Leabhar Nua - New Book Release - 20/5/08
Teagmháil agus Tnúthán le Marie Whelton
Leabhar thathagach spreagúil é seo ar ghné agus theicníc ar leith filíochta, an ghné apostrófach, nó ghairmeach, atá tábhachtach i bhfilíocht na Gaeilge. Pléann an scoláire dícheallach an t-ábhar i gcomhthéacs na filíochta clasaicí, na reitrice clasaicí agus na dteoraicí liteartha comhaimsire.
Níos Mó Eolais (more information)
Leabhar Nua - New Book Release
Screadfaidh Na Clocha Amach - Micheál de Liostún
Tá an grásta agus an phian a ghabhann le beatha an tsagairt curtha inár láthair ina steillebheatha ag an bhfile, an t-uaigneas, an ghuí agus obair phrósúil na seachtaine, chomh maith leis an ngrá agus an sásamh a bhaineann sé as “bheith i láthair daoine”. Ní haon sagart balbh é Micheál de Liostún, mar is léir ó Fothram na . . . . . .
Níos Mó Eolais (more information)
Leabhar Nua - New Book Release
Leabhar Mhaidhc Dháith - Máirtín Verling
Tosaíonn an leabhar seo le beatha Mhíchíl Turraoin – Maidhc Dháith [1878-1966], Baile Churraoin, An Rinn, curtha le chéile go slachtmhar ag an eagarthóir, Máirtín Verling,beannacht Dé leis, a fuair bás agus an leabhar ag teacht ón gcló.Tá anseo leis ar bailíodh de sheanchas agus de bhéaloideas ó Mhaidhc ag bailitheoirí ainmniúla.
Níos Mó Eolais (more information)
Leabhar Nua - New Book Release
An tIrisleabhar Mhá Nuad 2007 - An Sagart
Seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2007 sa Díseart sa Daingean Dé Máirt 30 Deireadh Fómhair 2007. An comhairleoir Breandán Mac Gearailt a sheol, rud a rinne sé go líofa agus go tuisceanach. Tá an Irisleabhar ar an iris Ghaeilge is fadsaolaí.
Níos Mó Eolais (more information)
Leabhar Nua - New Book Release
Tobar an Dúchais - Pádraig Ó Héalaí agus Lochlainn Ó Tuairisg
Meascra béaloidis, a bailíodh i nóchaidí an chéid seo caite i gConamara na Gaillimhe agus i gCorca Dhuibhne Chiarraí, is ea Tobar an Dúchais. Faightear léargas ríspéisiúil ann ar ábhair mar: cothú an teaghlaigh. . . Níos Mó Eolais (more information)
|