‘Tír Dé Féinig’ – Cuairt Ghearr ar Kerala
Séamas S. de Vál
Is é stát Kerala ar chósta iardheiscirt India an chuid is Críostaí den tír mhór sin, agus bhí sé d’ádh orm seachtain fhíorthaitneamhach a chaitheamh ann le déanaí. Comharsana béaldorais linn, is as an stát sin dóibh agus nuair a tharla iad sin a bheith sa bhaile ar saoire ó Éirinn, thug siad cuireadh dúinn teacht go hIndia agus tamaillín a chaitheamh ann.
Dé Domhnaigh, an t-ochtú lá de mhí Lúnasa 2010, d’fhágamar aerfort Átha Cliath ar eitleán mór de chuid chomhlacht Etihad ar ár mbealach ar an gcéad chuid den turas fada. Seacht n-uaire an chloig a thóg sé orainn aerfort Abu Dhabi a bhaint amach. Ar feadh na heitilte, tugadh béilí blasta dúinn, agus bhí deis againn féachaint ar scannáin, a raibh rogha leathan díobh ar fáil, ar scáileán beag a bhí os comhair gach taistealaí. Tar éis uair an chloig nó mar sin bhíomar ar eitleán eile ar an dara cuid den turas agus i gceann trí huaire an chloig bhíomar ar an talamh in aerfort Cochin. Mochmhaidin an Luain a bhí ann. Bhí ár gcairde ansin romhainn, Varghese Kozhikkadan agus a bhean Mercy. Níor thóg sé ach fiche nóiméad go rabhamar san óstlann a rabhamar le fanacht ann. Óstlann nua í nár osclaíodh ach deich mí ó shin – Hotel Elite Palazzo – agus, toisc séasúr na turasóireachta a bheith thart, muide amháin a bhí ag caitheamh na hoíche ann! Bhí sé a cúig a chlog ar maidin, am na háite, agus muid ag dul a chodladh. Tá ceithre huaire go leith de dhifríocht idir am na hÉireann agus an t-am i gKerala.
Ghlaoigh ár gcairde orainn timpeall a haondéag a chlog agus chuamar go dtí teach mháthair Mercy mar ar cuireadh béile os ár gcomhair. Tá an teach faoin tuath, turas cúig nóiméad i gcarr, tamaillín lasmuigh de bhaile mór Angamali, cathair a bhfuil idir tríocha agus daichead míle de dhaonra inti. Chuamar ag siulóid síos an bóthar go dtí bruach abhann, agus ar fud an ghairdín ina bhfuil crainn cnó cócó, crainn noitmige, crainn banana, agus a lán plandaí eile nach cuimhin liom a n-ainmneacha.
Féile Ónam
Ba thráthúil mar a thángamar an lá sin mar ba é sin an t-am a bhíonn féile mhór á comóradh sa tír sin. ‘Ónam’ a thugtar ar an gcomóradh seo, féile chianaosta í a bhfuil cruth Críostaí curtha air. Is é seo an ceiliúradh cultúrtha is mó i gKerala, Maireann sí ar feadh deich lá i Lúnasa/Meán Fómhair. Ré órga an Rí mhiotasaigh Mahabali a bhíonn á comóradh. Féile theaghlaigh atá ann, agus filleann daoine abaile ó gach aird sa stát ar ais go dtí a n-áit dhúchais lena aghaidh. Déantar an teach a mhaisiú agus bíonn béile ann, agus an mhuintir ag súil le cuairt ón rí. Ar nós na Stáisiún in iarthar na hÉireann, bíonn an paróiste roinnte i gcodanna, agus comórtar an fhéile i dteaghlach éigin sa cheantar ar a sheal ó bhliain go bliain. Bhí an ceiliúradh le bheith ar bun sa teaghlach áirithe seo an tráthnóna sin. Leagadh cathaoireacha amach i gclós an tí le haghaidh na gcomharsan a bheadh ag teacht le bheith páirteach sa searmanas. Ar maidin, bhí cúpla duine tar éis teacht agus uair an chloig a chaitheamh ag leagadh gréasáin álainn bláthanna ar an bpatio os comhair an tí.
Ar seacht a chlog dúradh an Choróin Mhuire agus ina dhiaidh sin bhí paidreacha, léamh an Bhíobla, agus seanmóir ón sagart paróiste, agus léadh tuarascálacha faoin gcomóradh deiridh – na himeachtaí go léir i dteanga dhúchais Kerala, Malayalam, – agus nuair a bhí deireadh leis an ngnó go léir, cuireadh mír chultúrtha den chlár ar siúl – scata cailíní ag rince agus ag casadh amhrán, buachaill gléasta mar rí, Mahabali Rí, ina shuí ar chathaoir ar feadh an ama, go dtí gur cuireadh críoch leis an gceiliúradh ar a naoi a chlog, agus tugadh béile sa teach don sagart, do chúpla bean rialta a bhí i láthair, agus do roinnt aíonna eile, muide ina measc.
Sliabh na Croise, Malayatúr
‘Tír Dé féinig’ a thugtar ar Kerala. De réir an traidisiúin, ba é Tomás Aspal a chraobhscaoil an Creideamh i dtosach agus tá an-deabhóid do Naomh Tomás sa tír. Creidtear gur tháinig an tAspal Tomás i dtír ag Kodungallúr sa bhliain 52 A.D., agus gur chaith sé fiche bliain ag seanmóireacht agus ag craobhscaoileadh an tSoiscéil, gur éirigh leis seacht gcinn de chomhluadair Chríostaí a bhunú sa limistéar sin tíre. Deirtear go raibh sé ag taisteal ó Kodungallúr go Madras trí fhoraois Malayatúr gur bhain sé barr an tsléibhe áirithe seo amach agus gur chaith sé tamall ag guí ann. De réir an scéil, rinne sé fíor na croise ar an gcarraig. Timpeall na bliana 600, chaith roinnt fiagaithe an oíche ar bharr an tsléibhe agus i rith na hoíche chonaic siad comhartha na croise agus dath an óir air. Nuair a bhuail siad an charraig lena gcuid arm, thosaigh fuil ag sileadh as an gcarraig. Scanraigh siad agus rith leo síos go dtí an gleann.
Nuair a chuala na daoine an scéal iontach, bhrostaigh a lán acu suas an sliabh chun an t-iontas a fheiceáil. Ó shin i leith, is áit oilithreachta é Kurisumudy (‘Sliabh na Croise’) i Malayatúr. An 4ú lá de Mheán Fómhair 1998 fógraíodh an áit ina Scrín oifigiúil de chuid na hArd-deoise, agus an 11ú lá de Feabhra 2004 rinne an Róimh Scrín Idirnáisiúnta Thomáis Aspal di, an t-aon scrín idirnáisiúnta san Áis. Tá séipéilín álainn agus cros órga ann tógtha san áit ina bhfacthas an chros órga ar an gcarraig. Tá an scrín seo suite 1,269 troigh os cionn leibhéal na farraige. Tugtar Sliabh Naomh Tomás ar an sliabh agus léitear an tAifreann ann gach uile mhaidin ar a leathuair tar éis a seacht, agus téann go leor oilithreach ag dreapadh an tsléibhe go rialta.
Creideamh follasach
Tá brainsí éagsúla den Eaglais Chríostaí ag feidhmiú i gKerala ón am ar tháinig scoilt eatarthu sa seachtú céad déag agus arís agus arís eile anuas tríd na céadta, cuid acu neamhspleách, cuid acu ina nEaglaisí Ceartchreidmheacha, agus tá dhá cheann aontaithe leis an Róimh, an Eaglais Chaitliceach Shíreach-Malankara, agus an Eaglais Chaitliceach Shíreach-Malabar. An cuid is mó de na Caitlicigh sa deoise ina rabhamar, baineann siad leis an Deasghnáth Síreach-Malabar, agus tá go leor leor séipéal álainn in Angamali agus sa cheantar máguaird. Tá eaglais shárálainn tógtha anois sa chathair, Baislic Naomh Seoirse, agus deirtear liom go bhfuil sí le bheith ina hardeaglais sa deoise ar ball. A lán de na séipéil eile, táthar á méadú nó á n-atógáil, mar bíonn siad lán go doras, ní hamháin le haghaidh Aifreann an Domhnaigh ach gach lá den tseachtain. Is tír an-Chaitliceach í Kerala, agus na daoine an-dúthrachtach i dtaobh a gCreidimh. Séipéal amháin dá rabhamar i láthair ag an Aifreann ann, bhí an séipéal plodaithe, fir agus mná agus roinnt páistí, agus an tAifreann á léamh ann i lár na seachtaine ar a leathuair tar éis a sé ar maidin! Tá scrínte le feiceáil go flúirseach, ar thaobh an bhóthair faoin tuath nó i lár cearnóige sna bailte móra, agus fiú sna gnáthshiopaí ar thaobh na sráide d’fheicfeá pictiúr den Chroí Rónaofa ar crochadh, nó bheadh a leithéid chéanna le feiceáil ar chúl veain nó leoraí! I rith an lae, i ngach séipéal, bíonn daoine ann agus iad ag guí go caondúthrachtach.
Vallarbodam agus Port Kochin
Bhí turais eagraithe ag ár gcara Varghese dúinn gach lá. Maidin Dé Luain is ar Port Kochin a thugamar aghaidh. Ar an mbealach ansin dúinn, thugamar cuairt ar Scrín cháiliúil Mhuire Vallarbodam: séipéal mór ann, agus clós fairsing os a chomhair amach a bhfuil fáinne foirgneamh ina thimpeall, fiche ceann díobh, agus fiche rúindiamhair an Phaidrín á léiriú iontu. Tar éis dúinn tamall a chaitheamh ansin, leanamar ar aghaidh go dtí Port Kochin. B’éigean dúinn dul trasna an uisce ar bhád farantóireachta, an saghas sin soithigh ar a dtógtar cairr, agus leoraithe agus inneal-róthair comh maith le daoine. Áit mhór tuarasóireachta an áit sin. Is ann atá na líontáin mhóra iascaigh curtha ar bhruach an uisce ag na Sínigh. Tá na líontáin nó na heangacha spréite ar shlata fada, íslítear iad san uisce le titim na hóiche agus ar maidin ardaítear as an uisce arís iad agus iad lán d’éisc. Ní bhíonn ar na hiascairí feidhm a bhaint as báid ar chor ar bith. Tá go leor seastán in aice na céibhe agus cuimhneacháin á ndíol acu – sliogáin mhóra mara ina measc.
Is ag Port Kochin atá Eaglais Naomh Proinsias, seanteampall a raibh droch-chaoi air san ochtú céad déag, ach dheisigh na Sasanaigh é agus rinne teampall Protastúnach de. Is san eaglais seo a cuireadh corp Vasco da Gama. Aistríodh an corp gur ath-adhlacadh é i mainistir i Liospón, ach tá an chéad thuama le feiceáil fós in Eaglais Naomh Proinsias. Tá pláta práis ar bhalla sa teampall seo ag comóradh chuairt Eilís II, Bainríon Shasana, ar an eaglais seo sa bhliain 1987!
Bean Rialta a dúnmharaíodh
Tamaillín de bhlianta ó shin dúnmharaíodh bean rialta óg, an tSiúr Rani Maria, nuair a bhris scata Muslamach isteach sa bhus ina raibh sí ag taisteal in éineacht le siúracha eile. Sháith duine de na fir leathchéad uair í agus fuair sí bás san ospidéal go luath ina dhiaidh sin. Mhaith muintir na siúrach a choir don dúnmharfóir agus is é deireadh an scéil é go ndearna an fear aithrí agus anois tá sé féin ag gabháil d’obair charthanachta agus leorghníomh á dhéanamh aige. Téann a lán daoine ar oilithreacht go dtí an clochar ina mbíodh an tSiúr Rani Maria ina cónaí agus tá iarsmalann ansin ina bhfuil a lán nithe ar taispeáint a bhain leis an tSiúr. Thugamar cuairt ar an áit sin agus muid ar ár mbealach go dtí Bharananganam, áit mhór oilithreachta mar is ansin atá corp Naomh Alphonsa.
Naomh Alphonsa
Rugadh Naomh Alphonsa i sráidbhaile ar a dtugtar Kudamalúr í an 19ú lá de Lúnasa sa bhliain 1910 agus Anna a hainm baiste, Thugtaí Annakutty – ‘Anna bheag’ – de ghnáth uirthi. Fuair a máthair bás nuair nach raibh Anna ach ina girseach agus ba í a haintín, deirfiúr na máthar, a thóg í, ach tugadh ar ais go dtí a baile féin í nuair a bhí sí in aois scoile. Ghlac sí a Céad Chomaoineach agus cuireadh faoi láimh easpaig í nuair a bhí seacht mbliana d’aois slán aici.
Nuair a bhí sí trí bliana déag d’aois bhí a hintinn socair ar bheith ina bean rialta ar nós an Bhláithín, Naomh Treasa le hÍosagán, ach ní aontódh a leasmháthair leis sin. Ba é a theastaigh uaithise go bpósfaí Anna le duine oiriúnach agus bhí go leor fear óg timpeall na háite a bheadh sásta í a bheith aige mar bhean chéile. Bhí gnóthaí pósta ag dul chun cinn faoi seo agus cheap Anna nach mbeadh dul as aici ach timpiste bheag a thitim amach di a d’fhágfadh máchail bheag uirthi agus go mbeadh col ag fear ar bith léi. In aice an tí bhí clais ina raibh cáith á dó. Sháith Anna a dhá cois isteach inti ach chuaigh a cosa rófhada síos sa chlais agus dódh iad go dona gur fágadh bacach í. Chuir sé sin deireadh le caint faoi phósadh. Bhí sí saor anois le mian a croí a bhaint amach agus nuair a bhí sí seacht mbliana déag d’aois chuaigh sí isteach i gClochar na gCláiríní Bochta ag Bharananganam. Ghlac sí aibíd an Oird i 1930 agus mhúin sí go ceann bliana i mbunscoil ag Vakakkad. Nuair a bhí a nóibhíseacht críochnaithe aici ghlac sí a buanmhóideanna an 12ú lá de mhí Lúnasa 1936. I rith na mblianta ina dhiaidh sin ba mhinic tinn í. Ní raibh sí riamh ar fónamh, dáiríre, agus d’fhulaing sí a lán pianta gan faoiseamh. Ghlac sí leis an bhfulaingt go foighneach agus dá dhéine na pianta ba láidre a grá do Dhia. Fuair sí bás an 28ú lá de mhí Iúil 1946. D’fhógair an Pápa Eoin Pól II ina Beannaithe í i 1986, agus ar an 12ú lá de Dheireadh Fómhair 2008 chanónaigh an Pápa Benedict XVI in naomh í. Naomphátrún na nEaslán is ea í, agus ceiliúrtar a féile ar an 28ú lá de mhí Iúil. An mhíorúilt a cuireadh ina leith agus ar ghlac an Vatacán léi le haghaidh a canónaithe, naíonán a raibh camreilge air: leigheasadh a chosa trí idirghuí Naomh Alphonsa. Tagann na sluaite go dtí Bharananganam le hómós a thabhairt don naomh, agus tá Caitlicigh Kerala an-bhródúil go deo aisti – an chéad naomh dá muintir a canónaíodh.
Bhíomarna ag Bharananganam ar an gCéadaoin. Tá séipéal breá mór ann agus foirgnimh eile, agus na tailte mórthimpeall leagtha amach go fíorálainn. Tá séipéilín tógtha mórthimpeall ar thuama Naomh Alphonsa agus bíonn na sluaite ag teacht ann agus ag guí. Nuair a bhíomar ann, bhí an-chuid réamhullmhúcháin ar siúl san áit le haghaidh Uachtarán India, Prathiba Patil, a bhí le cuairt a thabhairt ar an scrín lá arna mhárach. Nuair a tháinig sí, d’fhág sí bláthanna ar thuama an naoimh, agus labhair sí faoin gcaoi ar ghlac Naomh Alphonsa lena cuid pianta go foighneach agus go somheanmnach, agus thagair an tUachtarán freisin don chabhair a thugadh an naomh dóibh siúd a bhí ag fulaingt. Leag an tUachtarán bunchloch ionad nua cúraim do na heasláin, Ospís Naomh Alphonsa.
Gairdín Dúlra
Déardaoin tugadh muid go dtí páirc náisiúnta – tugtar Gairdín Dúlra ar an áit – sa cheantar ar a dtugtar ‘Bethania Resort’. Sa cheantar seo freisin, tá luslann ina bhfuil gach saghas luibheanna agus plandaí agus crann á gcaomhnú. Tá ceithre cinn is tríocha de na luslanna seo sa domhan ar fad, agus is in India atá dhá cheann díobh.
Is mórthaibhseach radharcra an limistéir seo – sléibhte arda, foraoiseacha báistí, agus abhainn mhór leathan ar a bhfuil easanna mór arda. Bíonn moncaithe go líonmhar san áit, iad ag léimrigh agus ag súgradh ar bharr na ngluaisteán a bhíonn páirceálta faoi na crainn, agus ag iarraidh blúire bia a fháil ó na daoine. Nuair a bhíomar ann, bhí foireann scannánaíochta ag obair ar bhruach na habhann agus slua mór daoine ag breathnú orthu.
Ag taisteal tríd an dúiche dúinn, chuamar thar fáschoillte fairsinge rubair, línte fada díreacha de na crainn arda rubair agus soitheach beag ceangailte de gach crann chun an sú a thagann as gearradh a dhéantar i gcoirt an chrainn, a chnuasach. Tionscal tábhachtach is ea tionscail an rubair sa tír.
Scrín Mhuire ag Chalakudy
Chaitheamar an chéad lá eile ag tabhairt cuairt ar shéipéil agus ar scrínte éagsúla. Tá scrín in onóir do Mhuire ag Chalakudy agus is anseo atá ‘An Talamh Naofa’ le feiceáil, sraith foirgneamh beag nó scrínte mórthimpeall agus radharc ón mBíobla léirithe le dealbha i ngach ceann acu – Maois ag bualadh na carraige i geann amháin, cuirim i gcás, agus radharcanna as saol agus páis Chríost ag an deireadh. Tá loch beag ann: is é sin Muir na Gailíle.
Ansin chuamar go dtí Sliabh Naomh Tomás i Malayatúr. Cnoc ard é seo agus é clúdaithe faoi choillte, ach, mar a luaigh mé cheana, léitear Aifreann gach maidin ar bharr an tsléibhe ar a leathuair tar éis a seacht agus téann a lán daoine ag dreapadh suas gach lá. Ní dheachamar go barr an tsléibhe! Tá struchtúr ansin ar a dtugtar Marthoma Mandapam (‘Áitreabh Naomh Thomás’). Ciallaíonn ‘mandapam’ áitreabh nó áit chónaithe. Tá dealbh mhór de Thomás Aspal ann. Tógadh í seo i gcuimhne ar Bhliain na Mílaoise, 2000. Os comhair an mandapan tá fiche céim i gcuimhne ar an scór blianta a chaith Naomh Tomás ag misinéireacht sa tír.
Ansin chuamar go dtí anaclann atá ann d’ainmhithe fiáine atá tinn nó gortaithe. Nuair a bhíonn na monsúin ann gortaítear a lán ainmhithe sna foraoiseacha agus go minic scartar na cinn óga óna máithreacha. Tarrtháltar iad seo ar fad agus coinnítear san anaclann seo iad. Tugtar aire aire dóibh agus cuirtear cóir leighis orthu go dtí go mbíonn siad ar a sainrith arís agus ansin scaoiltear saor amach arís iad. Chonaiceamar dhá chrogall óga, nathracha, a lán fianna, moncaithe de shaghasanna éagsúla agus mórchuid éan.
Dé Sathairn, an lá deireanach againn sa tír, thugamar cuairt ar Scrín an Linbh Íosa ag Kunnel, Alongad. Bunaíodh an séipéal san áit seo sa bhliain 1781. Bhí áit dheabhóide eile le feiceáil againn agus ba é sin Séipéal Naomh Antaine ag Chettikkad, áit a mbíonn paidreacha ar siúl ann gach Máirt in onóir don naomh. Tháinig sagart na háite amach chun cainte linn, agus thug pictiúir bheaga de Naomh Antaine dúinn. Ina dhiaidh sin thugamar aghaidh ar an bhfarraige, áit ar a dtugtar Trá Cherai. Ní gan dua a bhaineamar an áit amach mar tar éis dúinn roinnt mhaith mílte a chur dinn fuaireamar amach go raibh an bóthar á dheisiú agus b’éigean dúinn an timpeall a ghabháil, ach bhaineamar ceann scríbe amach faoi dheireadh. Chuaigh mé ag lapadáil i sáile na Mara Arabaí!
Séipéal iomráiteach eile ar thugamar cuairt air, is in áit ar a dtugtar Kanjúr atá sé suite, timpeall trí chiliméadar déag ó chathair Angamali. Tá sé seo ar cheann de na séipéil Chaitliceacha is suntasaí agus is seanda i gKerala. Tógadh i dtosach é sa bhliain 1001. Tá a lán freascónna daite ar na ballaí, agus meascán den ailtireacht Indiach agus d’ornáidíocht na Peirse agus d’ealaín na Portaingéile. Ina seasamh os comhair an tséipéil tá ard-chros atá snoite as aon chloch amháin. Tá cnuasach luachmhar lámhscríbhinní agus leabhar agus pictiúr san eaglais seo. Is do Naomh Sebastian atá an séipéal seo tiomnaithe agus tagann oilithrigh ann i rith na bliana, ach go háirithe i mí Eanáir ón deichiú lá go dtí an seachtú lá is fiche. Tagann na mílte duine de gach saghas creidimh ann chun lá fhéile an naoimh a cheiliúradh.
Nós atá ann i ngach áit, do bhróga a bhaint díot agus a fhágáil lasmuigh agus tú ag dul isteach i séipéal, nó fiú i dteach príobháideach. Is de mharmar nó de chloch eile shnasta a bhíonn an chuid is mó de na hurláir déanta, agus b’fhéidir gur chun na hurláir sin a chaomhnú a d’fhás an nós sin i dtosach báire, nó, ar an láimh eile de, d’fhéadfadh cúis níos bunúsaí ná sin a bheith leis, comhartha ómóis, b’fhéidir. B’in deireadh lenár gcuairt ghearr ar Kerala ach bhaineamar sárthaitneamh as an eachtra, a bhuíochas sin dár gcairde, Varghese agus a mhuintir. Faid ar a saol agus laethanta geala!