
Teideal (Title): Irisleabhar Mhá Nuad . . . Údar (Ed): Pádraig Ó Fiannachta
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-903896-38-x
Clúdach (Cover): Bog (Softback)
Foilsitheoir (Publisher): 2007 - An Sagart
Ceannach (Purchase Details):Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €12.00
Tuairisc (Description): Seoladh Irisleabhar Mhá Nuad 2007 sa Díseart sa Daingean Dé Máirt 30 Deireadh Fómhair 2007. An comhairleoir Breandán Mac Gearailt a sheol, rud a rinne sé go líofa agus go tuisceanach. Tá an tIrisleabhar ar an iris Ghaeilge is fadsaolaí. Téann a phréamhacha siar go deireadh an naoú haois déag. Pléann sé an Ghaeilge agus cultúr na hEireann ó thaobh litríochta agus staire; bíonn béim ar leith ar a mbaineann leis an Eaglais agus leis an gcléir, ach claonadh le déanaí i leith an phobail i gcoitinne mar go bhfuil ceangal idir é agus Ollscoil na hEireann Má Nuad.
Tá aistí den scoth á soláthar ag Eoghan Ó hAnnracháin ar shaol na nGéanna Fiáine sa Fhrainc, ar mar a chaith na húdaráis leis na saighdiúirí a leonadh i gcathanna nó a bhí dulta in aois, ar a mná agus a gclann. San uimhir seo san aiste ‘Dílseacht don Chreideamh ag Éireannaigh i bhFrainc an 18ú haois’ baineann sé feidhm as scéal Chlann Mhic Cochláin ó Uibh Fhailí chun an dílseacht seo a léiriú. Tolle lege. Leanann Pádraig Ó Fiannachta air anseo lena chúigiú dhréacht dá Chuimhní Cinn; faoin am go ndúnann sé an dréacht seo, tá sé ceaptha ina shagart cúnta i bPwllheli i gCuimrí [Cymru].
Cloisfear níos mó ó údar na chéad aiste eile, Marie Whelton, aiste thráthúil, léamh apastrófach ar an dán iomráiteach ‘Dia do bheatha, a naoidhe naoimh’ le hAodh Mac Aingil. Leanann ‘Naoimh Chanóin an Aifrinn’ le Séamas S. de Vál, agus athchló ar ‘Léigiúin Mhuire’ leis an Athair Donnchadh Ó Floinn a chaith an oiread sin dá dhúthracht leis an Léigiúin i mblianta deiridh a shaoil. Dúntar an t-imleabhar le cur síos ag Pádraig Ó Fiannachta ar an ‘Oilithreacht ón Daingean go Santiago de Compostella’ ina raibh sé féin páirteach. Tá raidhse grianghrafanna agus fótóchóipeanna ag gabháil le cuid de na haistí. Tá cabhair ó Bhord na Leabhar Gaeilge á chinntiú gur féidir an tIrisleabhar greanta seo a cheannach ar €12.
|