blank an sagart blank
 
baile eolas nuacht leabhair .
Ranna blank an sagart  
Béaloideas
beathaisneis
Drámaíocht
Fillíocht
Irisí
Léirmheas & Stair na Litríochta
Prós
Sraitheanna Léannta
Spioradáltacht & Diagacht
Sean Stoc
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
blank
blank
Sraitheanna Léannta
Learned Series

Teideal (Title): An Clabhsúr
Eag (Ed): Pádraig Ó Fiannachta - 128 lgh
Uimhir ISBN (ISBN No): 1 903896 10 X
Uimhir ISSN (ISSN No): 1393 6034
Clúdach (Cover): Bog (Softback)
Foilsitheoir (Publisher): 2002 - An Sagart
Ceannach (Purchase Details):Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €8
Tuairisc (Description): Ceiliúradh éigse Chorca Dhuibhne in 1998,'09, 2000 ach níor foilsíodh uimhir ar leith den Iris d'aon bhliain díobhsan, ach an uimhir seo amháin ina n-áit. An Chaora an t-ábhar a bhí do '98. Thug an t-eagarthóir léacht 'An chaora' i dTeach Siamsa na Carraige ar 10a.m. Satharn na héigse agus gan thar leathdosaon i láthair. Tá áthas air go bhfuil a chaint i gcló anseo. I gcuimhne   Phádraig Feiritéar (1856-1924) a ceiliúradh éigse '99. Scoláire, béaloideasóir, scríbhneoir, ab ea Pádraig agus tá cnuasach mór dá láimhscríbhinní, gan a gclár foilsithe fós, i leabharlann Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath. Is ar a bhfuil d'eolas ansin ar Bhád na nGort Dubh sa chuid is mó atá an aiste bhreá ag an an Moins. Mícheál Ó Mainín atá i gcló anseo bunaithe. 'Coláiste Íde, na Ventrys agus Baile an Ghóilín' teideal éigse na bliana 2000. Mullins a bhí mar shloinne ar na Ventrys nuair a thánadar go Baile an Ghóilín ar dtús in 1660. Tugann Mícheál Ó Dúshláine a stair go hachomair in aiste sa leabhar seo, agus inseann cé mar a chuadar chun cinn nó go raibh timpeall 100,000 acra acu agus iad i mbarr a réime. Díoladh 93,000 acra le Coimisiún na Talún in 1914 ar £225,660. Aistríodh na tineontaithe go léir as an Slios timpeall lár an naoú haois déag, agus na hiascairí a bhí ansúd isteach go dtí An Cúilín sa Daingean níos déanaí. Athlonnaíodh feirmeoirí ar ais isteach sa Slios in 1927 agus osclaíodh Cúirt an tiarna mar Coláiste Ullmhúcháin do chailíní faoi riar Mhná Rialta na Trócaire an bhliain chéanna. Pléann Mícheál Ó Dubhshláine agus Pádraig Ó Siochrú leis an ábhar seo go léir in aistí an-spéisiúla san uimhir chlabhsúir seo..

blank

 

 

 

 

 

 

 

 
  blank