blank an sagart blank
 
baile eolas nuacht leabhair .
Ranna blank an sagart  
Béaloideas
beathaisneis
Drámaíocht
Fillíocht
Irisí
Léirmheas & Stair na Litríochta
Prós
Sraitheanna Léannta
Spioradáltacht & Diagacht
Sean Stoc
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
blank
blank
Beathaisnéis
Biography

Teideal (Title):Donnchadh Ó Laoghaire
Údar (Author): Séamas S de. Vál
Uimhir ISBN (ISBN No): 1-870684-77-X
Foilsitheoir (Publisher): An Sagart
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS: breis eolais cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)

Tuairisc (Description): Saol agus saothar Dhonnchadha Uí Laoghaire (1877-1944) ó Dhoire an Chuilinn, Cúil Aodha, scríofa go cruinn beacht ag an Athair Séamas S. de Vál, a bhí ina dhalta meánscoile aige i gColáiste Pheadair, Loch Garman, atá anseo. Bhí taithí saoil iontach ag Donnchadh; i dtús a shaoil bhí Gaeilge ina thimpeall ach ar scoil. Chaith sé blianta ina thimire Gaeilge agus tá go leor cáipéisí dá chuid ag cur síos ar a obair ar fuaid iarthar Mumhan ar fáil fós sa Leabharlann Náisiúnta agus tá sleachta as go leor díobh anseo, chomh maith hiarrachtaí filíochta agus próis nár cuireadh i gcló. Tá go leor dá fhilíocht,dá phrós, dá aistriúcháin i gcló chomh maith. Nuair a tuigeadh dó go mba cheart dó gairm bheatha agus slí bheatha a ghabháil chuige, d'imigh sé leis 'on Fhrainc le cáilíocht a bhaint amach. D'éirigh leis faoi cheann bliana; abhaile leis agus phós a ghrá geal. Chaith sé as sin amach nó gur scor sé in aois 65 ag teagasc na Fraincise, na Gaeilge agus ábhair eile ar uairibh. I gColáiste Pheadair a chaith sé na blianta deireanacha dá shaol mar oide. Bhí sé gníomhach i gConradh na Gaeilge, ag teagasc, ag reachtáil imeachtaí, ag scríobh; bhí sé tugtha don cheol, chum sé amhráin, bhí an-chion aige ar an gcruit...Sea caithfidh tú an leabhar aoibhinn seo a léamh!


blank

 

 

 

 

 

 

 

 
  blank