
Teideal (Title): Léas Eile Ar Ár Litríocht
Údar (Author): Pádraig Ó Fiannachta
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart, Maigh Nuad, 1982.
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Tuairisc (Description): Pléitear a lán de ghnéithe agus de théacsanna ár litríochta sa dara sraith seo de léachtaí ócáidiúla a thug an t-údar. Ní leabhar trom léannta é seo dá réir sin ach leabhar a d’oirfeadh do mhac léinn óg agus d’aon duine gur mhian leis nó léi eolas breise a chur ar chuid dár dtraidisiún fada de mhíle go leith scríbhneoireachta agus litríochta i Laidin, agus i nGaeilge de gach aois agus chanúint. Ós iad litreacha Naomh Pádraig na scríbhinní is luaithe a tháinig slán chugainn tá cur síos gairid orthu in ‘Naoimh agus Filí Laidine 5ú-9ú hAois’. Dán mór fada nár tháinig ach timpeall a leath de slán chugainn ón ochtú haois atá i gceist le ‘Filíocht Bhlathmhaic’. Tá breis spáis tugtha do fhilí an amhráin, na Muimhnigh go háirithe. Dúnann an leabhar le haiste ag spreagadh scríbhneoirí óga chun pinn.
|