Anois teacht an Earraigh, tá an lá ag dul chun síneadh. Tá an aimsir go crua fuar ach bogfaidh sé le cúnamh Dé. Fuaireas cuireadh dul ar saoire go dtí na Stáit Aontaithe do mhí na Nollag ar fad ó lánúin a phós sa Daignean 7-7-07. Bhí fonn orm saoire a thógaint ceart go leor mar nach raibh oiread agus lá saor agam ó scoras ón bparóiste. Ina theannta sin bhí eagla orm go mbeadh uaigneas orm sa bhaile agus an oiread sinn de mo chlainn tar éis bháis le déanaí-Séamas mo dheartháir, Séamas Ó Domhnaill mo dheartháir céile, mo dheirfiúr Eibhlín, agus ansin mo dheirfiúr Máire a cailleadh mí roimhe sin. Is léi siúd a chaithinn gach tráthnóna Domhnaigh agus a bhíodh mo dhinnéar Domhnaigh agam. Go deimhin is ina tigh a bhíonn sé agam fós. Tháinig an cuireadh ábhairín obann agus bhí a lán cúraimí idir lámha agam. B’é deireadh na mbeart ná gur shocraíos go bhfágfainn ón tSionna ar maidin an 22 Nollaig le heitilt go Newark agus dul as sin go Hartford Connecticut. Bhuailfinn ansin le mo ghaolta, mo chol ceathrair Cáit, an bhrídeog a phósas, agus go bhféadfainn bualadh le cairde agus gaolta liom i Springfield agus sa chomharsanacht. Mar sin a bhí, d’fhanas an oíche roimh ré le mo nia, Seán Ó Fiannachta, in Áth Dara. D’fhágas mo ghluaisteán ag a thigh siúd lárna mhárach agus thiomáin seisean mé go dtí an t-aerphort agus d’imigh leis ag obair in Ospidéal na hOllscoile i Luimneach mar a bhfuil sé ina chomhairleoir ENT. Ní raibh aon dua agam san aerphort mar gur lorgaíos cathaoir rotha agus go bhfuaireas sin gan dua agus gur tugadh an tosach dom dá bharr sin trí shlándáil agus sheiceáil. Tá an oiread sin eitilte á dheánamh ag Cáit go raibh ar a cumas ticéad gnó a fháil gan dua do m’eitiltí go léir, agus sin gan chostas ach ar bhonn a taistil siúd. Tá sí ag obair don Eagras Domhanda Sláinte atá bunaithe in Atlanta GA, i bhfeighil deireadh a chur le caitheamh tobac agus ag cur sláinte coirp chun cinn trí lúthchleasaíocht. Lúthchleasaí oilte, le céimeanna acadúla san ábhar is ea í, agus ritheann sí fós sna maratóna móra; d’iompar sí an lóchrann ag an staid deiridh i gcluichí oiliumpacha Salt Lake City in 2002; bronnadh an lóchrann uirthi agus bhronn sí féin é in onóir na Maighdine i Séipéal Mhuire sa Daingean. Freastalaíonn sí ar imeachtaí móra lúthchleasaíochta ar fuaid an domhain mar chuid dá hobair. Nuair a tháinig sí go hÉirinn do na Cluichí Para-Oiliumpacha bhí sí an-bhródúil as a dúchas mar go raibh an cosc ar thobac a chaitheamh tagtha i bhfeidhm in Éirinn.
Níorbh fhada ó Fairfield, agus ó Ollscoil an Chroí Ró-Naofa, Hartford a mbíonn baiclí mic léinn dá cuid againn sa Díseart gach sémhíreadh. Bhí Cáit i láthair san Ollscoil sin nuair a bhronn sí dochtúireacht oinigh orm féin agus bhuail sí le hUachtarán na hOllscoile, an Dr. Antaine Cernera, an lá sin. Bhí cuireadh tugtha agam don Uachtarán agus dá bhean Rút, chun béile sa Firebox Restaurant, tigh bídh cáiliúil i Hartford, don 23 Nollaig. Bhí áthas orthu glacadh leis an gcuireadh mar, cé gur gnáth leis an Dr. Cernera teacht ‘on Daingean lena mhic léinn, ní raibh sé i gceist aige teacht ina dteannta i mbliana. Nuair a thagadh sé thugadh sé aitheasc i séipéal an pharóiste agus bhíodh sé bríomhar spéisiúil. Bhí an Nollaig le caitheamh ag an lánúin i mainistir. Diagacht spéis faoi leith an Uachtaráin agus tá sé ina bhall de ghrúpa éacúiméineach Caitliceach-Giúdach.
Tá cónaí ar Bhreandán, deirfiúr Cháit, i Hartford i dtigh breá mór agus bhí Cáit tagtha ann chun dul ar thuairisc a hathar a bhí i dtigh banaltrais in aice leis. Chaitheas an oíche sin le Breandán agus a bhean Pádraigín agus a dtriúr leanbh. Nuair a bhí Breandán agus Cáit, agus an bheirt eile clainne Séamas agus Máire, óg thánadar féin agus a dtuismitheoirí ar saoire go Fionntrá, an chéad uair dóibh go léir geall leis. Bhí an mháthair, Heiléan, óg álainn. Tháinig Breandán ina dhiaidh sin nuair a bhí sé ar a shlí amach go Singapore mar a raibh sé le dul i bhfeighil monarchan ansiúd amuigh. Bheartaigh sé a athair, Séamas Ó Curráin, a thabhairt leis mar go raibh an-fhonn airsean an áit agus an tigh a d’fhág a athair nuair a d’imigh sé go Meiriceá a aimsiú. Chuaigh Breandán féin ag imirt golf i mBaile an Bhuinneánaigh. Ar ámharaí an tsaoil bhíos ag baile ó Mhaigh Nuad an lá sin. Bhí ainm an bhaile, Lios na Caolbhuí, ar eolas ag Séamas. ‘Is maith atá’s agam cá bhfuil Lios na Caolbhuí’ arsa mise le Séamas ‘agus tabharfad ann tú.’ Lá breá samhraidh ab ea é agus bhí áthas orm go raibh leithscéal agam dul thar Conair síos agus amach go Lios na Caolbhuí. Ar aghaidh linn mar sin, agus sinn ag sú na háille inár dimpeall i ngach treo. Siar thar an gClochán linn agus thar Cé Bhréanainn. Ghabhamar thar thigh na Ruarcach agus ansin dúrt liom féin gur cheart dom a bheith ag ceistiú as sin ar aghaidh. Bhí bean ag doras an chéad tí eile. Nár aithin sí féin agus Séamas a chéile ar an dtoirt! Rugadh agus tógadh iad araon ar an tsráid chéanna i Hartford. D’fhanadar ag allagar i dtaobh a saoil ar feadh tamaill ach faoi dheireadh d’fhágamar slán ag an bPoncán mná seo agus siar linn go dtí an chéad tigh eile, tigh mhuintir Mhuircheartaigh a raibh togha na Gaeilge ag an líon tí. Is minic a thugas turas ar an dtigh seo. Mhair an tseanmháthair nuair a théinn ann ar dtús agus bhí go leor seanchais agus paidreacha aici. Nuair a bhunaigh an comharchumann coláiste Gaeilge sa Leitriúch faoi spreagadh an Athar Donnchadh Ó Laochga, d’fhanadh roinnt daltaí sa tigh seo agus bhí go leor dea-Ghaeilge le clos acu. Chuir fear an tí fáilte romhainn. ‘Cé hé seo id’theannta?’ ar sé liomsa. ‘Is geall le comharsa duit é’ arsa mise, ‘Séamas Ó Curráin ó Springfield i Meiriceá é féin ach ón mbaile seo a chuaigh a athair go dtí na Stáit. Teastaíonn uaidh a fháil amach cá raibh an tigh ina raibh cónaí air sular fhág sé.’ ‘Tá sé san áit cheart. Mar is eol dó is dócha; d’imigh na Curránaigh síos faoin dtír. Fuaireamar cuid den talamh agus thógamar an tigh nua seo. Bhí tigh na gCurránach ansin thuas sa ghort ach níl aon chuid de fágtha. Tá cuid de na cloche i bhfallaí an tí seo.’ Chaitheamar casadh ar an mBéarla ansin agus bhí an-cheistiú ag an mbeirt ar a chéile. Fuaireadar amach go raibh Eoghainín Ó Fiannachta, m’athair críonna, an-mhór le hathair Shéamais agus gur iarr sé air a bheith ina athair baistí ag a iníon, Neillí, máthair Heilléan, bean Shéamais. Nuair a fuair an Curránach amach go raibh aithne ag a mhac ar Neillí thug sé bronntanas dó le tabhairt dá chairdeas Críost. Chuaigh Séamas chun an tí leis an mbronntanas agus bhuail sé leis an spéirbhean Heilléan agus thit sé i ngrá léi. Phósadar go luath ina dhiaidh sin.
Níorbh aon iontas mar sin gur chuas i dteannta Cháit ar thuairisc a hathar an chéad tráthnóna sin i Hartford. Nuair a chuala col ceathrair eile dom go rabhas timpeall d’iarr sí orm an bhféadfainn Aifreann a rá sa tigh agus go dtabharfadh sí cuireadh do mo ghaolta teacht ann. Idir an dá linn bhíos tar éis teangmháil le Máire agus Tadhg Allen, cairde ar leith dom agus tá baint mhór ag Tadhg féin le Coláiste Elms mar a bhfuil compántas Gaelach agus Tadhg ina uachtarán air. Tháinig col ceathrair eile dom, Liam Ó Curráin ó Leataoibh Meánach, ar mo thuairisc ansúd; buailim leis i gcónaí nuair a théim sall. Chaitheas bogadh liom ansin ar thuairisc Mháirín Uí Mhuircheartaigh, deirfiúr do Bhreandán Mac Gearailt Mhárthain; bhí a lán dá clann ina timpeall. Faoin am sin bhí sé in am agam bheith ag socrú i dtaobh cathain a bheadh an tAifreann agam i dtigh Pheigí Scolaí, ar Collú í roimh pósadh di. Shocraíomar ar an nguthán go mbeadh sé againn timpeall meán lae Lá Nollag. Nuair a bhím ag taisteal tugaim na riachtanais go léir don Aifreann liom agus is iomaí áit go raibh sé ar mo chumas Aifreann a rá dá bharr sin ó Tokyo go Reykjavik. Shocraíos go gcomhcheiliúrfainn Aifreann na Maidine in Eaglais Mhuire an Dóchais, eaglais an pharóiste ar a bhfreastalaíodh Duibhnigh Hungry Hill agus a lán de mo mhuintir féin tráth. Bheadh sagart gorm ón Nigéir, mar phríomhcheiliúraí agam; bhí sé mar chúntóir ag an sagart paróiste, an tAthair Seoighe. Bhuail sé siúd isteach ar mo thuairisc bliain ó shin, ach bhí cúraimí eile air Lá Nollag agus ní raibh a lán cainte agam leis. Thug sé isteach i dTeach na Sagart mé tar eis an Aifrinn agus thug cupán caifé dom agus bhí go suairc fáilteach gealgháireach liom. D’inseas dó i dtaobh an Aifrinn eile a bhí le rá agam agus bhí áthas air go raibh sin i gceist. Bhí slua maith i láthair ag Aifreann na maidine. Thug An tAthair Donatus, mar ab ainm don sagart gorm, seanmóir an-bhreá ar ghrá Dé mar a nochtar é i scéal na Nollag. Bhí an Béarla go maith aige ach rian beag de bhlas faoi leith air.
Tar éis an Aifrinn, d’fhanas ag doras na heaglaise ag guí Nollaig faoi shéan is faoi mhaise do na héinne a tháinig i mo threo, agus b’in beagnach an pobal go léir. Bhí aithne agam ar roinnt mhaith acu agus labhair a lán acu Gaelainn liom, ach bhí fodhuine cúthaileach i dtaobh na teanga. Tháinig an duine seo chugam agus dúirt gurbh as Baile an Lochaigh dá mháthair, Scanlánach mná ‘agus cad ab ainm dá hathair agus dá máthair sin arís?’ arsa mise. ‘Tom agus Bríde’. ‘Sea,’ arsa mise ‘tá aithne agam ar ghaol gairid duit atá amuigh san Astráil, Mossie, agus táim ag réiteach leabhair dá chuid don chló. Ceoltóir maith is ea é leis agus tá trí CD curtha amach aige.’ Bhí seanchas mar sin agam le cúpla duine ach chaitheas bogadh liom. Ag fágaint slán le Donatus dúrt leis go rabhas amuigh sa Nigéir díreach roimh theacht an Phápa Eoin Pól II i 1980. Thug Cáit léi ansin mé go tigh Pheigí mar a raibh suas le leathchéad bailithe, gaolta cuid acu agus clann na seanmhuintire ab ea iad go léir. Bhí an bord ullamh go slachtmhar agus bhí a raibh eile ag teastáil i mo mhála féin agam. I mBéarla a bhí na léachtaí ullamh agus ba i mBéarla a bhí formhór an Aifrinn. Dheineas mo dhícheall áthas na Nollag a bhí i mo chroí féin a roinnt le mo chomhluadar. Agus thagraíos don mhuintir a ghabh romhainn agus dá ndílseacht agus dá ndeabhóid do Íosagán agus dá mháthair. Bhí timpeall deichniúr ar fhichid chun comaoineach. Bhí sin ar fáil faoin dá ghné, agus Peigí ag cabhrú liom mar mhinistir. Ní raibh aon deabhadh ar an gcomhluadar; bhí flúirse bídh agus dí ar fáil agus é á dháileadh go fial ag céile Pheigí, Jim Scolly mar a thugtar air anois. D’fhan cuid againn go dinnéar tráthnóna. Lárna mhárach thugas féin agus Cáit turas ar Shéamas sinsear sa tigh banaltrais ina bhfuil sé. Bhí seanchas agam leis agus sa deireadh chaitheas slán a fhágaint aige. Thugas mo bheannacht dó agus bhí cúpla paidir againn le chéile. Thuigeamar araon gur dócha nach mbuailfimís le céile arís ar an saol seo. Bhíomar le heitilt ó Hartford go hAlbuquerque ar a haon a chlog, ach níor fhág an t-eitleán go dtí 4.30p.m. Bhí bean ó Stockholm taobh liom san eitleán agus bhí a heitleán caillte aici toisc na moille. Bhí sé a dó ar maidin nuair a shroicheamar Albuquerque; fágann Mícheál, fear céile Cháit, a ghluaisteán ansiúd go minic agus é ag taisteal agus is ina ghluaisteán sin a shroicheamar Santa Fé ar a trí ar maidin agus sneachta ar an dtalamh agus an teas ocht gcéim F. laistíos den reophointe. Mar sin a bhí Lá an Dreoilín againn.
Tá ceithre cinn de thithe ag na Cathasaigh san aon chlós agus go leor slí i ngach ceann acu. Tithe adobe iad ach gach fearas nua-aimsire iontu. Bhí fonn scíála ar óg agus aosta, ach ní raibh ormsa. Thugas sciuird go lár na cathrach, príomhchathair an stáit, New Mexico le Mícheál maidin lárna mhárach. Is cuimhin liom gabháil tríd an gcathair in 1964 le héirí an lae i mbus Greyhound. Níor stadamar an uair sin ach ba ghleoite an chathair í, a mheasas, agus tá sí caomhnaithe go maith fós go háirithe an lár agus na seanshráideanna. Fuaireamar loc páirceála i gcóngar na hArd-Eaglaise. Isteach linn. Bhí treoraí cainteach ar fáil agus d’éisteamar léi. Thug sí cur síos ar na hiarsmaí suimiúla a bhí le feiscint. Ar dtús bhí dealbh den Mhaighdean Mhuire ó 1625, í gléasta in éidí bána mar a d’oir don Nollaig. Dúradh linn gurb í seo an dealbh de Mhuire is aosta sna Stáit. Tá sin i séipéal cliathánach ar chlé agus ag freagairt don séipéal sin tá ceann eile ar dheis. Ba í seo an eaglais bhunaidh a tógadh anseo ach dódh í le linn cogaí na seachtú haoise déag. Níor dódh an altóir ach gearradh an ealaín a ghabh léi níos déanaí ina trí coda agus tá siad anois ar ais os cionn a chéile. Tá pictiúr mór a tháinig ó Mheicsiceo ar fhalla cliathánach agus gearradh é sin leis ina thrí coda á thabhairt anseo agus tá rian an ghearrtha le feiscint go soiléir. Tá an sanctóir á athnuachaint anois ach an tAifreann á cheiliúradh ar an bpríomhaltóir d’ainneoin scafaill agus eile. Bhí scuaine fear ag feitheamh le dul chun faoistine ach ní raibh sagart ach in aon cheann amháin de na boscaí faoistine. Chuir sé Comhbhráithreas na bhFear sa Daingean fadó gcuimhne dom. Amach linn sa bhfuacht, agus fonn orainn araon greim bídh a bheith againn. D’éirigh linn brú isteach i mbialann bheag; ní raibh ach aon suíochán amháin ar fáil. ‘Suigh anseo’ arsa fear muinteartha liom. ‘Tá duine eile im’ theannta’ arsa mise. Dhruid sé isteach tamall ina shuíochán féin agus thug cuireadh do Mhícheál suí taobh leis, agus shuigh. ‘Cad as duit?’ arsa an stróinséar liomsa. ‘Ón Daingean i gCiarraí in Éirinn.’ ‘Bhíos ann le déanaí’ ar sé, ‘agus bhíos ar Aifreann in Eaglais Naomh Muire.’ ‘B’fhéidir gur mise a cheiliúir an tAifreann’ arsa mise. ‘Tharlódh sé’ ar seisean. ‘Cá bhfuil tú ag obair anois?’ arsa Mícheál leis. ‘Táim i m’ollamh le síceolaíocht in Ollscoil New Jersey’ ar sé.
Dúrt le Mícheál gur mhaith liom Aifreann a cheiliúradh in eaglais an pharóiste lárna mhárach, Féile na Leanaí gan Chiontacht ach gurb é Féile an Teaghlaigh Naofa é i mbliana. Ar Fhéile na Leanaí gan Chiontacht a rugadh agus a cailleadh mo mháthair agus ní scaoilim tharam riamh é. Dúirt Mícheál liom gurb é Eaglais Christo Rey eaglais a pharóiste agus gur chóir dom mé féin a chur in aithne don sagart paróiste. Chuamar ansúd agus nuair a chuas chun oifig an pharóiste tháinig an sagart paróiste féin amach chugam. Chuireas mé féin in aithne dó agus chuir seisean é féin in aithne dom -an Monsíneor Iáróm Martinez, ‘Mac Martin it would be in Ireland’ a dúirt sé. Dúrt leis gur mhaith liom Aifreann a rá lárna mhárach agus comhcheiliúradh dá mb’fhéidir é.
‘Tá na trucailí fáilte romhat’ ar sé ‘agus is é mé féin an príomhcheiliúraí, ag an Aifreann ar a deich,’ ar sé. Abhaile linn ansin. Tar éis suipéir dheineas iarracht ar dominos a imirt don chéad uair i mo shaol. D’éiríos as tar éis tamaill bhig agus chuas go dtí mo sheomra chun mo chín lae a bhreacadh. Bhí breiceasta éadrom agam i dtigh dheartháir Mhíchíl, Bob, agus thug Cáit chun an Aifrinn mé. Nuair bhaineas an sacraistí amach bhí fear breá stuama meánaosta á ghléasadh féin, an deochain. Dúrt leis gur mise an tAthair Ó Fiannachta ó Éirinn agus gur fháiltigh an Moinsíneor romham chun comhcheiliúradh leis. D’fháiltigh an deochain ansin romham agus shocraigh cathaoir sa sanctóir dom. Bhí na freastalaithe ag teacht de réir a chéile-duine iompair na croise, beirt le coinnle, túiseoir le túisteán, beirt chailíní freastail. Tháinig an Moinsíneor ansin agus bheannaigh domsa agus thug an teideal úd dom; ghabh an deochain leithscéal liom mar nár thug sé mo theideal dom ‘ach sagart a thugais ort féin’, ar sé. Bhí an cór agus na ceoltóirí ag cleachtadh agus an eaglais á líonadh go tapaidh. Bhog an mórshiúl leis síos cliathánach go doras na heaglaise. Cuireadh eagar ceart orainn arís. Thosnaigh an t-iomann iontrála agus suas linn go stuama dea-eagair. Bheannaíos agus phógas an altóir agus sall chun mo chathaoireach liom. Bhí leabhar na soiscéal ardaithe in airde ag an deochain agus leag sé go hómósach ar an altóir é. Bheannaigh an Moinsíneor don altóir agus phóg í ansin ghabh timpeall na haltórach á túisiú agus thúisigh sé na hofrálacha a bhí cliathánach ar bhoirdín. Chuir sé fáilte romhamsa ansin agus dúirt beagán i mo thaobh, go háirithe gurb í seo an chéad Nollaig gheal a bhí agam le daichead bliain. Canadh an Ghlóir le bualadh bas arís agus arís eile. Léigh dhá léitheoir na léachtaí agus chan cantaire salm an lae agus an pobal ar fad an Allelúia. Léigh an deochain an soiscéal go soilbhir soiléir. Thug an Moinsíneor homaile gairid tomhaiste ar an Teaghlach Naofa á thaispeáint cé chomh cosúil le gach clann anois cás Íosa Mhuire agus Iósaef. Creideamh agus muinín as Dia an t-aon fhreagra ar dheacrachtaí an tsaoil. D’inis sé scéal ‘Mac na hóighe slán’ á thagairt don Nollaig. An deochain a léigh Paidreacha an Phobail. Bhíos páirteach sa Phaidir Eocairisteach ag guí don Phápa agus do Mhícheál Ard-Easpag. Shuíos le linn na Comaoineach a bhí á dáileadh faoin dá ghné. Ghlac breis agus leath an phobail an chailís. Bhí iomainn againn don Chomaoineach. Nuair a bhí deireadh déanta dúradh Paidir Naomh Proinsias go bríomhar agus Paidir do gach Teaghlach. Síos linn trí lár na heaglaise agus amach faoin ngréin gheal a bhí ag taitneamh go lonrach. Chroith gach éinne lámh leis na sagairt agus ghuíodar gach beannacht orainn. Dúirt a lán acu liomsa go raibh turas tugtha acu ar Éirinn. Bhí comhrá gairid agam leis an Moinsíneor sarar fhágas slán aige. Dúirt sé liom go raibh sé in Éirinn in 2001 agus gur thug sé turas ar Dhoire.
Bhí brunch againn i mbialann dea-cháile agus ba bhreá an sedellia a bhí agamsa cibé scéal é. Bhí cuntas fada sa New York Times ar shagart ó Mhombasa a bhí ag earcú sagart gorm le cabhrú i ndeoisí ina bhfuil ganntanas sagart sna Stáit. Dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go maith leis na sagairt seo ach go dtógann sé tamall orthu an teanga a fhoghlaim agus teacht i dtaithí homaile 5-7 nóiméad. Bhí tamallacha scíála ag a lán de na Cathasaigh na laethanta seo. Bhí an-fhonn ar Bhob óg nach bhfuil ach seacht mbliana agus ar Bhob aosta, a athair críonna, nach bhfuil na cosa chomh maith sin faoi, tabhairt faoin scíáil. Ba mhór an fhreagarthacht a bhíodh ar an té a théadh leo. Bhí leabhar spéisiúil ‘Deer Hunting with Jesus’ le Joe Begeant á léamh agam na laethanta seo. Tá an tuairim á chur in iúl sa leabhar seo go bhfuil an aigne chúng shoiscéalach atá chomh tréan sin i meániarthar theas na Stát síolraithe ó inimirceoirí ó thuaisceart na hÉireann agus ó Albain san ochtú haois déag. Go bhfuil sé beo beathúch i leithéid Dick Cheeney agus Bush II inniu.
Bhí fear gnó ón tSeapáin a raibh an Béarla aige go líofa agus a bhean a bhí ar bheagán de chun dinnéir againn aon tráthnóna amháin. Bhí ar mo chumas beagán Seapáinise a labhairt agus bhaineas feidhm aisti agus chabhraigh sin ag cur anam san allagair boird. Bhí Lori ó Ollscoil N. Tomás i Houston, cara do bhean chéile duine de na Cathasaigh inár dteannta. Chuireas in iúl go mbíonn mic léinn ó Ollscoil an Chroí Ró-Naofa againn sa Díseart agus go mbíonn cúrsaí sa léann Gaelach ar siúl acu agus aitheantas agus creidiúnas dá gcúrsaí féin ina n-ollscoil sna Stáit á fháil acu. Caitear an cúrsa agus na teagascóirí a fhaomhadh roimh ré. Dúirt Lori go raibh aonad Léinn Ghaelaigh in Ollscoil Naomh Tomás i Houston. An tOllamh T. Mac Pháidín a bhunaigh é; chaith seisean tamall ag léachtóireacht in Ollscoil Luimnigh agus tá sé anois ar scor ach spéis aige fós san aonad. Tá cainteoir dúchais C. Ní Ghloinn iarscoláire de chuid Mhaigh Nuad, ag múineadh Gaeilge san aonad agus tá stair na hÉireann á múineadh ann chomh maith. Gheallas go dtabharfainn turas ar Ollscoil Naomh Tomás fad a bheinn i Houston.
Thug na Cathasaigh go bialanna maithe mé thíos faoin gcathair anois agus arís. Bialann Pasgual an ceann ba shuimiúla, agus suíomar ag an mbord coiteann mar a labhraíonn na héinne le gach duine eile agus imíonn duine nuair a bhíonn bia ite aige nó aici. Lánúin ó Chicago a bhí taobh liom ar dtús; bhí gnó míosa ag an bhfear céile i gCorcaigh go gairid roimhe sin agus chuaigh a bhean ansiúd ina theannta. Thaitin an obair, an chathair agus na daoine go mór leo. An chéad lánúin eile, Spáinneach fir a bhí pósta le Gearmánach mná ab ea iad; rugadh ise i mBerlin ach d’fhág sí an Ghearmáin in aois a hocht. Ba mhaith leo seo leis turas a thabhairt ar Éirinn. Mar sin a bhí ag a lán.
Bhí cúpla cóip de Chatalóg An Sagart agam agus thaispeánas cóip de do Mary K., máthair chéile Cháit agus mar bhean ghnó chuir sí an-spéis ann. Dheineas mo dhícheall fanacht san eolas maidir le himeachtaí an tsaoil agus is dóigh liom gurbh é an New York Times is mó a chuir san ar mo chumas. Tuigeadh dom gurb é faoi deara d’Iosrael tabhairt faoi Gaza nuair a dhein ná gur tuigeadh di nach bhféadfadh sí a leithéid a dhéanamh nuair a bheadh Obama ina uachtarán. Tá súil agam nach gcuirfidh an t-ionsaí gránna seo an tsíocháin na glúinte eile ar gcúl sa Tír Naofa. Mo thrua na mairbh, na sibhialaigh agus na leanaí.
Bhí fonn orm an tAifreann d’Fhéile Mhuire Oíche Chaille a cheiliúradh an tráthnóna sin agus thug Cáit go Christo Rey mé ach dúirt an deochain ansiúd liom go raibh comhcheiliúraí ansiúd agus gurbh fhearr dom dul go dtí an Ard-Eaglais mar nach raibh aon sagart breise ansiúd. Níorbh fhada ó bhaile an Ard-Eaglais ach ba dheacair loc páirceála a fháil; thiomáin Cáit timpeall agus fuair sí loc ghluaisteán an Ard-Easpag folamh agus ar sí liom ‘Muna bhfuil sé tagtha faoin am seo ní thiocfaidh sé ar aon chor.’ Pháirceáil sí ansiúd agus isteach linn. An Moinsíneor a d’fháiltigh romham anseo leis. Toisc go raibh an sanctóir á dheisiú agus scafaill ar fud an bhaill chomhairligh sé dom gan dul timpeall na hEaglaise ach siúl liom féin agus suí ar chathaoir sa sanctóir. Bhí an mórshiúl go taibhseach arís le deochain agus foireann bhreá i mbun dualgas éagsúil. Cuireadh fáilte bhríomhar romham arís nuair a chuir an Moinsíneor in aithne mé. Bheartaíos ansin go raghainn síos go doras sa mhórshiúl tar éis an Aifrinn. Bhí ar mo chumas a bheith ar mo shuaimhneas ag éisteacht leis an gceol binn, an léamh soiléir slachtmhar. Ansin homaile snoite ón Moinsíneor. ‘D’ainneoin a raibh de fhreagracht ar Mhuire, ní gearán ná cnáimhseán atá le clos uaithi, ach moladh agus móradh Dé…níor thug sí seanmóir ná níor scríobh sí litir, ach thug sí dea-chomhairle-”deinigí mar a deir sé libh”.’ Bhí ar mo chumas a bheith go dlúth I bpáirt le hÍosa ina ofráil agus leis an sagart agus sinn go léir in aontas leis an gCeann ar shlí faoi leith an tráthnóna san. Ní Oíche Chaille ach Lá Caille a bhí béile Na Coda Móire againn le spóla mór mairteola agus anlann aoibhinn leis. Bhí cúigear déag againn ag suí chun boird I dtigh Mary K. Bhí cuid mhaith den chomhluadar ag an bpósadh sa Daingean agus ba léir gur bhaineadar an-taitneamh as agus chaith a bhformhór tamall i gCorca Dhuibhne tar éis an phósta. Bhí sé socair ag na Cathasaigh filleadh ar chóngar a gcuid oibre go luath sa bhliain nua. Theastaigh ó Cháit dul ar thuairisc a huncail Proinsias a bhí anois ar scor le fada agus ag caitheamh deireadh a shaoil go sona sásta i dtigh breá banaltrais. Níor bhuaileas ach aon uair amháin riamh leis an gcol ceathrair seo liom agus d’eitil an bheirt againn mar sin soir ó dheas go Little Rock, Arkansas, agus chuamar ar a thuairisc. Bhí sé ansúd romhainn sa seomra suite, a hata breá fairsing air agus meangadh an gháire. Bhí an-sheanchas agam leis. Innealtóir ab ea é; chaith sé tamall i bhfeighil chóras uisce Arkansas ansin i bhfeighil an chóras bóithre poiblí. Chuireas tuairisc a uncail, Tomás, leathchúpla m’athar. Bhí aithne mhaith aige air. Gairneoir sinsearach Ollscoil Harvard, tuairgín teann láidir fir. ‘‘‘Tomáisín na hOrdóige’ a bhí mar leasainm air ag baile’ arsa mise. ‘Nuair a chuala sé faoi bhás d’athar’ arsa Proinsias ‘shuigh sé síos agus é go buartha. “Ba cheart glaoch ormsa,” ar sé “agus ní ar Sheán go raibh clann mhór air”.’ D’fhágamar slán aige faoi dheireadh agus ar aghaidh linn i dtreo Houston, trí Dallas. Thugas turas ar thrí leabharlann nó láthair cuimhneachán uachtarán na Stát fad a bhíos thall an uair seo. Ba gheall le trailer mór ceann Clinton agus trailer a thugtar air mar go bhfuil an oiread sin rudaí ón Teach Bán le feiscint ann. Chuir ceann LBJ ar mo shúile dom gurbh an-uachtarán é seo agus gur chuir sé feabhas ar chás na mbocht agus ar medicare. Dhein sé sóisialaigh geall leis de na daonlathaigh. Níl aon chuimhniúchán ar Bush II fós ar ndóigh ach tá an ceann do Bush I sásúil go leor agus is léir nach raibh an fundaiméideacht á thiomáint chomh dian sin.
Tá na Cathasaigh níos scartha ó chéile i Houston ná mar atáid i Santa Fé. An mhaidean tar éis an chathair mhór sin a bhaint amach chuamar go tigh na seanlánúna. Bhí lón againn sa chathair, gasra dínn ar a raibh seanBhob agus a mháthair arís a cheiliúir a 89ú lá breithe sa Chaifé Cloch i gCeann Sléibhe dhá lá roimh an bpósadh cáiliúil úd sa Daingean. Bhí beirt shagart de na Baisiligh inár gcomhluadar leis agus mholadar san dom dul ar thuairisc na hollscoile dá gcuid, Ollscoil Naomh Tomás a bhunaigh a n-ord féin mar a raibh an t-aonad Léinn Gaelaigh. Sciob Cáit ansúd mé tar éis an lóin agus d’fhág ann mé. Bhí Lori ann chun fáilte a chur romham agus dúirt liom go n-iarrfadh sí ar bhunaitheoir an Aonaid, an tIaruachtarán Seosamh Mac Pháidín teacht chun cainte liom chomh maith. Idir an dá linn d’iarr sí orm dhá chóip den Bhíobla Naofa a shíniú. Bhí an múinteoir Nua-Ghaeilge, C. Ní Ghloinn, sa bhaile ar saoire go fóill agus ba thrua san. Chuir Seosamh Mac Pháidín stair na hOllscoile os mo chomhair. Bhí baill d’Ord na mBaisileach agus tuataí Caitliceacha páirteach ina bunú i 1947. De réir a físe tá sí ‘tíolactha don fhírinne i dtaobh Dé, an duine, agus an dúlra.’ Maidir leis an Aonad Léinn Ghaelaigh tá sé ‘tíolactha don fhírinne i dtaobh na hÉireann agus stair na hÉireann, a litríochta, a dlí, a healaíne, a cultúir, a teanga, agus na taithí Gael-Mheiriceánaí.’ Maidir le staidéar thar lear tá ceangal ag an Ollscoil le Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Cuireadh ceist orm an mbeadh aon chúrsaí d’oirfeadh dá scoláirí agus dúrt go mbeadh ar ár gcumas cúrsaí ar a rogha roinn den Léann Gaelach a chur os a gcomhair le glacadh leo nó le leasú. Tá séipéal álainn nua-aimsire le healaín chuí i gcroílár an champais. Chaitheas slán a fhágáil ag Ollscoil Naomh Tomás a luaithe a tháinig Cáit faoi mo dhéin. Bhí cóisir le bheith i dtigh Mhíchíl is Cháit ag fágaíl slán liom an tráthnóna sin. D’fhágas Houston ar seacht tráthnóna lárna mhárach agus bhíos sa tSionna ar a leathuair tar éis a sé maidin lárna mhárach, leathuair roimh am mar go raibh an ghaoth linn. Bhíos sa Daingean meán lae Dé Sathairn.
Bhí Irisleabhar Mhá Nuad sna prufaí deiridh, an clúdach le cinntiú agus teidil le cur le pictiúir. Thugas ordú lena scaipeadh. Bhí Catalóg An Sagart ar fáil cheana féin ach gan aon fhógraíocht déanta ina taobh. Bhí Sagart an Earraigh leis i mbéal beirthe agus le scaipeadh. Bhí Féile Bhríde chugainn. Bhí clár sealadach réidh againn dó, ach chaitheamar na himeachtaí sin a chinntiú. D’éirigh linn sin a dhéanamh gan dua agus cabhair ab ea é gur ar an Domhnach a bhí Lá ‘le Bríde i mbliana. Ar an Aoine 30 Feabhra mar sin bhí seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2008 agus Catalóg An Sagart. Níos déanaí nuair a bhí beagán breis misnigh ag cuid againn d’éistíomar le léacht soilbhir snasta leis an Dr. Pádraig Ó Héalaí faoin teideal ‘Seanchas Bhríde’. Bhí slad-mhargadh de leabhair le An Sagart againn a mhair go Luan; luach €355 a dhíolamar. Ar an Satharn bhí ceardlann oscailte againn, agus ba mhaith mar a bhí mar bhí filí na ceardlainne buaine go léir scaipthe agus tháinig éigsíní nua ina n-áit. Fógraíodh go mbeadh Ceardlann an Earraigh ag tosnú 3ú Feabhra agus an uair seo gurb é Pádraig Ó Fiannachta féin a bheadh á stiúrú. Go n-éirí go geal léi. Mar ullmhúchán do Lá ‘le Bríde chuas go ranganna sinsir bunscoileanna an Daingin, rang sóisear sa Phobalscoil agus scaipeas cóip de chlár na n-imeachtaí orthu. D’iarras orthu leis croiseanna Bhríde a dhéanamh le scaipeadh ar an bpobal ag an searmanas mór ar a ceathair a’ chlog Dé Domhnaigh. Níor dheineas faille ar ár scoláirí ó Mheiriceá leis agus d’iarras orthu páirt ghníomhach a ghlacadh sna searmanais. Dheineadar sin. Ba lena gcabhair a d’éirigh liom na trí bráillíní a chur amach ar na toir istoíche Dé Sathairn le go gcuirfeadh Bríd a beannacht orthu agus í ag gabháil tharainn. Ag filleadh ar ais ar an nDíseart dom agus Beca agus an triúr eile bailithe leo nár shleamhnaíos ar chéimeanna an dorais agus tógadh liom. ‘Brostaigh, a Bhríd ó tánn tú sa chóngar’ arsa mise mar bhí sé ag dul díom éirí ar dtús. Ach le barr muiníne i mBríd tháinig fuinneamh breise ionam agus phreabas i mo sheasamh.
Bhíos an-bhuíoch don sagart paróiste mar d’iarr sé orm Aifreann 11.30 a cheiliúradh Lá ‘le Bríde. Thug sin caoi dom labhairt ar Bhríd agus béim a chur ar shearmanas 4p.m. Thosnaíos ar réiteach dó sin ar 3p.m. Agus cé bhuail liom a luaithe a chuireas mo chos thar doras amach ach an Ceathrar Meiriceánach arís. D’iarras orthu teacht liom ar dtús chun na mbrat a bhaint de na toir, agus iad a thabhairt go Seomra Iognáid Rís mar leagfainn na croiseanna orthu. Dúrt leo go rabhas i Meiriceá don Nollaig. Nuair a luas mo chol ceathrair i Little Rock dúirt duine díobh gurb as Little Rock di féin agus go raibh cloiste aici faoi Frank Murphy. Nach beag an saol é. Bhailíodar na brait de na toir agus leagadar ar urlár Sheomra Iognáid Rís iad. Thugadar leo na croiseanna a bhí sa sacraistí agus leagadar ar na brait iad. Bhíos á cheapadh nach raibh go leor fógra faighte ag ealaíontóirí ná ag ceoltóirí agus gur bhaol nach mbeadh aon lús díobh ag teacht. Bheartaíos go dteaspáinfinn féin an ealaín is mó atá á shaothrú sa Díseart-sciamhleabhra, agus múrphéinteáil. Fuaireas cabhair chun síol, torthaí, agus bláthanna a bheannú agus a thaispeáint. Ansin tháinig na daoine de réir a chéile-An tAthair Eoghan Ó Cadhla agus baicle ó Bhaile an Fhirtéaraigh a thug misneach dúinn go léir.
Ar bhuille a ceathair mar a dúirt an Clár, chur an tAthair Eoghan tús leis na searmanais le ‘Gabham molta Bhríde…’ Ansin le beirt faoi gach bráillín lena ualach croiseanna ghluais gach beirt suas trís na trí pasáistí sa séipéal. Bhíos rompu lena n-ualaí a bheannú go sollúnta agus le huisce coisricthe a chroitheadh orthu. Ansin chas mo chúntóirí timpeall lena n-ualach beannaithe a scaipeadh. Bhí an pobal cíocrach chun crois a fháil agus bhí cuid díobh nár theastaigh uathu ach cinn a thugadar leo a fháil beannacht. Aníos chugam arís leis na brait. D’inseas scéal agus ciall an bhrait. Bheannaíos agus chuireas tús le dáileadh na mbrat; le cabhair sisiúir scaipeadh na brait go flathúil fial. Ag an bpointe sin d’inis an tAthair Eoghan Beatha Bhríd i mBéarla agus i nGaeilge. Bhailíos chugam na sciamhleabhra agus d’iniseas beagán i dtaobh na healaíne, na crainn snoite sa ghairdín, ó Chrann na Tríonóide go Crann Phroinséis ag préitseáil do na héin. Luas an saothar ealaíne atá ar siúl faoi cheilt sa Díseart faoi láthair ag an ealaíontóir idirnáisiúnta Ealeanóir Yates agus í ag insint scéal bhunaitheoir Oird na Toirbhirte, Nanó de Nógla, i seomra in airde staighre. Ghuíomar ar son Ealanóra agus a saothair agus ansin ar son ealaíontóirí Chorca Dhuibhne go speisialta. Nuair nach raibh ceoltóirí againn, chan an tAthair Eoghan ‘Clog Binn an Aingil’ agus ní fada a fágadh ina aonar é. Thug Máire Ní Ghrífín sampla d’ealaín na filíochta pobail dúinn agus cheapas féin go mba chóir dom mo rogha aiste a aithris, Aifreann Aonair. Toisc gurb í Bríd pátrún an Earraigh agus an tsíolchuir tugadh nithe mar prátaí síl, uibhe, canna bainne, tor péacach de lus an chromchinn chun cinn, agus beannaíodh iad agus guíodh ar son an tsíolais agus ar son gach planda agus barra agus toradh a bheadh á gcur. Guíodh leis go mbeadh meas againn ar an dúlra inár dtimpeall. Ansin ar ndóigh bhí spéis ag Bríd san aimsir. Cuirtear ina leith gur gheall sí ‘gach ra lá óm’ lá-sa amach agus leath mo lae-se leis’. Chuir an Salve Regina i mBéarla, i nGaeilge, agus i Laidin clabhsúr ar an searmanas agus mhóidigh a lán go mbeidís páirteach sa bhFéile an bhliain seo chugainn.
Faoi cheann seachtaine, bhí an scéal brónach againn go raibh an sagart grámhar tuisceanach Gaelach Tomás Ó hUallacháin glaoite chun na bhflaitheas. Bhí tréimhsí caite aige sa Daingean agus sa Litriúch. Bhí cáil air ar son a ghaoise agus an tslí a d’éirigh leis soiscéal ghrá Dé a chraoladh ó bhriathar agus ó shampla. Ceapadh ina shagart paróiste i nGleann Fleisce é tar éis domsa teacht go Cúil Aodha-Baile Bhuirne nuair a dhiúltaigh iontaobhaithe Mhá Nuad, ar chomhairle an Uachtaráin Ledwith, ní foláir, cead dom fanacht i Maigh Nuad ar scor ag plé leis an léann agus an liotúirge i nGaeilge. D’fhágas Maigh Nuad amárach an lae a chríochnaigh mo bhliain dheiridh ag léachtóireacht. Nach liom a bhí an t-ádh. ‘An rud is measa le duine ná a bhás n’fheadair sé ná gurb é lár a leasa é.’ Thugas caoi do scoláire dem’ chuid, a bhí ina shagart cúnta i gCúil-Aodha-Baile Bhuirne, mí a bheith aige ag cur slacht ar a thráchtas don STL. Ach a raibh an mhí istigh, bhí an tAthair Tomás buailte tinn agus ghabhas thar teorainn an pharóiste agus na deoise go Gleann Fleisce ag uanaíocht air. Ní raibh sé ar fónamh i gceart ó shin, ach dhein sé a dhícheall ag cabhrú anseo agus ansúd, ach na blianta fada ina luíochán leapan gan gearán ná cnáimhseán. Tá moladh mór tuillte ag a dheirfiúr Caitlín a chaith na blianta ina chúram. Go gcúití Dia sin léi. Beannacht Dé leis an Athair Tomás, nó ba chirte an ghuí thraidisiúnta do shagart a chur lena anam-‘Méadú ar a ghlóir sna Flaithis!.’
Bhí Aifreann sochraide dhátheangach don Athair Tomás in Ard Fhearta ar an Satharn 7 Feabhra. An tráthnóna sin cailleadh mo chol ceathair, Caitlín Ní Chathasaigh, ag rá na corónach ag taobh na leapan tar éis di turas a thabhairt ‘on Daingean níos luaithe sa lá. Bhailigh a clann, a gaolta, agus a cairde, ó cheithre harda na hÉireann agus an domhain chun an Aifrinn agus na sochraide mar bhí cion agus meas uirthi ag éinne a bhuail riamh léi. Ba mhór an phribhléid dom gur iarr sí féin orm a hAifreann sochraide a cheiliúradh. Aifreann dhátheangach leis ab ea é seo agus ghuíomar solas na soilse agus radharc na Tríonóide di ar feadh na síoraíochta.
Roimh shearmanais an lae sin bhí seisiún agam le habhar dochtúra ó Utrecht, Audrey Leipsig, a bhfuil ráithe le caitheamh aici sa Díseart agus fáil isteach aici go dtí Roinn an Léinn Ghaelaigh i leabharlann an Daingin. Críochnóidh mé leis an scéilín seo: Nuair a d’fhilleas ar m’oifig sa Díseart agus gur léas mo theachtaireachtaí bhí ceann ann ón mBrasaíl, ó Ábhar easpaig ag lorg leagan Gaeilge de roinnt véarsaí de litir N. Pól chun na bhFilipeach le húsáid in Aifreann a oirniú ina easpag. D’imigh an freagra chuige le luas lasrach.
Bhí cuireadh agam ó Chumann Staire agus Seandálaíochta Chiarraí léacht Chuimhneachán Nóra Ní Shúilleabháin, beannacht Dé léi, sa Leabharlann Náisiúnta ar an 24ú Márta. D’oirfeadh sin go maith dom agus ghlacas leis an gcuireadh agus é i gceist agam freastal, don chéad uair le fada, ar Léachtaí Cholm Cille i Maigh Nuad. Chuireas romham sa léacht tuairisc shimplí a thabhairt ar an nGaeilge mar theanga Ind-Eorpach, mar theanga Cheilteach, mar theanga Goídhealgach, mar an tSean-, an Mheán-Ghaeilge, an Nua-Ghaeilge Mhoch, an Nua-Ghaeilge, agus ár gcanúintí. Thugas samplaí gléineacha de litríocht álainn i ngach cló den teanga lena a thaispeáint gur fiú breaceolas a chur ar aon ghné den teanga agus d’aon chanúint. Is dóigh liom gur éirigh liom. Bhí oíche i Buswell’s agam agus chaitheas maidean na Céadaoine arís sa Leabharlann Náisiúnta ag baint taitnimh as an taispeántas slachtmhar cuimsitheach de shaol agus de shaothar an Yéitsigh a bhí ansin. Tar éis lóin ansiúd sciob mo neacht, Íde Ní Dhomhnaill, síos go Maigh Nuad mé. B’é Féile Theachtaireacht An Aingil é agus bhí an tAifreann agam go príobháideach sa Séipéal Mór agus é sin cóirithe le stáitse mór os comhair na príomhaltóra do chuirm cheoil mhór an Domhnaigh. Tar éis an Aifrinn chaitheas tamall maith sa séipéal, ar dtús ag déanamh Turas na Croise agus ansin ag baint taitnimh as áille an tséipéil nua-chóirithe. Ghabhas amach ansin chun an chlabhstra. Thugas faoi deara go bhfuil gach reilig bheag ar gach altóir sa chlabhstra theas réabhtha agus fágtha gan taise. Réabadh reilige a thugas ar sin i ndán a chumas ar mo thuras. B’fhéidir go mbeidh sin i gcló in Irisleabhar 2009. Rud eile a chur as dom is ea go bhfuil na manaí áille a bhí ar na stuanna I gclabhstra theas an tséipéil faoi cheilt ag péint ghránna fós. Is cuimhin liom nuair a deineadh sin ar dtús.
An oíche sin d’éirigh liom freastal ar léacht bhreá ar Newman, cé gur bhraitheas nach raibh go leor ann faoina dhiagacht. Nárbh iontach an rud é, mar cheann ar an Ollscoil Chaitliceach, gur cheap sé Eoghan Ó Comhraí mar ollamh le Stair is Seandálaíocht. Ní baol go gcuimhneodh an Caidinéal Cullen ar a leithéid. Chomh fada agus is cuimhin liom níor chaitheas ach €138 a dhíol as mo cheithre lá i Maigh Nuad. Is leis na mic léinn i Halla Pugin a bhí mo bhéilí agam agus thug an fhoireann ansin agus na mic léinn cléireach agus tuata togha na haire dom agus tuigeadh do Mhiséal nár chóir dom díol as an mbia. Ar an Déardaoin bhí léacht den scoth i Halla Renehan ón gCeannfort Ging ar ‘Cúram na Sibhialach le linn Cogaidh’ ag tagairt go háirithe do ionsaí Iosrael ar Ghaza. Bhí an halla ag cur thar maoil ach mar is gnáth bhí cúpla suíochán sa chéad sraith folamh agus chuireas feoil ar cheann acu.
Bhuaileas leis an Dr. Seán Ó Caoimh agus dheineas comhghairdeas leis ar son a dhochtúireachta ar cheol eaglasta Uí Riada. Dúrt leis go raibh brón orm ná beinn i láthair ag an gcuirm cheoil ar an Domhnach. ‘Beidh cleachtadh iomlán againn ar a ceathair ar an Satharn agus tabharfad dhá thicéad duit.’ N’fhéadfainn diúltú d’ainneoin go gcaillfinn léacht nó dhó. Istoíche Dé hAoine thug Nioclás Ó Cearúlláin an chéad léacht de Léachtaí Cholm Cille XL ar ‘An tUrr. James Goodman (1828-1896): Fear eaglasta, Ceoltóir agus Bailitheoir Ceoil.’ Bhí Peter Browne i gcomhar leis agus sheinn sé foinn agus leaganacha ar leith Goodman mar a d’oir. Bhí an léacht lán de spiorad agus d’eolas agus spreag sé ceisteanna agus allagar. Bhí gnó eile againn ansin, dhá leabhar a sheoladh ó chló An Sagart-Ulidia : Dán agus Tallann 15 agus Sochtheangeolaíocht na Gaeilge: LCC XXXIX. Cuireadh an clár i gcrích le slacht ag Brian Ó Catháin agus a fhoireann an oíche sin agus lá arna mhárach. Go maithe Dia dom é ach chailleas an clabhsúr mar gur chuas go dtí an chuirm cheoil a bhí go spleodrach-Requiem Brahms agus Aifreann Schubert. Tháinig Íde arís isteach go Maigh Nuad le mé a thabhairt chun stáisiúin Heuston; thug bogaí breá mé chun mo shuíocháin. Agus thug an péintéir cáiliúil Tomáisín Ó Cíobháin ‘on Daingean mé ‘go mómharach.’
















