
Teideal (Title): Dán agus Tallann 2 -Téamaí Taighde Nua - Ghaeilge
Údar (Author): Pádraig Breatnach
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-870684-70-2
Uimhir ISSN (ISSN No): 0791-3583
Clúdach (Cover): Crua (Hardback)
Foilsitheoir(Publisher): An Sagart 1997
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €24.00
Tuairisc (Description): Cúig caibidil atá sa leabhar greanta seo leis an scoláire Pádraig A. Breatnach. Pléann na chéad cheithre cinn leis Nua-Ghaeilge Mhoch, na chéad trí cinn leis an fhilíocht chlasacach agus an ceathrú ceann, ‘Scríbhneoirí Gaeilge i Lobháin i dtús an seachtú céad déag’ le idir phrós agus fhilíocht. Tá ceannródaíocht i gceist maidir leis an tslí a phléitear leis an fhilíocht chlasacach sna haistí seo ‘Traidisiún na hAithrise Liteartha’, ‘Meafair san Fhilíocht Adhmholtach’, agus ‘Moladh na Féile’. Bhí faillí á déanamh sa léirmheastóireacht liteartha ar an dán díreach roimhe seo ach tá sin á chur ina cheart anois. Taispeántar san aiste dheireanach a bhaineann leis an ochtú haois déag an leanúnachas téamaí ón dara haois déag go dtí an t-ochtú haois déag. Is léir chomh maith go bhfuil gá leis an ndiantaighdeadh céanna, an gcruinneas, agus leis an dtóir ar na foinsí lámhscríbhinne i gcás an amhráin agus atá i gcás an dáin dírigh—agus gur gá an béaloideas a chur san áireamh go minic i gcás an amhráin.
|