blank an sagart blank
 
baile eolas nuacht leabhair .
Ranna blank an sagart  
Béaloideas
beathaisneis
Drámaíocht
Fillíocht
Irisí
Léirmheas & Stair na Litríochta
Prós
Sraitheanna Léannta
Spioradáltacht & Diagacht
Sean Stoc
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
blank
blank
Sraitheanna Léannta
Learned Series

Teideal (Title): Scoláirí Gaeilge - Léachtaí Cholm Cille XXVII ,
Eag (Ed.): Ruairí Ó hUiginn
Uimhir ISSN (ISBS No): 0791 8658
Uimhir ISBN (ISBN No): 1 870684 73 7
Clúdach (Cover): Bog (Soft back)
Foilsitheoir(Publisher): An Sagart 1997
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €10.00
Tuairisc (Description): Is alt breá ar an sárscoláire Seán Ó Donnabhái é seo anseo ag scoláire ar an múnla céanna, Nollaig Ó Muraíle. Cuireann sé i gcuimhne dúinn leis go bhfuil beathaisnéis fiúntach tuillte ag an Donnabhánach ar son a shaothair mhóir, a eagrán de Annála Ríoghachta Éireann, a litreacha atá lán d'eolas de gach sórt ar bheagnach Éire uile roimh an nGorta. Tugann Ruairí Ó hUiginn a cheart do Thomás Ó Máille (1880-1937), cainteoir dúchais Gaeilge agus scoláire ildánach, a phléigh lena lán gnéithe den teanga agus a ghabh páirt ghníomhach san athbheochan. Cuireann Tadhg Ó Dúshláine Bláithín os ár gcomhair chomh tuisceanach sin go bhfuil níos mó cumha ná riamh orainn nár éirigh leis an stair litríochta a chur amach sular theip ar a shláinte; is mór an ní go bhfuil a Chlár againn agus The Irish Tradition . Osborn Bergin a chinntigh go mbeadh Léann na Gaeilge ar chomhchéim cruinnis le léann na dteangacha saothraithe eile ach chuir an dúil seo sa chruinneas, is dócha, isteach ar a fhonn chun foilsitheoireachta; cuireann Seán Ua Súilleabháin an fear agus a shaothar inár láthair anseo. Dia beag agamsa Tomás Ó Rathile ó mo chéad bhliain ollscoile nuair a léas Irish Dialects. Is trua nár chloígh sé leis an nGaeilge agus na haistí a bhí mar bhunús leis an leabhar sin a scaoileadh chugainn in áit EIHM. Cuireann Diarmuid Ó Sé síos go beacht tar a shaol agus a shaothar anseo. Éinne a léifidh alt Kim McCone anseo ar Dháithí Ó hUaithne tuigfidh sé nó sí go raibh fathach inár measc nár aithnigh á lán   agus gur mór an ní go bhfuil oidhre fónta air.  

blank

 

 

 

 

 

 

 

 
  blank