Bunaíodh an iris ráthúil An Sagart in 1957. Tá sé ar marthain fós. Nuair a bhí deacracht againn le foilsiú leabhar bheartaíomar córas foilsitheoireachta neamhspleách a bhunú faoi iomphrionta An Sagart. Mise Agaistín leagan de Fhaoistiní Naomh Agaistín le Seoirse Mac Thomáis agus Pádraig Ó Fiannachta an chéad leabhar a fhoilsíomar, in 1967. Ó shin i leith tá trí chéad leabhar foilsithe againn. Baineann a bhformhór le Coláiste Phádraig Maigh Nuad agus le hOllscoil na hÉireann Má Nuad, e.g. Clár Lsí Gaeilge Mhaigh Nuad i – viii, Léachtaí Cholm Cille i – xxxviii, Irishleabhar Mhá Nuad – 2007, Dán agus Tallann [sraith] 1-11, leabhair ar ghramadach, ar stair agus ar chritic ár dteanga agus ár litríochta e.g. Promhadh Pinn le Cathal Ó Háinle, Léas agus Léas Eile ar ár Litríocht le Pádraig Ó Fiannachta. D’fhoilsíomar sraith léannta i mBéarla ar feadh tamaill Maynooth Monographs ina raibh Pagan, Past and Christian Present in Early Irish Literature agus The Early Irish Verb le Kim McCone agus A Guide to Ogam le Damian McManus.
Maidir le diagacht, d’fhoilsíomar a lán de leabhair an Bhíobla leo féin nó i gcnuasachtaí e.g. Na Leabhair Staire i, ii. An Bíobla Naofa, [i CD freisin]. Diagacht an Phobail i, ii. Gairdín an Anama, An Leabhar Aifrinn, Leabhar Aifrinn an Phobail.
Níor dheineamar faillí sa nualitríocht. D’fhoilsíomar Féar Suaithiseach, Feis, agus Cead Aighnis le Nuala Ní Dhomhnaill, Fé Bhrat Bhríde le Bríd Ní Mhóráin, Screadfaidh na Clocha Amach le Míchéal de Liostún, Ar Seachrán le Tomás O Cinnéide. Taispeánann Tobar an Dúchais le hÓ Héalaí agus Ó Tuairisc agus Leabhar Mhaidhc Dháith le Máirtín Verling, ár meas ar an mbéaloideas.
Tá leabhair spéisiúla sa chló againn agus tá fáilte againn roimh leabhair, aistí agus litríocht chruthaitheach a chuirfí faoinár mbráid le foilsiú ach iad a bheith ar fáil go leictreonach agus i bhfoirm chrua.

|