
Teideal (Title):Máirtín Ó Direáin: File Tréadúil. 122 lgh.
Údar (Author): Liam Prút
Clúdach (Cover): Bog (Softback)
Foilsitheoir (Publisher):An Sagart, Maigh Nuad, 1982
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €5.00
Tuairisc (Description): Tá léirmheas tomhaiste á dhéanamh anseo ar thrí chéad dán de chuid Mháirtín Uí Dhireáin ag léirmheastóir cáiréiseach géarchúiseach. B’fhéidir a rá go ndéanann sé amhlaidh faoi threoir an tréadachais mar a chuirtear in iúl sa bhfotheideal, agus faoi threoir na moráltachta mar is léir ó theidil na gceithre chaibideal a leanann an Réamhrá—‘Ó Mórna agus an Dímhoráltacht’, ‘Moráltacht Phearsanta’, ‘Moráltacht Shóisialta’, agus ‘Moráltacht Lánúnach’. Ritheann leis an dá shnáth a fhí go tuisceanach le chéile. Is í Árainn, a oileán séin, a Shicil mar a bhí ag Theocritus, agus Baile Átha Cliath a Chathair Alastair. San am céanna ní bhfaigheann sé Árainn gan locht, agus tá a comaoin féin á bronnadh ag an mhórchathair d’ainneoin a locht ar fhear Árann atá réidh chuici. An té a léifidh an leabhar seo go socair smaointeach bainfidh sé breis taitnimh as fílíocht an Direánaigh agus beidh breis tuisceanna aige ar scóp na nuafhilíochta sa Ghaeilge.
|