminte don chontae dhá bhliain ina dhiaidh sin. Muintir chéimiúil sa chontae ab ea na Buitléaraigh sin sa seachtú céad déag agus Caitlicigh a bhí iontu. Sa bhliain 1705 ní raibh cead ach ag ceathrar Caitliceach - ‘persons of the Popish religion’ - i gContae Loch Garman a bheith faoi arm. Bhí an Coirnéal Uaitéar de Buitléir ar dhuine den cheathrar sin agus bhí cead aige claíomh, cás amháin piostal agus gunna amháin a bheith aige. Bhí cónaí ar an gCoirnéal in áit ar a dtugtar Móin Finn in aice le Baile Uí Chearnaigh, leath bealaigh idir Inis Córthaidh agus Bun Clóidí. Bhí séipéal ina theach aige ansin agus thagadh muintir na háite ar Aifreann ann i rith dheireadh an tseachtú céad déag. Sa séipéilín sin bhí taise den Fhíor-Chros á coinneáil. Bhí an Coirnéal tar éis an taise sin a fháil óna sheanathair, Éamann de Buitléir. Ba é an tEaspag Nioclás Frinse, easpag dheoise Fearna (1645-1678) a chuir an taise anall ón Róimh le coinneáil in ardeaglais na deoise. I rith an chogaidh in aghaidh Chromail cailleadh nó scriosadh na cáipéisí a ghabh leis an taise á dhearbhú gur thaise den Fhíor-Chros a bhí inti. Mheas easpag na deoise, an tEaspag John Verdon (1708-1728), go mba cheart don Choirnéal de Buitléir teistíocht a dhéanamh ag deimhniú fhíre na taise. Bhí an Coirnéal níos mó ná sásta é sin a dhéanamh agus ar an 14ú lá de Mheitheamh na bliana 1716, i láthair an easpaig sa séipéal i Móin Finn, thug sé fianaise dhearfa ar stair na taise.

Ar mhí-ámharaí an tsaoil, ní fios cá bhfuil ceachtar de na taisí sin anois, an ceann ar thug na Caomhánaigh ómós di Aoine an Chéasta 1608 ná an ceann a bhí i seilbh an Choirnéil de Buitléir sa bhliain 1716.

Apr 15

I láthair na huaire iarrtar orainn a bheith ag guí ar son Bheannú triúir Éireannach a raibh baint acu le Léigiún Mhuire. Is iad sin an tUrramach Éadáil Ní Choinn a fuair bás i Nairobi sa Chéinia sa bhliain 1944; Ailfí Ó Luain, toscaire de chuid an Léigiúin i Meiriceá Theas a d’imigh ar shlí na fírinne sa bhliain 1959; agus bunaitheoir an Léigiúin, Proinsias Ó Duibh a fuair bás sa bhliain 1980. Ag cuimhneamh dúinn ar an triúr sin, níor mhiste dúinn, b’fhéidir, ainm duine eile a lua a bhfuil cúis a Bheannaithe ar siúl sa Róimh chomh maith, fear a rugadh i Stáit Aontaithe Mheiriceá arbh Éireannaigh a athair agus a mháthair.

Ar an 11ú lá de mhí Iúil sa bhliain 1995 d’fhógair an Pápa Eoin Pól II sagart Caipisíneach darbh ainm an tAthair Solanus Ó Cathasaigh, OFM Cap., ina Urramach (Venerabilis). In aice le Prescott i Wisconsin, ar fheirm ar bhruacha abhainn an Mississippi, a rugadh é ar an 25ú lá de Shamhain na bliana 1870. Bhí a athair, Bearnard Ó Cathasaigh, agus a bhean chéile tar éis teacht go Meiriceá ó Éirinn tamall de bhlianta roimhe sin, mar a rinne a lán de mhuintir na hÉireann sa naoú haois déag. Muirear mór a bhí ar mhuintir Uí Chathasaigh, deichniúr buachaillí agus seisear cailíní. Ba é Bearnard óg an séú duine sa chlann. Baisteadh é ar an 18ú lá de mhí na Samhna in Eaglais Mhiseanach Naomh Iósaf i bPrescott agus tugadh Bearnard Proinsias air. Bhí sé beagáinín níos sine ná dhá bhliain déag nuair a ghlac sé a Chéad Chomaoineach in Eaglais Naomh Pádraig i mbaile Hudson, Wisconsin. Chuaigh sé ar scoil go dtí Burkhardt go dtí go raibh sé seacht mbliana déag d’aois.

Ní raibh ag éirí go maith le cúrsaí feirmeoireachta sa cheantar agus Bearnard ag fás aníos. Theip ar na barraí níos mó ná uair amháin i rith na mblianta sin agus ní raibh an teaghlach go ró-mhaith as. B’éigean do na Cathasaigh a bheith saothrach, seiftiúil agus tíosach. Daoine cráifeacha diaganta ab ea iad agus ba é an dála céanna ag an gclann é agus go háirithe ag Bearnard óg.

Nuair a d’fhág Bearnard an scoil b’éigean dó cúl a thabhairt d’obair agus do ghnóthaí na feirme agus dul amach ag saothrú airgid don chlann ar bhealaí éagsúla. Chaith sé tamall mar choillteoir ag obair ar na saileanna crainn a bhíodh á gcur ar snámh ar an abhainn in áit ar a dtugtar Stillwater i Minnesota nach raibh i bhfad ó bhaile. Chaith sé tamall eile mar gharda páirtaimsire i bpríosún agus tamall eile fós mar dhoirseoir in ospidéal.

Timpeall an ama sin, tugadh isteach na tramanna leictreacha i mbaile mór Superior agus bhí Bearnard ar dhuine den chéad fhoireann a d’fhostaigh an comhlacht agus chuir sé tréimhse thairis ag obair ar na tramanna sa chathair.

Chaith Bearnard ceithre bliana ag obair ach ar feadh an ama ba é ba mhian leis a bheith ina shagart, agus nuair a bhí sé bliain is fiche d’aois d’éirigh leis dul isteach in Ardscoil nó Cliarscoil Naomh Proinsias i Milwaukee, Wisconsin, mar ar chaith sé ceithre bliana eile ag saothrú an léinn agus na cráifeachta. Faoin am sin bhí sé socair ina intinn go rachadh sé isteach in Ord na gCaipisíneach agus Oíche Nollag na bliana 1896 bhain sé Mainistir Naomh Bonaventura amach i gcathair Detroit, Michigan. Ar an 17ú lá de mhí Eanáir 1897 glacadh isteach é mar nóibhíseach agus tugadh Solanus mar ainm crábhaidh air.

Thug sé a phroifisiún simplí sa mhainistir in Detroit ar an aonú lá fichead de mhí Iúil 1898, agus ansin chuaigh sé go dtí Mainistir Naomh Proinsias i Milwaukee chun a chúrsa fealsúnachta agus diagachta a dhéanamh. I gceann trí bliana, an 21ú Iúil 1901, ghlac sé a mhóideanna sollúnta. Fuair sé an staidéar dian go leor agus ní gan dua a d’éirigh leis a chúrsa léinn a chur de. San am céanna, cléireach fíordhíograiseach a bhí ann, é dílis do na rialacha agus don bheatha rialta agus chuaigh sé sin i bhfeidhm go mór ar na húdaráis. Cuireadh faoi ghrádh fódhéagánaigh é, mar ba nós san am, ar Fhéile Ghiniúint gan Smál na Maighdine Muire sa bhliain 1903, agus faoi ghrádh déagánaigh roinnt míonna ina dhiaidh sin, ar an 20ú lá de Mhárta 1904. An bhliain chéanna, ar 24ú Iúil, rinneadh sagart de. Bhí mian a chroí bainte amach aige faoi dheireadh. Bhí sé ceithre bliana is tríocha d’aois.   Cuireadh go dtí Nua-Eabhrac é agus ar 4ú Lúnasa tháinig sé go dtí Mainistir an Chroí Naofa i Yonkers mar a rabh sé le ceithre bliana déag a chaitheamh. Fad a bhí sé ansin, d’oibrigh sé sa mhainistir mar dhóirseoir agus thugadh sé aire don saicriosta agus chomhlíon sé na gnáthdhualgais bheaga a tugadh dó le déanamh, ach bhí go leor eile á dhéanamh aige i saol an pharóiste. Bhí sé ina stiúrthóir ar Chuallacht na gCailíní agus cuireadh i bhfeighil na bhfreastalaithe altóra é. Chuaigh an chaoi a léifeadh sé an tAifreann agus an chráifeacht ba léir a bhí ann agus é ag stiúrú deabhóidí poiblí i bhfeidhm go mór ar an bpobal, agus rud eile a chuaigh i gcion go mór ar na daoine i gcoitinne an aire a thugadh sé do na daoine breoite agus do na daoine óga, agus an charthannacht a léirigh sé i leith na mbocht agus na neamh-Chaitliceach.

Bhí an-chion go deo ag na hothair air agus ba mhór an chúis ríméid dóibh i gcónaí é a theacht ar cuairt chucu. Bhíodh sé in ann sólás a thabhairt dóibh i gcónaí, dá olcas an phian nó an t-imní a bhíodh orthu. Is ar son na mbocht agus na n-easlán a chaith an tAthair Solanus a dhúthracht ina lán áiteanna. Tar éis a bheith ag obair i bParóiste an Chroí Naofa, aistríodh é go dtí Paróiste Mhuire na nDólás i gcathair Nua-Eabhrac mar ar chaith sé trí bliana, ó 1918 go dtí 1921, agus ansin go dtí Paróiste Mhuire na nAingeal in Harlem, áit ar fhan sé go dtí 1924. Tar éis dó trí bliana a chaitheamh ansin cuireadh ar ais é go dtí Mainistir Naomh Bonaventura in Detroit. Níorbh fhada gur leath a cháil i measc na mbocht sa chathair sin faoi mar a tharla i Nua-Eabhrac, agus ba mhór an sólás a thug sé do gach uile shaghas duine, idir óg agus aosta, a bhí tinn nó a raibh buairt orthu nó a bhí i gcruachás de shaghas ar bith. Bhíodh sé réidh i gcónaí éisteacht leo agus comhairle agus sólás a thabhairt dóibh agus a misneach a mhúscailt. D’fhéadfaí a rá go fírinneach gurbh é ‘a thugadh croí dá mbíodh faoi chathú, a thógadh as an láib an dream a bhí tite ar lár, a thugadh sólás dóibh siúd a raibh díomá nó éadóchas orthu, agus a neartaíodh le creideamh an dream a bhí faoi bhuairt’.

Bhí suim ag an Athair Solanus sa cheol agus bhaineadh sé an-taitneamh as bheith ag éisteacht leis agus as bheith á sheinnt. Tá grianghraf de agus é ag casadh ceoil ar an veidhlín..

Rinne sé sár-obair sa bhliain 1929 nuair a bhí dhroch-chaoi ar chúrsaí tráchtála agus airgeadais sna Stáit. Bhí na mílte duine i gcruachás uafásach, agus a lán daoine ag cur lámh ina mbás féin. Is iomaí duine ar chuir sé sólás orthu san am ba ghéire a theastaigh sin uathu. De bharr a chuid iarrachtaí ar son na ndaoine a raibh ganntanas bia ag cur as dóibh, chuir na Caipisínigh in Detroit ‘cistineacha anraith’ ar bun a chuir béilí ar fáil do lucht an ocrais, rud atá ar siúl acu go dtí an lá atá inniu ann.

Bhí deis eile ag an Athair Solanus le cabhair a thabhairt do dhaoine i rith an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí buairt mhór ar mhuintir Mheiriceá faoi na saighdiúirí a bhí thar lear, a gclann mhac, a n-aithreacha agus a ngaolta. Ba iontach an cúnamh agus an misneach a thugadh sé dóibh nuair a thagadh daoine buartha chuige ag iarraidh a chuid paidreacha air ar son a muintire a bhí gafa sa chogaíocht agus ar a son féin.

   Mar a dúradh cheana, i gcónaí riamh bhí fonn air chun friothála ar dhaoine nár Chaitlicigh iad agus bhí de thoradh ar a dhíograis agus ar a chreideamh láidir féin gur éirigh leis a lán acu a thabhairt isteach san Eaglais. Níor theastaigh uaidh ach an Soiscéal a scaipeadh agus eolas ar Chríost a theagasc chomh forleathan agus a d’fhéad sé. D’oibríodh sé go dícheallach ar son na misean agus ar son na misinéirí a bhí ag saothrú thar lear chun an Chríostaíocht a chur chun cinn sna tíortha págánacha.

   Cé go raibh sé ag dul in aois, níor mhaolaigh ar a chuid oibre ar son na mbocht agus na n-easlán, fiú amháin nuair a cuireadh é go dtí Mainistir Naomh Felix in Huntington, Indiana, in Earrach na bliana 1945 i dtreo go mbeadh caoi aige a scíth a ligean agus é ‘leath ar scor’. Bhí cúig bliana déag is trí scór slánaithe aige faoin am sin. Lean sé dá mhinistreacht fós, áfach, go ceann deich mbliana eile ansin, go dtí, sa deireadh, go raibh ag teip ar a shláinte féin agus cuireadh ar ais go Detroit é mar a mbeadh an chóir leighis a bhí riachtanach ar fáil aige. D’fhulaing sé roinnt mhaith péine i rith an ama seo ach ghlac sé lena chuid pianta go foighneach. Breis is bliain ina dhiaidh sin b’éigean dó dul isteach san ospidéal, agus tar éis mí a chaitheamh ann d’imigh sé ar shlí na fírinne ar an 31ú lá de mhí Iúil 1957. Nuair a bhí sé ar leaba a bháis is éard a dúirt sé: ‘Fulaingím na pianta seo le go mbeidh duine ar an domhan aontaithe faoi shéala Dé.’ Díreach sula bhfuair sé bás, shuigh sé aniar sa leaba agus ghlaoigh amach de ghlór ard: ‘Tugaim m’anam d’Íosa Críost!’

   Bhí a chomh-Chaipisínigh cinnte de gur dhuine fíornaofa a bhí ann, agus i dtús na bliana 1958, chuir an tAthair Gerald Walker, uachtarán Chúige Naomh Iósaf de na Caipisínigh, cuntas chuig údaráis an Oird sa Róimh ag cur síos ar shaol agus ar thréithe an Athar Solanus. Chuaigh an cuntas go mór i gcion orthu. Go luath tar éis bháis don Athair Solanus léirigh an pobal, idir Chaitlicigh agus neamh-Chaitlicigh, a mórmheas air, agus thosaigh scéala ag teacht isteach ó gach aird ag cur síos ar a shuáilcí suntasacha.

    Faoi Iúil na bliana 1960 bhunaigh na Caipisínigh in Detroit ‘Gild an Athar Solanus’. Is é is cuspóir don Ghild cuimhne an tsagairt a bhuanú, eolas ar a chráifeacht a scaipeadh, agus faisnéis a chnuasach faoina shaol agus faoina shaothar. Tá sé d’aidhm ag an nGild cúis a chanónaithe a chur chun cinn. Sa bhliain 1966, chuir Proibhinseal an Oird, an tAthair Gerard Hesse, cuntas chuig ceannairí an Oird sa Róimh ar na fábhair a cuireadh i leith idirghuí an Athar Solanus, agus ar an 4ú lá de Dheireadh Fómhair na bliana sin ceapadh an tAthair Pascal Siler, OFM Cap., ina Leas-Phostaláidí don Chúis. Chuir seisean roimhe gach eolas a bhailiú ó dhaoine a raibh aithne acu ar an Athar Solanus, agus ón mbliain 1974 tá Caipisíneach eile, an Bráthair Leo Wollenweber, ag gabháil den obair seo.

    Ar an 24ú Meitheamh 1976 cuireadh achainí fhoirmeálta faoi bhráid ardeaspag Detroit, an Cairdinéal John Dearden, chun tús oifigiúil a chur le hiniúchadh na Cúise, agus faoi Eanáir na bliana dár gcionn d’iarr seisean scríbhinní uile an Athar Solanus a chur isteach chuige go n-iniúchfaí iad. Thóg sé cúpla bliain chun na scríbhinní seo a chlóscríobh agus rinneadh ceithre cinn d’imleabhair díobh. Nuair a rinne beirt dhiagairí dianscrúdú orthu, fógraíodh go raibh siad saor ó aon earráid teagaisc, agus tugadh an chéad mhórchéim eile nuair a thug an Pápa Eoin Pól II a chead ar an 19ú Meitheamh 1982 le dul ar aghaidh leis an gCúis in ard-deoise Detroit.

   Ó Dheireadh Fómhair na bliana 1983 go dtí Meán Fómhair na bliana dár gcionn, cuireadh scrúdú ar bhreis is leathchéad finné, idir shagairt agus thuataí, agus cuireadh an fhianaise ar fad faoi bhráid Chuallacht Chúiseanna na Naomh sa Róimh sa bhliain 1984. In 1987 dí-adhlacadh corp an Athar Solanus as a uaigh i reilig Naomh Bonaventura agus ath-adhlacadh é laistigh den séipéal. Sa bhliain 1995, tar éis do phainéal diagairí gach rud a iniúchadh, d’fhógair an Pápa Eoin Pól II an tAthair Solanus ina Urramach.

    Tá paidreacha an phobail á n-iarraidh ar son a Bheannaithe, agus tá cártaí beaga urnaí ar fáil sna teangacha éagsúla seo: Béarla, Spáinnis, Iodáilis, Fraincis, Gearmáinis, Pólainnis - agus an Ghaeilge. Ar an gcárta Gaeilge sin deirtear: ‘Chaith an tAthair Solanus a shaol ag cuidiú le daoine. Ag doras na mainistreach bhíodh na mílte duine de gach aois agus de gach aicme ag iarraidh sóláis agus comhairle uaidh agus is minic a dúradh gur tháinig grásta Dé chuig daoine trína urnaí. Thaispeánadh sé a ghrá do Dhia tríd an ngrá a bhíodh aige do dhaoine. Bhíodh sé i gcónaí réidh lá agus oíche le teacht i gcabhair ar dhaoine agus ní iarradh sé de chúiteamh uathu ach go dtabharfaidís grá agus cabhair do na misin.’

    Dá mbeadh cóipeanna den chárta Gaeilge nó eolas ar bith eile ó dhuine, níor ghá dó ach scríobh á lorg chuig oifig an ghild i Meiriceá: Father Solanus Guild, 1780 Mt Elliott Avenue, Detroit, Michigan 48207-3496.

Séamas S. de Vál

Apr 15

Níl de chorp ar talamh anois ag Críost ach do chorpsa,

Níl de lámha ach do lámhasa,

Níl de chosa ach do chosa-sa;

Is leatsa na súile trína bhfuil taise agus trócaire Chríost

Le féachaint amach ar an saol;

Is leatsa na cosa

Lena bhfuil sé le dul timpeall ag déanamh na maitheasa,

Agus is leatsa na lámha

Lena bhfuil sé le sinn a bheannú anois.

 P.Ó.F. a d’aistrigh

 

Apr 15
Nóibhéine Urnaí
Posted by admin in An Sagart, Samhradh 2009 on 04 15th, 2009| | No Comments »

A Dhia, ár nAthair, cuireann tú fáilte i do chóngar rompu siúd a fhreastalann ort go dílis ar an saol seo. Glaoimid ar Naomh Treasa an Linbh Íosa de bharr a grá duit. Toisc na muiníne linbh a bhí aici asat bhí dóchas aici “go ndéanfá-sa a toil ar Neamh mar go ndearna sise i gcónaí do thoil-se ar talamh.”

Impím ort an achainí a dhéanaim ort le barr creidimh a dheonú dom agus mé ag dul faoi scáth a hidirghuí.

An Ár nAthair

 A Thiarna Íosa, a Aon-Mhic Dé, ár Slánaitheoir, cuimhnigh gur chaith Naomh Treasa an Linbh Íosa a saol anseo thíos ar mhaithe le slánú anamnacha agus gur theastaigh uaithi “a Neamh a chaitheamh ag déanamh na maitheasa ar talamh.” Mar gurb í do bhrídeog dhil í agus go raibh sí ar lasadh le díograis ar son do ghlóire, guímid chuici. Táim ag brath ort go mbronnfaidh tú orm na grástaí atá á n-impí agam trína hidirghuí.

 Sé do bheatha

 A Naomh-Spioraid, a fhoinse gach grásta agus grá, is tusa a líon Naomh Treasa an Linbh Íosa leis an oiread sin tíolacadh agus  d’fhreagair sí dóibh le dílseacht chomh foirfe sin. Ó tá sí ag idirghuí ar ár son anois agus gur mian léi bheith ag obair gan staonadh go deireadh an tsaoil, is tríthi a ghuímid.

Impím ort inspioráid a thabhairt do m’urnaí le go ndeonaítear dom an fabhar a chuireas faoina hidirghuí.

Glóir don Athair

 A Naomh Treasa an Linbh Íosa, féach cad é mo mhuinín asat, bíodh fáilte agat roimh m’intinní. Déan idirghuí ar mo shon leis an Mhaighdean Bheannaithe Mhuire a tháinig le geangháire chugat agus tú ag fulang. Féach go ceansa ar chách atá buartha ciaptha agus ar gach duine atá ag guí chugat. Aontaím leo mar mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha.

Más é toil an Tiarna é, neartaigh ár gcreideamh, ár ndóchas agus ár ngrá ar bhóthar na beatha trí na grástaí lena bhfuilimid ag tnúth. Go raibh cabhair Dé againn ar uair ár mbáis i dtreo go raghaimid anonn ón saol seo go síocháin an Athar agus go mbainfimid amach aoibhneas síoraí chlann Dé. Amen.

 Urnaí do Laois agus Zélie Bheannaithe

A Dhia an ghrá shíoraí, thug tú dúinn sa lánúin bheannaithe Laois agus Zélie Máirtín, sampla den naofacht i saol an phósta. Chaomhnaíodar a gcreideamh agus a ndóchas i ndualgais agus i ndeacaireachtaí an tsaoil. Thógadar a leanaí i slí is go ndéanfaí naoimh díobh. Go dtuga a n-urnaí agus a sampla misneach agus neart do chlanna eile ar feadh a saoil Chríostaí agus cabhair dúinn go léir ar an gcasán chun na naofachta. Deonaigh dúinn, más é do thoil-se é, an grásta atá á iarraidh againn ort trína n-idirghuí, agus go n-áireofar iad féin ar naoimh d’Eaglaise. Trí Chríost, ár dTiarna. Amen.

Apr 15
Glór na nGael - Preasráitis
Posted by admin in An Sagart, Samhradh 2009 on 04 15th, 2009| | No Comments »

Is é Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, a bhuaigh céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2008.

Fógraíodh torthaí an chomórtais ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidio na Gaeltachta ag 9.20rn, 30 Eanáir.

Bhuaigh Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair €50,000 agus trófaí, aitheantas náisiúnta ar a bhain sé amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2008.

Is é Comharchumann Ráth Chairn, Co na Mí, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500.

Ag moladh obair Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá an duais seo tuillte go maith ag Gaoth Dobhair as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge sa cheantair, ní hamháin le bliain anuas ach le tréimhse de bhlianta.” 

“Fuair Gaoth Dobhair marcanna arda faoi achan réimse den chomórtas. Tá moladh speisialta tuillte ag Cumann Lúthchleas Gael as ucht cáipéisíocht na heagraíochta a aistriú go Gaeilge.

“Tá Ógras ag feidhmiú sa cheantar agus is mór an cúnamh é an tOifigeach seo a bheith lonnaithe go háitiúil. Eagraítear neart imeachtaí ó cheolchoirmeacha go ranganna damhsa agus moltar an scoil cheoil atá idir lámha chomh maith.     

“Gabhaim comhghairdeas leis an Chomhchumann agus céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael á bhuachan acu in éadan iomaíocht ghéar.”

“Is léiriú é buachaint na duaise seo ar an dul chun cinn suntasach atá ag tarlú i gContae Dhún na nGall le tamall anuas ó thaobh na Gaeilge de.

“I measc na buaiteoirí eile sa Chontae bhí :

  • Coiste Forbartha Dhobhair a bhuaigh céad áit Leibhéal 3 sa Ghaeltacht, €5,000 agus Duais Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta €1,000;
  • Comharchumann na nOileán Beag a bhuaigh Duais Iontaobhas Ultach €1,400 agus Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500;
  • Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille a bhuaigh Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500;
  • Comhairle Paróiste Chill Charthaigh a bhuaigh Duais Aithentais €1,000.”

San iomlán d’fhógair Glór na nGael duaiseanna de luach €150,000 beo ar Raidió na Gaeltachta.

I measc na mbuaiteoirí eile, bhuaigh an chomhlacht Samsung Trófaí na gComhlachtaí mar gheall ar na sheirbhísí a chuireann sé ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Eagrófar Bronnadh Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair ar 28 Márta 2009.

 

Cathaoirleach Nua

Tá cathaoirleach nua ceaptha ag coiste stiúrtha Ghlór na nGael.

Toghadh an Dr Íde Ní Uallacháin mar chathaoirleach ar an chomórtas náisiúnta ag an chruinniú cinn bliana le déanaí.

Is cainteoir Gaeilge ó dhúchas í an Dr Ní Uallacháin agus ceangal fada lena ag a clann ar an dá thaobh le cúrsaí na Gaeilge. Bhí baint ag a hathair, Pádraig Ó hUallacháin, as Dún Dealgan, le Comhaltas Uladh agus chaith sé seal mar rúnaí ar Choláiste Bhríde, Rann na Feirsde.

Bhí a máthair, Eithne Ní Dhoibhlin as Ard Mhacha Theas, ina múinteoir Gaeilge ar feadh a saoil; bhí baint ag a huncail, an tAthair Éamonn Ó Doibhlin, le bunú Ghlór na nGael.

Tá an Dr Ní Uallacháin pósta ar Thadhg Ó Dúshláine agus cúigear clainne acu agus cónaí orthu i gContae na Mí.

Bhain sí céim ollscoile amach i 1975 sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht le céad onóracha, Ard Teastas san Oideachas i 1976, MA sa Nua-Ghaeilge i 1992 le céad onóracha agus céim Dochtúireachta i 1998.

Bhí sí mar chathaoirleach ar an gcoiste a bhunaigh Scoil na Ríthe i 1985 - bunscoil lán-ghaelach, i nDomhnach Seachnaill i gCo. na Mí.

Ag cur fáilte roimpi, dúirt ceannaire Glór na nGael, Lorcán Mac Gabhann: “Is mór dúinn i nGlór na nGael go bhfuil an Dr  Ní Uallacháin ceaptha mar chathaoirleach ar an choiste stiúrtha.

“Níl aon amhras ann go mbeidh eolas s’aici-sin ar chúrsaí Gaeilge go mór ar leas Ghlór na nGael.

“Is deas linn fosta go ndaingneoidh sí nasc s’againne le bunaitheoirí Ghlór na nGael agus í gaolta leis an Athair Éamonn Ó Doibhlin.

“Tá mé a’ dréim go mór le bheith ag obair léi amach anseo,” ar sé.

 A Thuilleadh faoin mBronnadh

 Beidh an dá chathaoirleach, Liam Ó Cuinneagáin agus Liam Ó Maolmhíchíl le chéile don ócáid mhór a bheidh ar siúl i nGaoth Dobhair ar Contae Dhún na nGall, ar 28 Márta 2009.

Bronnfar an chéad duais, €50,000 agus trófaí, ar Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, aitheantas náisiúnta ar a bhain sé amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2008.

Is é Comharchumann Ráth Chairn, Co na Mí, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500.

San iomlán bronnfar duaiseanna de luach €150,000 ar coistí deonacha ó phobail fud fad na hÉireann agus thar sáile.

Tá Trofaí na gComhlachtaí le bronnadh ar Samsung mar aitheantas dá chuid iarrachtaí tuar-théacs a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

 Glór i gCanada

Tá Ambasáid Cheanada in Éirinn le fáiltiú speisialta a eagrú in onóir Chumann na Gaeltachta, Ceanada, atá ar tí duais Ghlór na nGael a fháil.

Tarlóidh an t-imeacht ag 6.00in 27 Márta 2009 in Óstán Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall, le haitheantas a thabhairt do bhuaiteoirí uile Global Gaeilge.

Beidh Richard Philippe, Comhairleoir Tráchtála leis an Ambasáid, ag an imeacht i gcomhar le hionadaithe ó Chumann na Gaeltachta agus ó Ghlór na nGael.

Ag déanamh comhghairdis leis an Chumann, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá ard mholadh tuillte ag Cumann na Gaeltachta agus an dul chun cinn suntasach atá déanta aige.

“Bunaithe roinnt blianta beaga ó shin, chruthaigh sé Gaeltacht i gCeanada inar féidir leo sin a bhfuil suim acu dul agus an Ghaeilge a fhoghlaim.

“Tá an áthas ar Ghlór na nGael aitheantas a thabhairt dó leis an duais seo.”


Is é an Manchester Irish Language Group a bhuaigh an dara háit sa chomórtas. Tháinig
Cumann Gaeilge na hAstráile, lonnaithe i Melbourne, sa tríú háit.go bliantúil ar choistí deonacha a dhéanann an t-éacht is mó leis an Ghaeilge a chur chun cinn.

Bronntar duaiseanna Ghlór na nGael le ciste de €150,000

Bunaíodh Global Gaeilge, an gné idirnáisiúnta den chomórtas, in 2005 le haitheantas a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge thar sáile.

Bronnfar na duaiseanna ag ócáid speisialta in Óstán Ghaoth Dobhair ar 28 Márta 2009, an lá tar éis an fháiltithe le hAmbasáid Cheanada. Beidh cathaoirligh Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, Liam Ó Mhaoilmhíchil agus Liam Ó Cuinneagáin, beirt i láthair leis an bhronnadh a dhéanamh le chéile.

Bronnfar céad áit, €50,000 agus trófaí, ar Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, duais de 50,000 agus trófaí, aitheantas náisiúnta ar a bhfuil bainte amach ag an Chomharchumann le linn 2008.

Apr 15
Úrscéal Spéisiúil
Posted by admin in An Sagart, Leabhair, Samhradh 2009 on 04 15th, 2009| | No Comments »

 Leaving Ardglass:  An chéad chló le William King €12.50

Seo an tríú húrscéal ó pheann an údair eaglasta seo. Insítear dúinn ar chlúdach cúil an leabhair, gur rugadh an t-údar seo, William King, i gCiarraí, gur dhein sé a chuid staidéir i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath agus i gColáiste na Croise Naofa, i gCluain Life. Tá sé ina shagart pobail i nDroim Chonrach faoi láthair. Péire úrscéal mór-ráchairte i gcló uaidh, cheana féin, agus ní call a rá go mbeidh an-ráchairt ar an úrscéal seo freisin, amach anseo. Is iad cúrsaí creidimh, agus cúrsaí eaglasta, príomhábhair an úrscéil seo, agus dár ndóigh, cé eile ach sagart, a thuigfeadh ina iomláine, saol agus saothair, caimiléireacht agus camastaíl, dáiríreacht agus ionraiceas, lucht caite éide na n-eaglaiseach, cé eile, ach sagart, nó nach ndeirtí i gcónaí go dtuigfeadh Tadhg Taidhgín lá ar bith den bhliain. Sea, dár ndóigh, agus d’fhéadfadh an té a fuair oiliúint an tsagairt, buille faoi thuairim a thabhairt fúthu, freisin!

 

Ach le filleadh ar an leabhar spéisiúil seo.  Is é Tom Galvin an príomhcharactar sa scéal, agus is trína shúile-sean a fheiceann muid an saol, mar a léirítear dúinn é, san úrscéal seo. Tosaíonn an t-údar ag deireadh an scéil, geall leis, d’fhéadfá a rá. Breathnaigh mar a chuireann sé é sa chéad chaibidil…

‘Time to ring the bell,’ I remind the sacristan as I settle the green chasuble over my shoulders.

In the mirror beside the vesting bench, I can see him grip his walking stick and shuffle to the back door of the church, his shadow stretches out over the ancient flagstones. ‘For whom the bell tolls, Monsignor.’

A deir sé…

Sin an Monsignor Tom Galvin ag labhairt lena shacraisteoir, in eaglais Pharáiste Chill a’ Dúin, roimh an Aifreann, maidin amháin.

Tá an Monsignor Tom ina shagart pobail sa pharáiste sin anois, dá dheoin fhéin, bíodh go raibh súil aige fhéin, agus ag roinnt mhaith eile freisin, lá dá raibh, go gcaithfeadh sé mítéar an easpaig, in áit bhairéad an tsagairt phobail, sara leagfaí na hordóga air. Ach nach ‘in é an saol agat! Rugadh ár bpríomhcharachtar in Ardglass, i gCiarraí. Ní raibh móran fáltais ag a mhuintir, ach d’imigh deartháir leis go Londain, áit ar chnuasaigh sé arasit, agus ar ball, nuair a bhí a chuid meánscolaíochta críochnaithe ag Tom, chuir an deartháir sin, M.J., fios air, agus chuir i mbun oibre thall i Londain é, agus é ag súil, go mbainfeadh Tom Céim Ollscoile amach, ar ball, agus go raghadh an bheirt acu i bpáirtíocht mar Chonraitheoirí Foirgníochta thall. Chuaigh Tom i mbun oibre, agus ba ghearr go bhfaca sé chomh cleasach, agus chomh cam, is a bhí gnó na tógála thall. B’iomaí cuairt a thug sé ar an halla rince, an Galtymore, agus d’admhódh sé fhéin gur thaitin na céapair sin uilig leis. Fuair sé chuile dheis le saol Shasana a bhlaiseadh ina iomláine, rud a dhein, ach ar deireadh thiar, bhí air rogha a dhéanamh, nó bhí dhá rogha ar an bpláta roimhe amach. D’fhéadfadh sé céim a bhaint amach agus dul i bpáirtíocht lena dheartháir, nó d’fhéadfadh sé dul le sagartóireacht.

 

Chuaigh sé le sagartóireacht, agus d’éirigh thar barr leis i mbun na ceirde sin. Oirníodh ina shagart é, agus chaith blianta thall sa Róimh ag cur an chloch phréacháin ar a chuid léinn.

Ní gá a rá gur sciob sé an chraobh leis, thall ansin. Deineadh Monsignor de, agus bhíothas cinnte go mbainfeadh sé céim ard amach sa saol eaglasta.

Ar ball, tháinig sé abhaile go hÉirinn, agus níor dhein sé dearmad riamh ar a ndúirt an sagart óg leis sa Róimh. Bhuail sé forrán ar Tom, agus mar aguisín leis an bhforrán sin, scaoil sé an rún seo leis…

‘never forget, Tom, that when a man is sent to Rome to study, his bishop has him in mind for higher things. We’re the Coldstream Guards. None of us here are pack animals. We’d be wasted in a parish or on the missions’….That’s for the pass B.A. men’

Bhain Tom s’againne níos mó ná an Pass B.A. amach, nó tar éis dó trí bliana a chaitheamh ag Propaganda Fide, bhain sé a Dhochtúireacht amach sa Diacht.

Chaith sé blianta ina dhiaidh sin ag cabhrú leis an Easpag Boylan in obair a dheoise siúd. i ndáiríre, bhí gnó an Easpaig sin á dhéanamh aige, agus sin go críochnúil, nó bhí a fhios ag fia is ag fiolar go raibh dúil ag an Easpag céanna sa mbraoinín. Tuigeadh i bhfad agus i ngearr go mbeadh an Monsignor Tom ina chomharba ar an Easpag Boylan, ar ball. Ach bhí sagairt eile sa dheoise chéanna sin, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, d’éirigh le duine acu an bhearna a bhaint den Monsignor ar deireadh thiar, agus fágadh Tom bocht mar thánaiste ag an bhfear céanna sin.

Níor éirigh leis, áfach, an t-iomaire sin a threabhadh díreach, agus i ndeireadh na dála, d’iarr sé ar an Easpag nua sin, parasite iargúlta a thabhairt dó. Rinne an tEaspag rud air, agus sin mar a thosaíonn an scéal seo agus an Monsignor Tom i mbun oibre, mar shagart pobail, i gCill a’ Dúin, agus fís an mhítéir caillte aige, faoi mar a chaill sé gus agus gaisce laethe a óige.

An-scéal, an-stíl, an-insint. B’fhéidir gur mhaith leat triail a bhaint as?  

Peadar Bairéad

Apr 15
Naomh Ábán
Posted by admin in An Sagart, Samhradh 2009 on 04 15th, 2009| | No Comments »

Deintear ceiliúradh ar fhéile Naomh Abán 16 Márta. Rugadh é i gContae na Mí agus chuaigh sé féin agus a uncail Naomh Iobar go Loch Garman, Naomh Iobar go Beagéire agus Abán go Maigh Arnaí mar ar bhunaigh sé a phríomh-mhainistir. Deintear a fhéile a cheiliúradh i Maigh Arnaí ar an gcéad Domhnach de mhí Dheireadh Fómhair. Thóg sé scrín don Mhaighdean Mhuire in Oileán Mhuire. Bhunaigh sé deich n-eaglais ar fad agus dhá chlochar ina measc. Ó Loch Garman tháinig sé anoir anseo chugainn go Baile Bhúirne mar ar bhunaigh sé a mhainistir.

Dhein sé a lán taistil in Éirinn agus chomhoibrigh sé féin agus Naomh Gobnait go maith le chéile. Cailleadh é sa bhliain 650 in aois a céad agus a ceathair. Tá rian a áitribh agus a uagha i gCill Abáin, i dtalamh mhuintir Uí Ríordáin i Sean-Chluain, treasna an tSuláin ó Charraig an Adhmaid. Tá tobar, carnán cloch, bollán agus cros san áit chomh maith le trí clocha oghaim. Tá blúire cnáimhe dá chuid i bpoll in aici an tobair. Tá iarsmaí de mhainistir an-mhór faighte ann le déanaí agus deirtear go raibh cáil air chun séipéil a dhearadh. Tá cáil ar Naomh Abán chun pianta cnámha a leigheas agus chomh maith mar chosantóir d’éinne a bhíonn ag taisteal ar muir nó ar tír.

Paidir Dó

 

A Abáin naofa fóir orm inniu.

Coinnigh saor mé ar gach turas.

Leighis mo phianta is neartaigh mo chnámha

Is led’ chomharsain Gobnait treoraigh sinn go Párthas.

 

Aoine an Chéasta

An Suibhneach Meann

 

Ar mhaoilinn Chalbhaire trí crosa chím

Luaidh liathach na scamall scuabann dá ndroim

Préachadh peannaideach is uaill le gaoith.

Éiríd na mairbh aníos ón gcré.

 

Dírím dearca ar an gCrann lár baill.

Míle mairg ghoirt an radharc ann chím,

Tarnáltha eatarthu, idir an dís,

I gcuibhreann gadaí tá ionad Chríost.

 

Ag bonn na Croise atá lár slí

A súile greamaithe ar Mharcach an Chrainn

Go foighneach fanann an Mháthair chaoin

Le creill a Maicín ó thús go críoch.

 

Seacht mbréithre canann dobheir compord

Seacht mbréithre cneasta níl ann níos mó;

Na bréithre dhaingnigh an grá do bhorr

I gcroí a Maicín ó thús go críoch.

 

Trí crosa ar Chalbhaire, seacht mbréithre caoin’

Aghaidh Máthar greamtha don chrann lár baill;

Mac Dé á mharcaíocht ! Ó éiric dian

Do dhligigh an tAthair as cionta an tsaoil.

 Betsy Ní Shuibhne

Apr 2
Leabhair Nua
Posted by admin in Leabhair, Samhradh 2009 on 04 2nd, 2009| | No Comments »

 

 

Léachtaí Cholm Cille XXXIX: Sochtheangeolaíocht na Gaeilge

 

Eag: Brian Ó Catháin

 

Clúdach Bog

 

ISBN: 1 903896 50 9

 

ISSN: 0791-8658

 

Costas: €12.00

 

Tá Léachtaí Cholm Cille XXXIX in eagar go slachtmhar ag Brian Ó Catháin. Pléann an seachar léachtóirí le sochtheangeolaíocht na Gaeilge agus le tagairt do Gaelic in Scotland agus súil ar torthaí an staidéir ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a foilsíodh le déanaí. Foilsíodh an leabhar le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

 

Mar 13
Seomra Nanó Nagle
Posted by admin in An Díseart, Samhradh 2009 on 03 13th, 2009| | No Comments »

Tá Seomra Nanó Nagle sa Díseart curtha chun críche. Is féidir le aon duine a thugann cuairt ar séipéal an Dísirt cuairt a thabhairt ar an seomra speisialta seo. Beidh seoladh á cheiliúradh nuair a bheas sé á oscailt go hoifigiúil ag pearsa cáiliúil, le cúnamh Dé ar an 21ú Meitheamh mar chuid de trí lá ceiliúradh.

Cúpla pictiúr de Sheomra Nanó Nagle sa Díseart