
Teideal (Title): Pádraig Ó Fiannachta
Údar (Author): Risteárd Ó Glaisne
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-870684-64-8
Clúdach (Cover): Crua (Hardback)
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart 1996
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €20.00
Tuairisc (Description): Beathaisnéis an-iomlán ar Phádraig Ó Fiannachta a rugadh i mBaile Móir, Fionntrá, An Daingean, Co. Chiarraí i 1927. Tugtar cur síos ar a mhuintir, a oideachas sa bhunscoil i mBaile an Ghóilín, sa mheánsoil i gColáiste Bhréanainn Cill Airne, agus san Ollscoil i gColáiste Phádraig Maigh Nuad mar a ndearna sé an Léann Ceilteach le comhairle ón Athair Donnchadh Ó Floinn agus ón Athair Tadhg Ó Murchú. Toisc gur ghnóthaigh sé Scoláireacht Tigh an Ard-Mhéara chuaigh sé ar aghaidh ag ullmhú do Scoláireacht Taistil agus é ag déanamh cúrsa onóracha sa diagacht chomh maith. Chaith sé an samhradh ag foghlaim na Breatnaise agus é ag obair ar fheirm i gCoimrí. Bhris ar a shláinte; chaith sé bliain i gColáiste Ollscoile Chorcaí mar a bhfuair sé in am trátha MA agus ATO. Ach ní ghlacfadh an deoise ar ais é. Ina dhiaidh sin bhí sé bliana aige i gCoimrí mar shagart; 34 bliain i Maigh Nuad mar ollamh sa Léann Ceilteach 23 bliain agus sa Nua-Ghaeilge 11 bliain. Shaothraigh sé ar DIL san Acadamh ó 1960 gur críochnaíodh é sin i 1974; fuair ballraíocht san Acadamh i 1967; chláraigh sé Lsí Gaeilge Mhaigh Nuad i 7 iml. Thaisteal agus thug cuntas ar a thurasanna ar an Rúis, Kenya, an Nigéir etc.; d'aistrigh agus d'fhoilsigh An Leabhar Aifrinn, d'eagraigh agus d'fhoilsigh An Bíobla Naofa. Tá fós ina bhainisteoir ar thionscnamh foilsithe An Sagart. Chaith Maigh Nuad a fhágaint nuair a shroich 65; bronnadh Stair na Gaeilge mar Fhéilscríbhinn air; ina shagart paróiste sa Daingean 1993-2007; bhunaigh An Díseart i 1996 agus tá fós ina chathaoirleach ar a Bhord; ag cumadh filíochta le daichead bliain. Tá páirteach i nGlór na nGael ó bunaíodh é agus i gCumann na Sagart ó d'fhill sé ar Éirinn. Tá na daitheacha ag cur as dó anois.
|