
Teideal (Title): Dramaí Eoghain Uí Thuairisc 158 lgh.
Údar (Author): Martin Nugent
Clúdach (Cover): Bog (Softback)
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart, Maigh Nuad, 1984.
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €10.00
Tuairisc (Description): Tugtar cur síos ar bheatha Eoghain Uí Thuairisc is ar a shaothar liteartha eile ar dtús, agus ansin dírítear isteach ar a dhrámaí. Feictear go bhfuil difríocht shoiléir idir na céad cheithre cinn a scríobhadh síos go 1962 agus na ceithre cinn a lean iad. Stíl choin-bhinseanta atá sna cinn luatha faoi thionchar teoiricí Arastatail go háirithe. Níor bhac Eoghan le dráma ansin go 1974 agus nuair a fhill sé ar an seánra bhí sé ar athrú treo le An Hairyfella in Ifreann. Sampla cruthanta de dhráma na háiféise is ea Aisling Mhic Airteáin de réir údair an leabhair seo. Ach tá casadh eile aige i Carolan atá bunaithe ar an stair. Is i Fornocht do Chonac is soiléire é ag cumasc ábhair dhomhain le stíl chasta. Tugann an t-údar seo a cheart mar dhrámadóir d’Eoghan Ó Tuairisc a sciobadh uainn i mbláth a mhaitheasa.
|