.gif)
Teideal (Title): Leabhar Mhaidhc Dháith - Dan & Tallann 13
Údar (Author): Máirtín Verling
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-903896-32-0
Clúdach (Cover): Crua le dhá CD (Hardback with 2 cds)
Foilsitheoir (Publisher): 2007 - An Sagart
Ceannach (Purchase Details):Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €24.00
Tuairisc (Description):Tosaíonn an leabhar seo le beatha Mhíchíl Turraoin – Maidhc Dháith [1878-1966], Baile Churraoin, An Rinn, curtha le chéile go slachtmhar ag an eagarthóir, Máirtín Verling, beannacht Dé leis, a fuair bás agus an leabhar ag teacht ón gcló. Tá anseo leis ar bailíodh de sheanchas agus de bhéaloideas ó Mhaidhc ag bailitheoirí ainmiúla. Is iontach an saibhreas seanchais atá i gceist, seanchas faoi gach gné de shaol na tuaithe, istigh agus amuigh idir uirlis agus ithir, ainmhí agus éan. Tá seanchas farraige anseo chomh maith le seanchas tire. Tá breis faoin duine – baill an choirp, meon aigne, creideamh, piseoga agus draíocht. Tá ‘Seanchas Stairiúil’ ann chomh maith.
Seanchaí seachas scéalaí ab ea Maidhc cé go bhfuil beagán seanscéalta agus scéalta teagaisc againn uaidh. Tá punann mhaith d’amhráin anseo – caointe, rannscéalta, grinnscéalta, agus amhráin a chum sé féin. Ní fhágtar caitheamh aimsire, caitheamh aimsire leanaí go háirithe, as an áireamh. Tá foroinn clabhsúir anseo ‘seanchas pearsanta’ ach is é fírinne an scéil é go bhfuil an toise phearsanta ar fud an bhaill, gné a chuireann beogacht ar leith san iomlán.
Seachas croí an ábhair tá aithinsintí, nótaí, inneácsanna daoine agus áiteanna. Mar mhaise ar leith tá ‘Foclóir Mhaidhc Dháith’ a dhíríonn ar shaibhreas ar leith a theanga. Tá a bhfuil de chaint shoiléir Mhaidhc ar taifead, i dhá dhlúthdhiosca atá ag gabháil leis an leabhar. Is mór an chomaoin atá curtha ag Máirtín Verling ar léann na Gaeilge, léann Gaeilge na Rinne, go háirithe agus ar shaothrú an bhéaloidis leis an leabhar ollmhór [708 leathanach] scolárata seo. Beifear ag tagairt dó go minic mar fhoinse eolais ar an Rinn, a cultúr, a saol agus a canúint ar leith Gaeilge.
|