
Teideal (Title): Scoláirí Léinn - Léachtaí Cholm Cille XXXV, 283 lgh
Eag (Ed.): Brian Ó Catháin
Uimhir ISSN (ISBS No): 0791 8658
Uimhir ISBN (ISBN No): 1 903896 26 8
Clúdach (Cover): Bog (Soft back)
Foilsitheoir(Publisher): An Sagart
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €10.00
Tuairisc (Description): Is beag aitheantas a fuair a lán de na mná sa tsraith iontach scoláirí ban a bhfuil cuntas ar a saol agus a saothar anseo. Más maith an t-ómós seo is mithid. Is iomaí mac léinn óg a bhain tairbhe le céad bliain díreach as A Text Book of Irish Literature i,ii le Eleanor Hull . Cá mbeidís siúd a mbeadh spéis á cur acu sa dán díreach gan Tadhg Dall ná Irish Syllabic Poetry le Eleanor Knott? Nach spriunlaithe míthuisceanach a pléadh leis an saothraí dícheallach Nessa Ní Shéaghdha a bhain an smúit de lámhscríbhinní Gaeilge na Leabharlainne Náisiunta! Mura mbeadh Cecile O'Rahilly bheimis ag brath fós ar Windisch d'eagrán cuíosach sasúil den Táin. Molaimis Cáit, Kathleen Mulchrone a bhain a cearta amach di féin agus doibh siúd dár buime í agus a chláraigh an oiread sin de lámhscríbhinní an Acadaimh. Fuair Máire Nic Néill an t-aitheantas a thuill sí as a saothar iomráiteach The Festival of Lughnasa. Is geall le scéal naoimh scéal Winifred Wulff a rinne an oiread sin, eagrán slachtmhar den téacs mór leighis Rosa Anglica agus fascúl X de chlár ARÉ, gan ach beagán dá saothar a foilsíodh a lua. Ansin lean sí uirthi go bás (1949) d'ainneoin easláinte agus caoiche agus an iliomad fadhb ag plé le saothar mór eile. Go n-éirí le húdar na léachta anseo uirthi gaisce eile a dhéanamh i réimse ár scríbhinní leighis. Cuireann an léacht anseo ar Dheirdre Uí Fhlannagáin in iúl dúinn a mhéid a chailleamar nuair a fuair an scoláire bríomhar seo bás chomh hóg.
|