
Teideal (Title): An Dhá Shaol 95 lgh.
Údar (Author): Pádraig Ó Fiannachta
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-903896-24-x
Clúdach (Cover): Bog (Softback)
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart, Maigh Nuad, 2004.
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €6.00
Tuairisc (Description): Sna dánta seo tá an t-údar ag faoileáil idir an dá shaol, an saol seo agus an saol eile. Níl dar leis baint ag am ná láthair leis an tsíoraíocht agus is ar an tuiscint sin gur féidir leis Íosagán a fheiscint ag bailiú sliogán ar Bhéal Bán Fionntrá nó á chur a chodladh sa Nead i gCathair An Treantaigh. Tá dhá shaol eile i gceist aige sa chnuasach seo agus iad léirithe i saorfhilíocht na linne seo agus i bhfilíocht aiceanta, nó in amhrán na nglún a d’imigh romhainn. Creideann sé go bhfuil a lán le foghlaim ag an nglúin seo ón sórt sin cumadóireachta ó thaobh cainte agus rithime agus sondais.
|