
Teideil (Title): Feis 132 lgh le léaráidí
Údar (Author): Nuala Ní Dhomhnaill
Uimhir ISBN (ISBN No): 1 870684 21 4
Clúdach (Cover): Crua (Hardback)
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart, Maigh Nuad, 1991
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €15.00
Tuairisc (Description): Bailiúchán filíochta curtha i láthair ina chúig chantó iltéadach. Tá bonn síceolach agus culaith bhéaloidis ar a bhformhór. ‘Cailleach’ is teideal don chéad cheann, agus tá dán ann faoin ainm céanna. Sa dán sin, a thosnaíonn ‘Taibhríodh dom gur mé an talamh/gur mé paróiste Fionntrá/ ar a fhaid is ar a leithead.’ Ach is trí líonrith a hiníne ar Thráigh Fionntrá nuair a samhlaíodh di ‘go raibh na cnoic ag bogadaíl/ gur fathach mná a bhí ag luascadh a cíocha/ is go n-éireodh sí aniar is mise d’íosfadh,’ a fhaighimid an tuiscint is gléine ar an gcailleach. Tá tnúthán an ghrá curtha in iúl go rábach sa chantó ‘An leannán Sí’ ach an iomaí duine a dhéanfaidh léamh faoistineach ar ‘An Bhean Mhídhílis’ ? Tá trí chéim i Feis: iomramh, feis agus toircheas. An Bhreasaíl an téama béaloidis anseo agus é i gcontrapointe leis an mBlascaod. Ní fiú an dán Feis a dhá theideal, ach is ilghnéitheach é an toircheas. Tá dánta áille sa chantó deiridh. Is iontach mar a nasctar an béaloideas glan, na radharcanna sciamhacha agus aigne an linbh sa dán fada ‘Loch a’ Dúin.’
|