
Teideal (Title): Eoghan Ó Comhraí - Saol Agus Saothar (Ómós do Eoghan Ó Comhraí). 184 lgh.
Eag. (Editor): Pádraig Ó Fiannachta
ISBN: 1 870684 57 5.
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart, An Daingean, 1995.
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Costas (Price): €15.00
Tuairisc (Description): Ba as
Comóradh Eoghain Uí Chomhraí ina dhúiche dhúchais, 27-11- 1994, a d’eascair an leabhar seo. Seachas Aitheasc an Aifreann Chomórtha, tá deich gcinn d’altanna breátha inléite anseo, ina measc léacht leis an Ollamh Breandán Ó Madagáin agus leis an Dr. Tadhg Ó Dúshláine. Scríobhann Eilís Ní Dheá ar “ár nOidhreacht Lámhscríbhinní…ón gCeantar Máguaird” agus tugann an t-eagarthóir cur síos ar lámhscríbhinn “atá i seilbh an Athar Pádraig Ó Colgáin, sagart paróiste Charraig an Chabhaltaigh”. Nochtann Pádraig Ó Riain dúinn a thábhachtaí a bhí Lectures on the Manuscript Materials of Ancient Irish History. Pléann Ríonach Uí Ógáin le gnéithe de cheol Mhaigh Fhearta agus cuireann L. P. Ó Murchú eagar slachtmhar ar dhán staire le hEoghan Ó Comhraí. Tá eolas nua san alt le hArt Ó Maolfabhail ar a bhaint leis an tSuirbhéireacht Ordanáis. Is maith mar a chuireann Mainchín Seoighe síos ar bhunú Choláiste Uí Chomhraí, cuimhniúchán buan ar an té a dtugann Pádraig Ó Riain a thuairisc sa chéad alt anseo “Saol agus Saothar Eoghain.”
|