
Teideal (Title): An Sléibhteánach
Údar (Author): Séamas Ó Caoimh
Foilsitheoir(Publisher): An Sagart
Ceannach (Purchase Details): Ar an mórgóir ó ÁIS breis eolais: cuir glaoch ar ÁIS +353 (0)1 6616522 nó an Sagart +353 (0)66 9150000. (Can be purchased wholesale from ÁIS +353 (0)1 6616522 or contact an Sagart for more details +353 (0)66 9150000.)
Tuairisc (Description): Scéal spéisiúil ann féin atá inste sa Bhrolach, cé mar a tháinig an leabhar seo a bheith againn. Is spéisiúla fós ar ndóigh an scéal atá á insint ann. Inseann Séamas Ó Caoimh ó Ghleann na Faille i gcóngar mhainistir Mhellerí scéal a bheatha mar bhuachaill óg ansiúd agus an Ghaeilge go buacach ina thimpeall agus an seanchas ar lic an tinteáin aige. Tugann sé cur síos ar a obair leis na manaigh dhícheallacha ag tabhairt an tsleibhe chun míntíreachais. Chuaigh sé go Sasana tamall ach nuair a tuigeadh dó go rabhthas ar a thóir lena chur in arm Shasana le dul chun troda i bhFlóndras theich sé abhaile. Nuair a bhraith sé go raibh an tóir air ansiúd sciob na manaigh leo go Mainistir Iósaif Ros Cré é. Ghabh sé leis na hÓglaigh ansiúd agus bhí monarcha beag lón cogaidh aige i gclós na feirme agus bhí ar a chumas an lón sin a riar mar a mbíodh sé ag teastáil agus sin a dhéanamh faoi shrón na bpóilíní. Nuair a fógraíodh an sos comhraic i mí Iúil 1921 bheartaigh na hÓglaigh an mhonarcha bheag a aistriú go láthair eile agus an cúram a chur ar an oifigeach ceannais, Pádraig Ó Maolchatha. Sara dúnann Séamas a scéal le guí ná raibh gann do na mairbh, deir sé: “Ní raibh aon bhaint agamsa leis an gCogadh Cathardha agus budh í an scian tríd an gcroí liom mo sheanchomrádaithe a dh’fheiscint ag marú a chéile.” Tá stíl bhríomhar, togha na Gaeilge, scéal eachtrúil, agus anlann seanchais sa Sléibhteánach.
|