
Teadail (Title):Leabhar Aifrinn an Domhnaigh maille le hAifrinn Féiltí Móra agus Aifrinn ar leith ghnáis. 673 lgh.
Údar (Author): Eag. Pádraig Ó Fiannachta.
Clúdach (Cover): Crua (hardback)
Foilsitheoir (Publisher):An Sagart, An Díseart, An Daingean, An Dara Cló 2006
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €15
Tuairisc (Description): Tugtar anseo an téacs do gach Aifreann Domhnaigh agus Féile Fógartha, is é sin foirmle an Aifrinn agus liotúirge an Bhriathair i gcás Bliain A, B, agus C; tá sin i gceist le Cóir na dTráthanna, an tSeachtain Mhór (an téacs go léir), Tráth Saor na Bliana, Sollúntais ár dTiarna, Aifreann an Phósta, Aifreann na Marbh. [ Is ionann Bliain C agus bliain a bhfuil a huimhir inroinnte ar a 3 e.g. 2007; Bliain A ab ea 2008; Bliain B 2009; Bliain C 2010; Bliain A 2011 etc.] Deir an Cairdinéal Tomás Ó Fiaich ina theachtaireacht brolaigh: “Ní leor dúinn a bheith dílis dála ár sinsear, don Aifreann; caithfimid ullmhú dó agus machnamh faoi. Is féidir dúinn sin a dhéanamh níos áisiúla anois le cabhair an leabhair seo. Beidh fáilte ar leith roimhe ag pobal na Gaeltachta. Ach ta súil agam nach mbeidh aon teaghlach, á scoil , ná institiúid Chaitliceach gan é’.
|